2014-01-31

Saoraistriúchán ar shuantraí

The suantraí, lullaby or sleep music, is one of the main categories of old Irish music, the other two being geantraí (lively music, often promoting laughter and merriment) and goltraí (slow, sorrowful music, laments and keens). Deirín Dé is one of the loveliest songs in the suntraí mode, freely translated here.

DEIRÍN DÉ


Deirín dé, deirín dé,
Tá an gabhairín oíche amuigh san bhfraoch.
Deirín dé, deirín dé,
Tá an bonnán donn ag labhairt san bhféith.

Deirín dé, deirín dé,
Gheobhaidh ba siar le héirí an lae,
Deirín dé, deirín dé,
Is raghaidh mo leanbh á bhfeighilt ar féar.

Deirín dé, deirín dé,
Éireoidh gealach is raghaidh grian fé,
Deirín dé, deirín dé,
Tiocfaidh ba aniar le deireadh an lae.

Deirín dé, deirín dé,
Ligfead mo leanbh ag piocadh sméar,
Deirín dé, deirín dé –
Ach codail go sámh go fáinne an lae!

DEIRÍN DÉ


Deirín dé, deirín dé
The nightjar calling from the heather
Deirín dé, deirín dé
The bittern booms in all sorts of weather

Deirín dé, deirín dé
Cows go west at dawn’s first light
Deirín dé, deirín dé
My child won’t let them out of his sight

Deirín dé, deirín dé
The moon will rise, the sun go down
Deirín dé, deirín dé,
Cows come home, speckled and brown

Deirín dé, deirín dé
Blackberries from the bushes peep!
Deirín dé, deirín dé
But first, my darling, go to sleep.

Ar an lá seo, 31 Eanáir,

Ar an lá seo, 31 Eanáir, 1949, rugadh Ken Wilber
“Is é firinne an scéil ná go mairimid i ndomhan coimhlintí agus contrárthachtaí mar go mairimid i ndomhan teorainneacha. Toisc gur líne chatha, leis, í gach líne teorann, sin an áit a bhfuil an duine san fhaopach: dá dhaingne iad na teorainneacha is ea is measa iad na cathanna. Dá mhéid a chloímse le pléisiúr is ea is mó m’eagla, dá réir sin, roimh phian. Dá mhéid a théim sa tóir ar an maitheas, is ea is mó atáim síorchiaptha ag an olc. Dá mhéid atá rath á lorg agam is ea is mó a chuireann teip eagla orm. Dá mhéid a chloímse leis an mbeatha is ea is scanrúla é an bás. Dá luachmhaire liom rud éigin is ea is mó a chuireann sé isteach orm go gcaillfinn é. I bhfocail eile, baineann an chuid is mó dár gcuid fadhbanna le teorainneacha agus na contrárchtaí a chruthaíonn siad.”

“Níl an chuid is mó againn sásta ach 5% den mhéid atá ar eolas againn a cheistiú.”

2014-01-30

Graifítí an Lae: Pete Seeger

Cumannaithe ab ea na Meir-Indiaigh. Déarfadh antraipeolaí ar bith leat é. Saibhir ná daibhir ní raibh ina measc. Má bhí duine éigin i ngátar, tháinig an pobal i gcabhair air.

 Pete Seeger (1919 - 2014)

Ar an lá seo, 30 Eanáir

Ar an lá seo, 30 Eanáir, 1972, tharla Domhnach na Fola.

2014-01-29

Ar an lá seo 29 Eanáir,

Ar an lá seo 29 Eanáir, 1927, rugadh Edward Abbey.

http://vimeo.com/49544042

“An tubaiste a bhaineann le cogadh nua-aimseartha: ní hé go gcailltear fir óga ach go gcailltear iad agus iad ag troid in aghaidh a chéile seachas in aghaidh na bhfíor-naimhde sna príomhchathracha ag baile.”

“Saol an fhostóra agus an fhostaí, ar nós an mháistir agus an sclábhaí, íslítear araon iad.”

2014-01-28

Ar an lá seo, Eanáir 28

Ar an lá seo, Eanáir 28, 1901, rugadh an file Shinkichi Takahashi. Trí dhán leis, Ionam, Briathra agus Snag Breac. Is dóigh liom go dtaitneodh an t-aistriúchán ar an dán Ionam le Takahashi mar aisteach, go leor, focal eile sa Ghaeilge ar phráta milis is ea ‘ionam’!

Ionam

Thar aon ní beo
ba bhreá liom dá mba phráta milis nua-bhainte
a bhí ionam!

Briathra

Ní ghlacaimse le do bhriathra
díreach mar bhriathra.
I bhfad uaidh.

Éistim

le pé rud é féin
a chuireann ag caint thú
is mise ag éisteacht.

Snagbreac

Seo trasna an droichid anois mé.
Ag teacht chugam anall
tá bean ina líbín báite agus b’fhéidir
nár éirigh léi úlla a cheannach, is ar sí de mhonabhar
‘Sairdíní, sairdíní.’ Thíos fúinn is é ag éisteacht
tá snag breac agus nach uaigneach é a phreabadach, síos suas.

Droichead fada dubh é,
chomh fada sin nach gcuimhneofá ar dhul trasna.
Éagann m’anáil bhán, éiríonn is éagann.
An saol seo: dusta ar ráille droichid.
Cogaí, réabhlóidí: súilíní srutháin.
Amach san oíche sheaca, i m’aonar,
trasnaímse droichead síoraí.
Mura bhfuil dánta Zen léite cheana agat, déarfá gur file craiceáilte é Takahashi. Ná bí buartha. Bhí sé craiceáilte. Nó an é an saol atá craiceáilte agus Takahashi ar a mheabhair? ‘Léimeann Takahashi as scoilt éigin idir ghnáthshaoil,’ a deir Robert Bly.

          Cinnte is dán ait é Snag Breac thuas ach an té a chásódh sin, smaoinigh – is ait an saol é. Tá breis is daichead bliain ann ó léas ar dtús é agus níor dhearúdas riamh é. Ní fhéadfá é a dhearúd.

 

2014-01-25

Tríd an Aonach do Shiúil

(She Moved Through The Fair le Pádraic Colum)


Agus arsa mo ghrá liom
Ó is cuma, a stór
Le mo mháthair ’s le m’athair
Nach bhfuil agat bó,
Agus dhruid sí i leataobh
Ar sise, “ Níl lá
Ár bpósta i bhfad uainn,
A chéad míle grá.”

Nuair a dhruid sí i leataoibh
Tríd an aonach do shiúil
Ó cheann ceann an aonaigh
Is rug léi mo dhúil
Is abhaile ansin léi
Is réalta sa spéir
Mar eala tráthnóinín
Ar uiscí fuar’ glé.

Aréir sea do tháinig
Mo leannán neamhbheo
Is séimh mar do tháinig
Is ní dhearna aon ghleo
Agus leag a lámh orm
Ar sise, ‘Níl lá
Ár bpósta i bhfad uainn
A chéad míle grá .”

Ar an lá seo 25 Eanáir,

Ar an lá seo 25 Eanáir, 1885, rugadh an file Kitahara Hakushu:

Cloisim ar éigean
mo mháthair is m'athair
ina ndúiseacht
ag cogarnaíl:
breacadh an lae tar éis chith sneachta

2014-01-24

Ar an lá seo 24 Eanáir

Ar an lá seo 24 Eanáir, 1911, crochadh Shusui Kotoku:

“In áit daoine a bheith i mbun tréaniarrachtaí agus iad ag caint nó a bpinn á n-ídiú acu, b’fhearr i bhfad Éireann dá dtabharfaí tosaíocht d’uilechumhacht an airgid. Munar féidir fáil réidh le hairgead, ní féidir an uilechumhacht atá ag airgead i réimsí eile a scriosadh. Chun é a rá ar shlí eile, munar féidir deireadh a chur le hairgead mar riachtanas sa saol seo, ní féidir cúrsaí an domhain a fheabhsú ná nádúr an duine ach an oiread.

