2014-12-08

Bhíos tugtha don léann




le Yoka Genkaku (Yongjia Xuanjue) (665 - 713)

Bhíos tugtha don léann ó bhíos im gharsún,
Ní raibh véarsa de na scrioptúir nár scrúdaíos go géar,
Téarmaí agus foirmeacha agam á rangú beag beann ar thraochadh.
Isteach liom san fharraige chun gráinní gainimhe a chomhaireamh -
Saothar in aisce. Ansin thug an Tathagata, an Búda, thug sé amach dom 

Go séimh nuair a léas: "Cad is fiú ciste na gcomharsan a chomhaireamh?"
Saothar scaipthe gan mhaith ab ea gach rud go dtí sin!
Dusta á shéideadh ag an ngaoth a bhí ionam leis na blianta.