2014-09-12

Kate Bush: Gafa i nGaffa

Amuigh sa ghairdín
Tá leath de na flaithis,
Ag cluanaíocht atáimid.
Ní lucht briste trí fhallaí sinn.


Tá sé ráite
Déan é a chruthú
Go bhfuil sé ar siúl
Nó caill an t-iomlán.

Seifteoidh sé slí
Slí éigin chun éalú as.
Leithscéal í siúd
Finné a labharfaidh nuair ‘ghlaofar air.


Tá sé ráite
Déan é a chruthú
Go bhfuil sé ar siúl
Nó caill an t-iomlán.
Nó caill an t-iomlán.

“Fuaireas spléachadh ar dhia, ag lonrú go glé.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa?

Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.

Ag teacht ina ghaor dom
Is léir is is baolach
Rud éigin mar bhac orm sa tslí
Clár adhmaid im shúil é

Agus camall
Ag iarraidh imeacht tríd
Mé á dhéanamh?
An t-iomlán le do thoil.

Bainim an clár, mé á rá:
“Buíochas as mé 'tharraing siar
’Dtí an fhíric sin
Go n-imíonn gach aon rud fiar.”

Is deacair gan dabht
A rá bhfuil sé déanta i gceart.
An liom an t-iomlán?
An t-iomlán le do thoil?
Ní linn an t-iomlán.

“Tá brionglóid ag cách … b’fhéidir.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa? Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.


Ní osclóidh mé boscaí
Má tá siad orm coiscthe
Ní mise Pandóra
Ach mé ar nós

Í siúd ‘’tá sa scáthán.
Is eadrainn féin
Níl seans in Éirinn aici dul chun cinn ar bith ’dhéanamh.
Seans ar bith in Éirinn.
Seans – in Éirinn.
Ní léi an t-iomlán.

“’Mháithrín, cá bhfuil na haingil? Is scanrúil gach athrú.”

Go tobann de chré iad mo dhá chos
Gach aon ní sló-mó
Cad is brí leis na deora
An bhfuil mé gafa i nGaffa?
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Nuair a bheidh mé ullamh duit beidh
Agam an t-iomlán.