An té nach bhfuil  airgead aige ní beo dó. Is mar sin atá an saol faoi láthair. Ach fiú sa tsochaí thruaillithe ina mairimid faoi láthair, ní fhéadfadh éinne a rá go bhfuil sé sin ceart agus cóir. Mairimid ar son nithe eile seachas airgead, nach fior? . . .Ach sa lá atá  inniu, nuair atá cumhacht gan teorainn ag airgead, an bhfuil slí ann don fhírinne sa saol seo? An féidir an rud ceart a dhéanamh?

Dá dtarlódh sé lá breá éigin go mbeadh deireadh curtha le hairgead agus an gá a bhí leis curtha ar ceal, nach uasal an saol a bheadh ann. Nach síochánta! Nach sona!

Ceannach agus breabaireacht, a gcuid prionsabal á ndíol ag daoine – d’imeoidís san go léir ar fad. Bheadh laghdú an-mhór, leis, ar dhúnmharú, ar robáil agus ar striapachas…”

2014-01-23

Ar an lá seo, 23 Eanáir

Ar an lá seo 23 Eanáir, 1921, rugadh Marija Gimbutas a fheictear anseo os comhair Bhrú na Bóinne, Co na Mí. Sa leabhar The Civilization of the Goddess, deir an scoláire Liotuánach:
Míthuiscint an-mhór is ea a shamhlú go mbaineann an chogaíocht go dlúth leis an staid dhaonna… Ní léirítear airm in úsáid in aghaidh daoine eile i bpéintéireachtaí uaimhe Pailéiliteacha ná Neoiliteacha . . . as 150 éigin péintéireacht a tháinig slán in Catal Huyuk (An Rómáin), níl oiread is ceann acu a léiríonn coimhlint ná troid, cogadh ná céasadh.

2014-01-22

Ar an lá seo, 22 Eanáir

Ar an lá seo 22 Eanáir, 1945, cailleadh Else Lasker-Schüler in Iarúsailéim.

Ein alter Tibetteppich


Deine Seele, die die meine liebet,
Ist verwirkt mit ihr im Teppichtibet.
Strahl in Strahl, verliebte Farben,
Sterne, die sich himmellang umwarben.
Unsere Füße ruhen auf der Kostbarkeit,
Maschentausendabertausendweit.
Süßer Lamasohn auf Moschuspflanzenthron,
Wie lange küßt dein Mund den meinen wohl
Und Wang die Wange buntgeknüpfte Zeiten schon?

Seanchairpéad Tibéadach


D’anamsa a thugann grá do m’anamsa,
Iad fite araon i gcairpéad Tibéadach
Tointe i ndiaidh tointe, dathanna ionúine,
Réaltaí ag suirí ar fud na firmiminte
Ár gcosa ar an gciste ag ligean a scíthe
Greamanna greamanna greamanna ina mílte
A mhic dhil an láma ar do mhusc-chathaoir ríoga
Cén fhaid mo bhéal á phógadh ag do bhéalsa
Grua le grua is an t-am ina thaipéis dathanna?

2014-01-21

Margaretta D'Arcy: PÓSAE PRÍOSÚIN

PÓSAE PRÍOSÚIN

Do Margaretta D’Arcy

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh an sabhaircín amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh lus an chromchinn amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh an cróch amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh an grúnlas amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh an sponc amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh an t-aiteann amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh an lus cré amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh lus an sparáin amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Is gearr uainn Lá Fhéile Bríde
is beidh lus na gaoithe amuigh
    an é nach mbeidh tusa amuigh?

Féach!
Tá na plúiríní sneachta amuigh cheana
     cad fútsa?


Gabriel Rosenstock

PRISON POSY

    For Margaretta D’Arcy

St Brigid’s Day draws near
and the primrose will be out
    will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the daffodil will be out
will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the crocus will be out
    will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the groundsel will be out
    will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the coltsfoot will be out
    will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the gorse will be out
    will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
    and the speedwell will be out
will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the shepherd’s purse will be out
    will you not be out?

St Brigid’s Day draws near
and the anemone will be out
will you not be out?

Look!
The snowdrops are out already
    why not you?

English version: Gabriel Rosenstock

GEFÄNGNISBLUMENSTRAUß

Für Margaretta D’Arcy

St. Brigid’s Day naht
und die Schlüsselblume wird raus sein
    wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und die Narzisse wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und der Krokus wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und das Kreuzkraut wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und der Huflattich wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und der Ginster wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und der Ehrenpreis wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und die Hirtentasche wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

St. Brigid’s Day naht
und die Anemone wird raus sein
wirst du nicht raus sein?

Schau!
Die Schneeglöckchen sind bereits raus
    warum du nicht?


Aus dem Irischen ins Englische von Gabriel Rosenstock,
aus dem Englischen ins Deutsche von Jürgen Schneider.

Ar an lá seo, 21 Eanáir


Ar an lá seo 21 Eanáir, 1919, dúradh an méid seo a leanas i nDáil Éireann. An mbeadh an Teachta ó Oirthear Chiarraí in ann an chaint chéanna a dhéanamh inniu?

AN CEANN COMHAIRLE : A Theachtaí na Dála, tuigfidh sibh óna bhfuil dearbhaighthe anso go bhfuilmid scartha anois le Sasana. Bíodh a fhios san ag an saol, agus ag daoine go mbaineann an scéal leo. Pé ní a thiocfaidh as a bhfuil ráite anso - imirt anama nó bás – tá deire le ré na cainte in Éirinn, agus más maith é is mithid é – tá deire le raiméis.

Tá teachtairí ó fhormhór a bhfuil de náisiún sa domhan, ag Bhersailles mar seo, agus is é rud a thug ann iad, ar a n-admháil féinig, ná chum síocháin do dhéanamh do chiníbh an domhain ionas ná beadh a thuilleadh gá le cogadh choíche arís. Deirimidna leo anois, agus san go dána, má tháid dáiríre, go gcaithfear briseadh do dhéanamh ar an gceangal so idir an dútha so is Sasana. Muna ndéantar san ní bheidh aon tsíocháin ann.

Achainím oraibh iontaoibh do bheith agaibh as a chéile. Tá lámh Dé inár n-obair: is léir san as ar tharla le dhá bhliain anuas. Dhá bhliain is an Cháisc seo d'imigh tharainn do bunaíodh Saorstát Éireann. Ní gá dhúinn anois ach seasamh le chéile, moladh is buíochas le Dia. Cuirimis le chéile agus ná déineadh éinne sinn do dheighilt, agus ní baol dúinn.

Iarraim ar an dTeachta ó Oirthear Chiarraí cur leis an dtairgsint.

PIARAS BÉASLAÍ (ó Oirthear Chiarraí): Is mór an onóir damhsa gur iarradh orm cur leis an ndearbhú ar Fhaisnéis Shaorstáit Éireann. Bhí sé d'amhantar agamsa is ag cuid agaibhse a bheith láithreach nuair do bunaíodh an Saorstát Seachtain na Cásca, 1916, agus bhí laochra cróga ann an uair sin - na daoine do rinn gníomh do réir a dtuairime. Ní mhairid na tréinfhir sin inniu: an namhaid do mhairbh iad. Acht na tréinfhir úd b'iad fé ndear scéal an lae inniu. Acht bíodh gur mór an trua ná fuilid na laochra sin inár measc anso is deimhin dúinn go bhfuil spioraid gach n-aon acu anso inár dteannta ar an nDáil seo, agus le cúnamh Dé leanfaimid an sampla d'fhágadar san inár gcomhair.

2014-01-20

Ar an lá seo, 20 Eanáir

Ar an lá seo 20 Eanáir, 1925, rugadh Ernesto Cardenal, file, sagart Marxach, Nicearaguach. Rogha dánta leis aistrithe ag Tomás Mac Síomóin:


An féidir an Marxachas a cheangal leis an gCríostaíocht? Tá bealach ar leith ag Cardenal chun a chreideamh a léiriú:
Aontaíonn an éabhlóid sinn go léir
Na beo is na mairbh
Fuair Darwin amach ina thaobh
    (is as cill aonair sinn go léir)

Is é sin, táimid ar fad idirnasctha
    Má d’éirigh duine amháin as na mairbh
    Éireoidh gach éinne as na mairbh . . .

2014-01-19

e. e. cummings: may my heart always be open

go raibh mo chroíse oscailte i gcónaí
d’éiníní ar rún na beatha iad
pé rud a chanann siad is fearr é ná aon eolas
agus mura gcloiseann an duine iad is seanóir é

go n-imí m’aigne ag fálróid go fiosrach
gan scáth agus úthach uirthi solúbtha
agus ar an domhnach féin bíodh breall orm
mar an duine a bhfuil an ceart aige ní ógánach é

agus nár dhéana mé aon rud fónta
ach grá níos dílse a thabhairt duitse
níor rugadh fós an t-amadán nach bhféadfadh
an spéir a tharraingt anuas air féin le miongháire beag amháin
may my heart always be open to little
birds who are the secrets of living
whatever they sing is better than to know
and if men should not hear them men are old

may my mind stroll about hungry
and fearless and thirsty and supple
and even if it's sunday may i be wrong
for whenever men are right they are not young

and may myself do nothing usefully
and love yourself so more than truly
there's never been quite such a fool who could fail
pulling all the sky over him with one smile

Ar an lá seo, 19 Eanáir

Ar an 19 Eanáir, 1200, rugadh Dogen:

Cuaifeach na breithe agus an bháis


Ar fán go truacánta i gcuaifeach na breithe is an bháis
mar a bheifeá ar strae i dtaibhreamh,
i lár an tseachmaill dúisím is mé ar an gconair cheart;
tá rud amháin eile a chaithfidh mé féachaint ina dhiaidh
ach ní gá dom bacaint anois leis
is mé ag éisteacht le báisteach an tráthnóna
ag titim ar dhíon an teampaill seo sa díseart
is ar an bhféar méith in Fúkakúsa

2014-01-18

Ar an lá seo, 18 Eanáir

Ar an lá seo 18 Eanáir, 1543, rugadh an cumadóir Alfonso Ferrabosco. Bhí sé fostaithe mar spiaire, deirtear, ag Eilís 1.

2014-01-17

Ar an lá seo, 17 Eanáir

Ar an lá seo, 17 Eanáir, 1885, rugadh Osugi Sakae.

Tá siad go léir ina gcodladh is dócha. Beidh dreas codlata agam féin, leis. Fanadh gach aon ní go maidin. D’úsáideas mo chuid ingne chun an sliotán a dhúnadh agus isteach liom láithreach sa leaba. Gan orm ach mo chuid fo-éadaigh agus gan agam ach cuilt chadáis, bhíos ar crith leis an bhfuacht.

D’éiríos aniar de phreib – bhí cnagadh ar an mballa ar thaobh na láimhe deise dem chillín. Tharla sé arís – cnag, cnag, cnag – mar a bheadh dorn á bhualadh ar an mballa chlár. Bhí léite agam go mbíodh comhrá mar sin ar siúl ag comrádaithe Rúiseacha. Caithfidh gur duine de mo chomrádaithe féin é seo ar dealaíodh óna chéile sinn agus atá ag iarraidh labhairt liom anois ón gcéad chillín eile.

“Tusa Osugi, nach ea?”

Dheineas iarracht ar aithris a dhéanamh ar a ghuth íseal agus d’fhreagair mé, “Is mé, sea. Cé thusa?”

2014-01-16

Ar an lá seo 16 Eanáir

Ar an lá seo 16 Eanáir, 1922. Bratach na hÉireann ar foluain os cionn Chaisleán Átha Cliath.

2014-01-15

Graifítí an Lae: Berlusconi

Níl ach beagán gruaige agam toisc m'inchinn a bheith chomh mór sin go mbrúnn sí amach mo chuid gruaige.
Silvio Berlusconi (1936 - )

Ar an lá seo, 15 Eanáir

Ar an lá seo, 15 Eanáir, 1891, rugadh Osip Mandelstam (О́сип Эми́льевич Мандельшта́м,), file Rúiseach.

Dán le Cathal Ó Searcaigh is ea Mandelstam ar Leabaidh a Bháis. Is féidir an bundán a léamh sa leabhar Na Saighneáin (Arlen House, 2014):

Mandelstam on his Deathbed


I challenged the mob
that dismissed poetry
as a feckless hobby

I spoke of things
forbidden to be told
in this time of infamy

Stalin, czar of horror,
drew my blood
for exposing his twisted ways

But from my death wounds
words will flow in a spate of truth
to damn him for all eternity.

I challenged the tyrant
that suppressed my writings.
My songs will be sung when he lies dumb in the earth.

2014-01-14

Graifítí an Lae: Ainrialachas Ceilteach

Lachlan MacLean ag scríobh faoi phobal Hiort (St.Kilda):

Rialtas níl aige,
dlí ní mhothaíonn sé,
leigheas níl uaidh,
é beag beann ar pholaitíocht,
airgead ní fheiceann sé,
cogadh ní chloiseann sé.

Ar an lá seo, 14 Eanáir

Ar an lá seo, 14 Eanáir, 1898, cailleadh Lewis Carroll: 

http://www.evertype.com/carrolliana.html

2014-01-13

Graifití an Lae: Connolly

Sa tsochaí chaipitleach níl sa rialtas ach coiste rachmasaithe a bhainistíonn gnóthaí na haicme sin.
James Connolly (1868 -1916)

Dornán Dánta le Abhay K

(Taidhleoir Indiach i Neipeal é an file)

Páirc Nehru

Lasrachra corcairdhearga,
gealach ghorm faoi bhláth iomlán
éanlaith á n-iompó ina ndaoine
carraigeacha ar maos i ngrá
Nehru i gcomhrá le Leinín
agus leis an gcruinne án.

Yamuna*

Stuacach cúlánta
fágaimse Deilí im dhiaidh
i m’airgead dorcha
muirním bruacha na cathrach
taoscaim an duifean
atá in íochtar anam Deilí

(*An chraobh-abhainn is mó atá ag an nGainséis i dtuaisceart na hIndia)

Amhrán an Anama

Bhíos riamh ann
ar nós na ngaoth
ar nós na nduilleog
ar nós taitneamh na gréine
ar nós na sruthán
ar nós chantain na n-éan
nó ar nós na mbachlóg
ar nós na spéire loime
níor rugadh riamh mé
níor cailleadh riamh mé

Monalóg an Íochtaráin

A dhuine uasail, ar ghlaoigh tú, a dhuine uasail, a dhuine uasail, bhíos san oifig, a dhuine uasail, ach b’éigean dom dul go dtí an leithreas, a dhuine uasail, ar feadh tamaillín, a dhuine uasail, tuigim, níor cheart dom an oifig a fhágáil gan a rá leat roimh ré, a dhuine uasail, gan a rá le d’oifigse, a dhuine uasail, tá cathú orm, a dhuine uasail, a dhuine uasail, a dhuine uasail, féachfaidh mé isteach ann láithreach, a dhuine uasail, a dhuine uasail, déanfaidh mé amhlaidh, a dhuine uasail, agus beidh mé ar ais chugat, a dhuine uasail, tuigim, tuigim, a dhuine uasail

Gardaí Slándála

De shíor
inár seasamh ó dhubh go dubh
a mháistrí, is sinn mar chosaint agaibh.
Beannaímid daoibh
nuair a théann sibh thar bráid
agus uaireanta más go doicheallach féin é
fiafraíonn sibh
‘Conas tá agaibh?’ is ar aghaidh libh,
bhfuil freagra uaibh dáiríre?

Deilí: Faoi Mar Atáim

Cathair na gcathracha mé
cathair na n-ionróirí, na gcloíteoirí
na gceannaithe, na n-imirceoirí
is iad ag drithliú ar an léaslíne agam
á nochtadh, ag dul as
mar bhriathra scríofa
ar phailmseist.
Cathair na bhfothrach mé,
a thréanfheara féachaíg’
go géar ar mo chuid másailéam
ar na reiligí is ar na tuamaí
comhairigí iad má tá sibh in ann:
a liacht sin corp atá adhlactha anseo
is a bhí i gceannas ormsa tráth.
Is mé cathair Satya, Shanti agus Nyaya*
tá ainmneacha mar sin ar mo chuid sráideanna
ach is é Fírinne an scéil
ná go bhfuil éigneoirí ar fán orthu faoi Shíocháin
agus tá an Ceart á lorg de shíor ag an mbantracht agam
i gceann éigin de na cúirteanna cathrach.
~~~
(*Fírinne, Síocháin, Ceart)

Ar an lá seo 13 Eanáir

Ar an lá seo, 13 Eanáir, 1599, cailleadh an file Sir Edmund Spenser:

Bhí Spenser - a raibh tailte aige i gCo Chorcaí - ar an gcúrsa Béarla i gCorcaigh nuair a bhíos-sa ann fadó agus INNTI ag teacht ar an saol. Is dócha go bhfuil sé á chur chun cinn i gcónaí ag Roinn an Bhéarla i UCC, file nach silfeadh deoir dá ndéanfaí cinedhíothú ar na Gaeil! 

Dála an scéil, cén bhaint atá ag Spenser leis na ceiliúráin Colm Tóibín agus Lady Di?

2014-01-12

Graifítí an Lae: An Piarsach

Tír gan teanga,
tír gan anam.


An Piarsach (1879 -1916)

Li-Young Lee: Become Becoming

Wait for evening.
Then you’ll be alone.
ait for the playground to empty.
Then call out those companions from childhood:
The one who closed his eyes
and pretended to be invisible.
The one to whom you told every secret.
The one who made a world of any hiding place.
And don’t forget the one who listened in silence
while you wondered out lout:
Is the universe an empty mirror?  A flowering tree?
Is the universe the sleep of a woman?
Wait for the sky’s last blue
(the color of your homesickness).
Then you’ll know the answer.
Wait for the air’s first gold (that color of Amen).
Then you’ll spy the wind’ barefoot steps.
Then you’ll recall that story beginning
with a child who strays in the woods.
The search for him goes on in the growing
shadow of the clock.
And the face behind the clock’s face
is not his father’s face.
And the hands behind the clock’s hands
are not his mother’s hands.
All of Time began when you first answered
to the names your mother and father gave you.
Soon, those names will travel with the leaves.
Then, you can trade places with the wind.
Then you’ll remember your life
as a book of candles,
each page read by the light of its own burning.

~ Li-Young Lee (Behind My Eyes) ~
Fan leis an tráthnóna.
Beidh tú leat féin ansin.
Fan go mbeidh an clós súgartha folamh.
Glaoigh ansin ar chompánaigh d’óige:
An té a dhún a shúile
is é ag ligean air nach bhfeicfí é.
An té ar inis tú gach aon rún dó.
An té a dhéanfadh domhan de chró folaigh ar bith.
Is ná dearmad an té a d’éist leat go ciúin
is tú ag déanamh iontais os ard:
An scáthán folamh í an chruinne? Crann faoi bhláth?
An é atá sa chruinne bean faoi shuan?
Fan le gorm deireanach na spéire
(dath an chumha atá ort).
Beidh an freagra agat ansin.
Fan le tús an óir san aer (dath Áiméan).
Feicfidh tú ansin coiscéimeanna cosnochta na gaoithe.
Smaoineoidh tú ansin ar an scéal a thosaíonn
le páiste ag dul ar strae sa choill.
Leantar á lorg is an scáth ag méadú
ar an gclog.
Agus ní hí aghaidh a athar í
an aghaidh laistiar den chlog.
Is ní hiad lámha a mháthar iad
na snáthaidí laistiar de shnáthaidí an chloig.
Cuireadh tús leis an Am go léir nuair a d’fhreagair tú den chéad uair
do na hainmneacha a thug do mháthair is d’athair ort.
Taistealóidh na hainmneacha sin ar ball i dteannta na nduilleog.
Malartaigh áit leis an ngaoth ansin.
Is ansin a chuimhneoidh tú ar do shaol
mar leabhar coinnle,
An uile leathanach á léamh faoi sholas a loiscthe.

Ar an lá seo, 12 Eanáir

Ar an lá seo, 12 Eanáir, 1876, rugadh Jack London.

D’aistrigh Tadhg Ó Curnáin White Fang leis faoin teideal Mac an Mhachtíre agus d’aistrigh Niall Ó Dónaill The Call of the Wild faoin teideal Scairt an Dúthchais. Nár dheas é an dá leabhar sin a bheith ar fáil arís mar leabhair agus/nó mar chlosleabhair.

Agus cad faoin lá seo anois, is é sin an lá inniu? Ná bac cé a rugadh inniu. Ar rugadh tusa go fóill? Ar rugadh éinne againn?

2014-01-11

Graifítí an Lae: CUIMHNIGH AR LUIMNEACH!


Ar an lá seo, 11 Eanáir

Ar an lá seo, 11 Eanáir, 1890 rugadh an file Brasaíleach Oswald de Andrade a chuir teoiric na canablachta chun cinn, i bhfocail eile, in áit aithris a dhéanamh ar nithe ón iasacht, is ceart iad a ithe, a dhíleá is a dhúchasú.


Botún na bPortaingéalach

Nuair a tháinig an Portaingéalach
le linn doininne
chuir sé éadach ar an Indiach –
mór an trua!
Dá mba mhaidin ghréine í
bheadh an tIndiach tar éis  a chuid éadaí
a bhaint den Phortaingéalach

Cannibal Manifesto

by Oswaldo de Andrade
translated from the Portuguese by Mary Ann Caws and Claudia Caliman
Cannibalism: An Introduction to Oswaldo de Andrade’s “Cannibal Manifesto”

The starting date for the Brazilian modernist movement, which advocated a return to the soil, is usually given as 1922, when the major impulse was given by the Week of Modern Art. This revolutionary approach was announced by a woman painter, Anita Malfatti, “the protomartyr of modernism,” whose forward-looking paintings in her second exhibition, in 1917, were derided by Monteiro Lobato (He claimed that she simply contributed her own “-ism” in her paintings where a horse and rider fall over: “I call this genre topple-ism”).
     But he himself had a great influence on Brazilian modernism’s most celebrated text, Oswald de Andrade’s “Cannibal Manifesto” of 1928. Also called the “Brazilwood Manifesto,” because it champions the use of native material and turns against artifice, this manifesto takes its name from the cannibalistic Tupi Indians of Brazil who disposed gastronomically of an unloved Bishop. It is outrageously satirical, reading in part: “Only cannibalism unites us... Tupi or not tupi, that is the question.”
     Agus mar sin de ...

2014-01-10

HAIKU : Éagsúlacht an Domhain Ann

Dá n-éireoinn tuirseach de haiku d’éireoinn tuirseach den domhan, a déarfainn, agus tuirseach den teanga, tuirseach den bhriathar is a chumas chun léargas a thabhairt dúinn ar nádúr an domhain agus nádúr an duine.

a ghuth/sciobtha ag solas na gealaí/cat bán

(Sayumi Kamakura)

Go leor de na haiku comhaimseartha a bhfuil leagan Gaeilge díobh tugtha anseo agam, tá siad léite agus athléite cheana agam. Is deas liom filleadh orthu féachaint an aimseoinn rud éigin iontu nach bhfaca mé cheana. Uaireanta feicim tréithe iontu a shleamhnaigh uaim ar an gcead léamh, nó braithim rud éigin diamhair nár bhraitheas cheana, nó d’fhéadfadh go mbuailfeadh an haiku mé mar a bhuail nuair a léas an chéad uair é – agus is an-teist ar dhán, ar amhrán nó ar haiku é sin. Filíocht is ea nuacht a fhanann nua, a dúirt Pound.

Cé chomh mór is a mhúnlaíonn ár lón léitheoireachta sinn nó cé chomh mór is a thugtar chún míneadais nó a mhalairt sinn tríd an méid a léimid? Seans maith go bhfuil breis is 50,000 haiku léite agam i gcaitheamh mo shaoil is níor dheineadar puinn dochair dom! (Go bhfios dom).

duilleog bhuí/ ag eitilt/ trí chomhrá

(Ljerka Postek Jelaca)

Tá haiku go diail ar fad chun sinn a thalmhú agus chun a mheabhrú dúinn is cuma cad atá ar siúl againn – nó cén comhrá atá ar siúl againn, linn féin nó le daoine eile – go bhfuil domhan mór amuigh ansin, domhan a bhí ann romhainn, domhan a bheidh ann inár ndiaidh, domhan a bhfuil síorathrú ag teacht air an t-am go léir, domhan ársa, domhan nua. Domhan is ea é ina bhfuil cur isteach á dhéanamh ar an gciúnas an t-am go léir:


liú na mban –/cearc bhreá ag eitilt léi/i dteannta an fhiolair

(Dina Franin)

Ach filleann an ciúnas i gcónaí agus fillimidne ar an gciúnas. Líonann an dea-haiku le ciúnas sinn agus ní ciúnas é a dhéanann corrthónach sinn ach an ciúnas sin ar cuid dár
bhfíornádúr é:

an chéad sneachta –/bronnann seál/ar an sceach lomtha

(Vjera Majstrovic)

Ceangal is ea an haiku, ceangal idir sinn is an talamh, ceangal idir sinn is neamh.

fear bréige -/thit i ndiaidh a mhullaigh/cuachann an talamh lena ucht

(Wim Lofvers)

Mheabhródh sé tréanna na Gaeilge duit, ar shlí. Na trí ghlór is binne amuigh?

géim bó/meilt bró/béic linbh

Tá rud éigin ag baint le trí líne, nach bhfuil? Is dóigh le daoine áirithe gur rud neafaiseach is ea an haiku, rud a bhaineann le froganna agus bláthanna agus a leithéid agus nach meán é a théann i ngleic le cora crua an tsaoil. Tá dul amú orthu. Tá haiku cogaidh léite agamsa ón gCróit agus ó na críocha Balcánacha trí chéile a chuirfeadh alltacht ort:


páiste gan chosa/a dheora á lí/ ag gadhar gan súile

(Enes Kisevic)

Más dánta in aghaidh na cogaíochta atá uait níl domhan an haiku gann orthu.

Cailleadh deartháir Nick Virgilio (1928 -1981) i gCogadh Vítneam. Samhlaigh an tsochraid, éist leis an mbuabhallaí. Is minic a chualamar an port a sheinntear ( i scannáin ar aon nós) nuair a chuirtear saighdiúir. Samhlaigh do dheartháir á chur.


cónra faoi bhratach:/scáil an bhuabhallaí/ag sleamhnú isteach san uaigh

Is dócha gur rud is ea haiku mura dtugann tú seans duit féin ní bhfaighidh tú blas ceart go deo air; ach tá rud amháin cinnte, a luaithe is a a fhaigheann tú blas air, clic! lasfaidh solas éigin idir do dhá chluas agus beidh léamh eile ar fad agat ar an domhan ina dhiaidh sin; feicfidh tú nithe nach bhfaca tú cheana -  nó lig tú ort nach bhfaca tú iad:


geimhreadh:/ cacann cat strae/sa ghairdín

Sampla maith é sin ó Shiki, dar liom, den rud a nglanaimid as ár n-aigne. Ach glanann haiku an aigne chun ligean dúinn gach rud a fheiceáil, a chloisteáil, a mhothú, is a bholú.

An bua a bhaineann le haiku ná gur gléas is ea é chun an rud is lú a fheiceáil, na híomhánna a sciorrann tharainn agus nach bhfeicimid i gceart mura mbímid aireach orthu, airdeallach:

ag siúl sa reilig/mo scáil i loinnir/an mharmair dhuibh

(Ivan Nadilo)

Sa domhan ina mairimid faoi láthair bíonn íomhánna ina mílte is ina mílte ag iarraidh sinn a mhealladh sa tslí gur deacair stánadh ar aon ní amháin ar feadh i bhfad, loch nó spéir, abair. Ach tá fairsinge ag baint le loch is le spéir. Is ceadmhach do dhuine breathnú orthu. Cad faoi bhláth? An stopfása chun féachaint ar bhláth? Nó cloch? Dá stopfá agus dá mbeifeá abair deich nóiméad á iniúchadh, duine a bheadh ag faire ort, nach ndéarfadh sé go raibh rud éigin cearr leat, b’fhéidir? Múineann haiku dúinn conas breathnú ar an saol agus conas ligean dár nádúr féin meascadh le nádúr an domhain, conas ligean don dúlra ár n-ego a shlogadh:

féileacáin chabáiste/uaireanta is ar a mbáine, díreach/ a bhreathnaím

(Laurie W. Stoelting).

Lig don haiku dul i bhfeidhm ort agus lig dá mhacallaí dul ar oilithreacht tríot. Cén macalla a deir tú? Sa leabhar Poems of Consciousness (Red Moon Press, 2008) deir an scoláire haiku Richard Gilbert, Ph.D:… ‘the haiku text points beyond itself.’

Díreach é – ach is fúinne atá sé glacadh leis an gcuireadh a thugann an haiku dúinn.

Tum sa mhistéir, a deir an cuireadh sin, mistéir an domhain, an mhistéir is sinne go léir ann. Léiríonn na máistrí móra, ar nós Issa, chomh simplí is atá sé:

ag féachaint ar an sliabh/ag féachaint ar an bhfarraige…/tráthnóna fómhair

Ar an lá seo, 10 Eanáir

Ar an lá seo, 10 Eanáir, 1957, cailleadh Gabriela Mistral, an Duaiseoir Nobel as Sile, ‘una mestiza de vasco’ mar a thug sí uirthi féin, is é sin le rá duine a raibh fuil na mBascach agus fuil na Meir-Indiach dúchasach inti.

 
http://ckuik.com/gabriela_mistral

Haiku le Issa ón mbliain 1822

In aimsir Issa, bhí a réalta féin ag gach páiste, tugadh a réalta féin dó. Nach deas an nóisean é. Mar a bheadh aingeal coimhdeachta ann! Tá féile ar leith sa tSeapáin in onóir do na réaltaí, Tanabata.

Sea sea, "Wha' is the stars, Joxer?"

an léi féin, leis,
a chodlaíonn mo réaltasa?
Bealach na Bó Finne

2014-01-09

Haiku le Issa ón mbliain 1808

Poc óg. Bhíomar ar fad óg. Tá cuid againn óg i gcónaí. Poc óg agus súil aige i ndiaidh na heilite. Cá bhfuil sí? Deireadh ag teacht le séasúr an rachmaill agus ligeann an boc glao fada amháin eile as.
N'fheadar an leis an ainmhí amháin a bhaineann an gháir chúplála? An bhféadfadh go raibh an duine in ann gáir chúplála a ligean, tráth den saol, i bhfad siar? D'imigh sin is tháinig an fón póca.
an poc óg -
is fada caol é
a ghlao deireanach


.小男鹿や後の一声細長き
saoshika ya ato no hito koe hosonagaki

Ar an lá seo, 9 Eanáir


Ar an lá seo, 9 Eanáir, 1941, rugadh Joan Baez:

Uch Is Dian-deoir Atá i nDán



Ó cá rabhais uainn, ’mhic na súl glé
Is cá rabhais uainn ó bhánú an lae?
Do thiteas ar thaobh dosaen sliabh faoin gceo
Mé ag siúl is ag lámhacán ar mhórbhealaí cama
Do sheasas i gceartlár na seacht bhforaois uaigneach
Mé ansiúd os comhair na n-aigéan gan anam
Bhíos deich míle slí is mé i mbéal na huaighe
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.

Ó, cad ba léir duit , ’mhic na súl glé,
Is cad ba léir duit ó bhánú an lae?
Chonac leanbh nuabheirthe is faolchúnna ’na thimpeall
Chonac mórbhealach diamant ’s gan éinne ag siúl air
Chonac an chraobh dorcha ’is fuil á síordhoirteadh
Chonac seomra is fir ann is fuil lena gcasúir
Chonac an bándréimire ’bhí clúdaithe faoi uisce,
Chonac deich míle duine is a dteanga bhí briste
Chonac gunnaí is claimhte i lámha na leanaí
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.

Is cad a chualaís, ’mhic na súl glé,
Is cad a chualaís ó bhánú an lae?
Chuala glór ard na toirní, bhí rabhadh sa bhúireach
Chuala liú ón tonn tuile a bháfadh an chruinne
Chuala céad drumadóir is a dhá lámh trí thine
Chuala deich míle cogar is gan éinne ag éisteacht
Chuala duine ’bhí stiúgtha, chuala scata ag gáire
Chuala amhrán an fhile a cailleadh sa chlaodach,
Chuala fuaim ón áilteoir is é ag caoineadh sa chaolsráid
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.

Ó cé casadh ort, ’mhic na súl glé
Is cé casadh ort ó bhánú an lae?
Páiste beag óg agus pónaí ’bhí marbh,
Madra ’bhí dubh is ba gheal é a úinéir
Bean is a colainn go léir ar bharr lasrach
Cailín beag álainn a thug bogha síne dom,
Fear óg dathúil is é leonta ag a chumann
Fear eile fós is b’é an fuath a ghoin é
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.

Cad a dhéanfair anois, ’mhic na súl glé
Cad a dhéanfair anois ó bhánú an lae?
Táim chun siúl liom amach sula dtitfidh an bháisteach
Táim chun siúl go dtí croí na bhforaoisí is duibhe
Áit a gcónaíonn na mílte ach is folamh atá siad
Áit a snámhann an nimh ar fud a gcuid uiscí
Is an baile sa ghleann ag iompú ina phríosún
Áit nach bhfeictear go deo ann aghaidh an mharfóra
An t-ocras urghránna ann, an t-anam dearúdta,
Dubh is ea dath ann, neamhní sea uimhir
Inseoidh mé, smaoineoidh mé, neosfad le m’anáil é
Soilseoidh sé ón sliabh chun go bhfeicfidh an domhan é
Agus seasfad sa tuile go dtí go suncálfad
Beidh na hamhráin go léir ann sula dtosnód á gcanadh
Agus is dian, uch is dian, uch is dian agus is dian
Uch is dian-deoir atá i ndán.


2014-01-08

Cloigíní na bpónaithe Cherokee

le d.a. levy (1942-1968)

shíl mé
gur clingíní gaoithe iad
ar na sráideanna istoíche

le mo shúile óga
d’fhéachas soir
agus d’éirigh clingireacht
na ngóst-phónaithe
as an talamh i gcéin

Pónaithe Pónaithe Pónaithe

(fuaimníonn
 capaillín
greannmhar)

d’fhéachas soir
agus búdaí á lorg agam
a mhíneodh na cloigíní sin
is iad ag caoineadh sa doircheacht

Tá na Pónaithe Faoi Thalamh
ag éirí


 Cherokee, Delaware, Huron
tabharfaimid bhur dtalamh ar ais daoibh

Tabharfaidh na capaill óga
bhur dtalamh ar ais daoibh

chun an talamh a íonghlanadh
lena ndeora

Tá na Capaill faoi Thalamh
ag éirí

chun a rá lena n-aithreacha

“ar na sráideanna istoíche
tá cloigíní pónaithe na Cherokee
ag caoineadh .”

Ar an lá seo, 8 Eanáir

Ar an lá seo, 8 Eanáir, 1880. cailleadh Norton 1, Impire na Stát Aontaithe agus Cosantóir Mheicsiceo:

A Mhórgacht, cuimhneoimid go brách ort!

2014-01-07

Don Bhliain Úr: To the New Year -- W.S. Merwin

To the New Year


With what stillness at last
you appear in the valley
your first sunlight reaching down
to touch the tips of a few
high leaves that do not stir
as though they had not noticed
and did not know you at all
then the voice of a dove calls
from far away in itself
to the hush of the morning

so this is the sound of you
here and now whether or not
anyone hears it this is
where we have come with our age
our knowledge such as it is
and our hopes such as they are
invisible before us
untouched and still possible

(Present Company)

Don Bhliain Úr


A leithéid de chiúnas farat
sa deireadh is tú á nochtadh sa ghleann
an chéad gha gréine uait ag síneadh anuas
chun barr  na nduilleog ard a phógadh is ní chorraíd
faoi mar nár thugadar faoi ndeara é
is nach raibh puinn cur amach acu ort
is glaonn guth colmáin ansin
as réimse ann féin i gcéin
chun na maidine seo faoi thost

mar sin, is é seo do shondas-sa
anseo anois pé acu an gcloistear
nó nach gcloistear é, táimid tagtha
go dtí seo lenár ré
agus lenár n-eolas mar atá sé
agus ár ndóchas mar atá sé
os ár gcomhair. dofheicthe,
gan teimheal,  ar bís

Ná bíodh aon bhreall ort

Ná bíodh aon bhreall ort
má deir siad
go bhfuil cúrsaí níos fearr anois.
Fiú mura bhfuil an bhochtaineacht le feiceáil,
mar tá an bhochtaineacht curtha i bhfolach acu.
Fiú mura raibh pá níos fearr riamh agat
agus go bhfuil ar do chumas
níos mó de na hearraí nua seo gan mhaith a cheannach -
earraí a bhrúnn na tionscail nua seo ort -
agus fiú más dóigh leat féin
nach raibh an oiread sin riamh agat
níl ansin ach an mana atá acu siúd
a bhfuil i bhfad níos mó acu ná mar atá agatsa.
Ná bí meallta acu
má leagann siad lámh go ceanúil ar do ghualainn
is má deir siad
nach bhfuil aon éagothroime a thuilleadh ann is fiú trácht air
agus nach bhfuil cúis ag éinne
a bheith ag troid níos mó.
Mar má chreideann tú iad
beidh siad i gceannas go hiomlán ansin
ina dtithe marmair agus ina mbancanna eibhir
ina robálann siad muintir an domhain
agus iad in ainm is a bheith ag soláthar cultúir dóibh.
Seachain
mar nuair a oirfidh sé dóibh
cuirfidh siad amach thú
chun a gcuid óir a chosaint
i gcogaí . . .

(as dráma le Peter Weiss: Die Verfolgung und Ermordung Jean Paul Marats dargestellt durch die Schauspielgruppe des Hospizes zu Charenton unter Anleitung des Herrn de Sade)

Labhramar faoi choim

English version by Jonathan Star and Shahram Shiva

Secretly we spoke,
that wise one and me.
I said, Tell me the secrets of the world.
He said, Sh... Let silence
Tell you the secrets of the world.

Labhramar faoi choim
mise is an saoi.
Nocht rún an tsaoil dom, ar mé,
Fuist, ar sé. Lig don gciúnas
rúin an tsaoil a nochtadh dhuit.

 
      Mevlana Jelaluddin Rumi (1207 - 1273)

Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain - 20-22 Feabhra 2014


Breis eolais: anseo

Ar an lá seo, 7 Eanáir

Ar an lá seo, 7 Eanáir, 1758, cailleadh an file Albanach Allan Ramsay:

The Young Laird and Edinburgh Katy


 Now wat ye wha I met yestreen
 Coming down the street, my Jo,
 My mistress in her tartan screen,
 Fow bonny, braw and sweet, my Jo.
 "My dear," quoth I, "thanks to the night,
 That never wish'd a lover ill,
 Since ye're out of your mither's sight,
 Let's take a wauk up to the hill.

 "O Katy wiltu gang wi' me,
 And leave the dinsome town a while,
 The blossom's sprouting frae the tree,
 And a' the summer's gawn to smile;
 The mavis, nightingale and lark,
 The bleeting lambs and whistling hynd,
 In ilka dale, green, shaw and park,
 Will nourish health, and glad ye'r mind.

 "Soon as the clear goodman of day
 Bends his morning draught of dew,
 We'll gae to some burnside and play,
And gather flowers to busk ye'r brow.
 We'll pou the dazies on the green,
 The lucken gowans frae the bog;
Between hands now and then we'll lean,
 And sport upo' the velvet fog.

 "There's up into a pleasant glen,
 A wee piece frae my father's tower,
 A canny, saft and flow'ry den,
 Which circling birks has form'd a bower:
 When e'er the sun grows high and warm,
 We'll to the cauller shade remove,
 There will I lock thee in mine arm,
 And love and kiss, and kiss and love."

2014-01-05

Preaseisiúint : "Meon Fuarchráifeach" Shéiplíneach An Airm

Preaseisiúint Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh

Tá Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh/ The Galway Alliance Against War tar éis páirt a ghlacadh sa díospóireacht a bhaineann leis an ráiteas a d'eisigh séiplíneach Fhórsaí Cosanta na hÉireann le déanaí, an Moinsíneoir Eoin Thynne, nuair a léirigh sé go raibh buairt air faoin athrú atá tagtha ar an tsochaí mar gheall ar an mbrí a bhaineann leis an Nollaig. Fuair an Moinsíneoir locht ar an Uachtarán Ó hUiginn toisc nár luaigh sé an Chríostaíocht ina theachtaireacht Nollag agus bhí an Moinsíneoir ag clamhsán chomh maith nach raibh an beithilín traidisiúnta le feiceáil i gCeanncheathrú na bhFórsaí Cosanta.
Agus é ag cur síos ar ráiteas an Mhoinsíneora, dúirt Niall Farrell, urlabhraí thar ceann na Comghuailíochta: "An fhimínteacht a bhain le séiplínigh airm céad bliain ó shin nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach, tá an fhimínteacht sin linn i gcónaí. Baineann an fhimínteacht sin le meon an Mhoins. Thynne. Séiplíneach de chuid Arm na hÉireann agus é ag cásamh nár luadh Críost i dteachtaireacht Nollag agus saighdiúirí na hÉireann, atá faoina threoir spioradálta, ag cur in aghaidh theagasc Íosa gach aon lá, an teagasc a bhaineann le marú agus cogadh.

"Tá saighdiúirí na hÉireann gafa le forghabháil mhídhleathach ar an Afganastáin, faoi NATO, le blianta beaga anuas agus tá saighdiúirí na hÉireann gafa faoi láthair le forghabháil na Fraince ar iarchoilíneacht aici, Mailí.Comhchoirithe iad saighdiúirí na hÉireann chomh maith, ar ndóigh, i gcoirí in aghaidh an chine dhaonna tríd an gcosaint a dhéanann siad ar eitiltí míleata na Stát Aontaithe trí Árfort na Sionainne agus iad ar a slí chun cogadh a fhearadh i gcéin."


Tuilleadh eolais:: Niall Farrell: 087-9159787 nó 091-792297

Ar an lá seo, 5 Eanáir,

Ar an lá seo, 5 Eanáir, 1893, rugadh Paramahansa Yogananda.
“Na caith do shaol sa ghnáthshlí; déan rud éigin nár dhein éinne riamh cheana, rud éigin a chuirfidh an saol faoi dhraíocht. Léirigh go bhfuil prionsabal cruthaitheach Dé ag feidhmiú ionat.”

2014-01-04

Fíon ní dhéanfar de chaora fíniúna mo cholainne

Fíon ní dhéanfar de chaora fíniúna mo cholainne
go satlóidh an fíonadóir orm.
Géillimse m'anam mar chaora fíniúna dá shatailt
chun go luisneoidh mo chroí istigh is chun go rincfidh le háthas.
Fiú is má shileann na caora fíniúna fuil is deora is iad ag sclogaireacht:
"Ní thig liom a thuilleadh a sheasamh, a thuilleadh a fhulaingt"
Sánn an fáiscire cadás ina chluasa: 'Nílimse aineolach ar mo chúram
Séan mé más mian leat, thuigfinn go maith duit,
ach is mise Máistir an tSaothair seo
agus nuair a bhainfidh tú  Foirfeacht amach trí bhíthin mo Phaisin-se
molfaidh tú m'ainmse go brách brách na breithe.'


English version by Andrew Harvey


The grapes of my body can only become wine
After the winemaker tramples me.
I surrender my spirit like grapes to his trampling
So my inmost heart can blaze and dance with joy.
Although the grapes go on weeping blood and sobbing
"I cannot bear any more anguish, any more cruelty"
The trampler stuffs cotton in his ears: "I am not working in ignorance
You can deny me if you want, you have every excuse,
But it is I who am the Master of this Work.
And when through my Passion you reach Perfection,
You will never be done praising my name."


Ar an lá seo, 4 Eanáir

Ar an lá seo, 4 Eanáir, 1986, cailleadh Christopher Isherwood. Dán ómóis scríofa dó ag Cathal Ó Searcaigh. Is féidir an bundán a léamh sa leabhar is déanaí uaidh Na Saighneáin (Arlen House 2014).

For Christopher Isherwood


Here I am at your doorstep, a gay pilgrim, Christopher,
this home from home where you sketched the fleshpots of Berlin
in your day. Fraulein Schröder’s guesthouse.

A naughty, gossipy, big-hearted place bursting at the seams
with rumours of the hour and news bulletins from the streets.
No 17, Nollendorfstrasse. A pale yellow house

with pigeons sitting on the sunny balconies today,
a calm peaceful Sunday, the city in bloom.
Standing at your door, hot tears begin to flow

as you take shape in my mind’s eye, revealing yourself
within me though I only know you from the pages of books
when first we met in Goodbye to Berlin some thirty years ago.

I see you in that room, the patina of heavy Prussian furniture
around you as you keenly bring to artistic life
that easygoing bohemian family

with whom you shared your lodgings in the early Thirties;
sympathetic characters chiselled for all time –
Mr Norris, Fraulein Schröder, the lovely foolish Sally Bowles.

I’m at your doorstep but other tenants live here now,
Weiss and Wagner, Miller and Bretner,
but it’s not them that I see but you; the sharp look

as you  take me in; nothing escapes you;
the same acuity that illumined Berlin in the early years
of its tumult. Impressionable Berlin of indolence. Poor famine-stricken Berlin.

‘I’m a camera,’ you said yourself and never spoke a truer word
capturing as you did every live moment of the city
in the fluency of your word-lense as the hour of dread

drew nigh; Nazis and their brutish entourage making a name
for themselves;  bullying and badgering on the streets;
aggressive demonstrations,  defiant assemblies, whipping up of frenzy,

the swagger of it all and Hitler, cock o’ the dung-heap, crowing
all the way to the Reichstag. You caught it, Christopher,
the city you loved and all her charms going down the drain.

Here I am at your doorstep and though you are but dust of the earth
there’s a spring in your step as you rush down the stairs to greet me
bright eyes brimful of roguery.

And off we go through the streets of Berlin: Eisenacher.
Motzstrasse, Fuggerstrasse, and their numerous bars
with gorgeous blue-eyed untameable boys, Christopher,


the type you always liked, sweet heart,
Otto, Bubi, Heinz; here they come with a welcoming grin.
In this age of licence, no shy wallflowers these

strutting their stuff with the best of them, tattling peacocks
in Blue Boy, Tom’s House,  Pussycat and Pinnochio.
‘Life is a cabaret, old chum’, you say before you vanish from my dream.

I salute you, Christopher. How you embraced the world
In those champagne days and nights before Hitler crucified
the gay cabarets, the rumpy-rumpy with fellow-angels.

And when the tyranny was too much to bear
you said goodbye to Berlin, yourself and the heart-melting, gentle Heinz
searching for asylum here, there and everywhere

across Europe and finding no luck;
and when he was arrested in the end, your heart was in smithereens.
And I understand your loss for I, too, know what it’s like,

what is broken and torn when lovers part;
but you kept going and the light of humanity radiated from your words
flowing gracefully through the vein of  narratives.

Here I am at your door, Christopher, the blessed door of solace
for me and others who come here to worship you.
You who beatified
our queer lives, here’s a word-posy for you, respectfully yours.

Graifítí an Lae: Feardorcha Mór

Dá dtosódh mo chuid saighdiúirí ag smaoineamh, ní fhanfadh duine acu san arm.

Friedrich der Grosse / 
Feardorcha Mór (1712 -1786)

2014-01-03

As: Günter Kunert - Agallamh an tSeanóra lena Anam

DER ALTE MANN
erinnert sich: Auf einer Bank
gesessen. An einem See.
Sonnenuntergang. Leichte Brise
zur Nacht. Mein Prinz
glitt einst über das Wasser,
der fürchterliche König, der
Kriegsherr, unselig und
einsam. Was wurde aus meinen
Windspielen? Aus meinen
Schnupftabaksdosen und anderen
Preziosen? Aus Preußen?
Aus Schlesien? Aus Potsdam?
Die Wellen verebben, die Historie
steht ebenso still, ein Schweigen
rundum, wie du weißt. Nur
die Blicke aus lebenden Leibern
wissen mehr von einer
unabsehbaren Geschichte
fernerhin.

AN SEANÓIR
is cuimhin leis
suí ar bhinse. Cois locha.
Fuineadh gréine. Leoithne bhog
istoíche. Shleamhnaigh
mo phrionsa tráth na huiscí seo anonn,
an rí scanrúil,
taoiseach cogaidh, mallaithe,
uaigneach. Cad d’imigh
ar mo chúnna? Mo bhoiscíní
snaoise is an mhaoin gheal eile? Cad
d’imigh ar an bPrúis?
Ar an tSiléis? Ar Photsdam?
Tránn na tonnta, an stair leis
ina staic, an ciúnas
máguaird, mar is eol duit.
Stracfhéachaintí
ó anamacha beo, iad sin amháin
a thuigeann i gceart
scéal doléite an lae amárach.

Talamh Bheannaithe

from Real Thirst: Poetry of the Spiritual Journey, by Ivan M. Granger

Lig don fhís sin
den fhairsinge
atá ionat
tú a fhágaint
i d'fhothrach glórmhar.


Tiocfaidh oilithrigh
is samhlóidh siad
an teampall breá
a sheas anseo tráth
is ní thuigfidh siad



                         gurb é an scrios
                         a dhein talamh bheannaithe
                         den mhá lom seo


Let the vision
of the vastness
you are
leave you
in glorious
ruins.

Pilgrims will come
to imagine
the grand temple
that once stood,
not realizing

                    the wreck
                    made this empty plain
                    holy ground.

Ar an lá seo 3 Eanáir

Ar an lá seo, 3 Eanáir, 1923, cailleadh Jaroslav Hašek, údar an úrscéil An Dea-Shaighdiúir Švejk. Ní raibh an dá scór bliain slánaithe aige. An deoch ba thrúig bháis dó agus a lagaigh a chroí.

Níor éirigh leis ach trí imleabhar den Dea-Shaighdiúir a chríochnú: sé imleabhar a bhí beartaithe aige. Ag Tóstal na Gaeilge 2012, thagair Dónall Ó Braonáin don úrscéal grinn frithchoghaidh sin mar a leanas:
“Tuigeann muid gur scríobh Kafka a chuid scéalaíochta i nGearmáinis agus ba sa  tSeicis a chuir Hašek An Dea- Shaighdiúir Švejk ar fáil. Ba mhór i gceist ag an scríbhneoir Breandán Ó hEithir an t-úrscéal seo agus tá leagan drámatúil i nGaeilge agus i mBéarla déanta den leabhar i gCartlann Raidió RTÉ. Tá léargas áirithe sa saothar sin ar an iomrall agus an iomrascáil teanga a bhain le fearann na Seice le linn dóibh a bheith ag maireachtáil faoi réimeas na nOstra-Ungárach ag tús an chéid seo caite. Nuair a théann tú faoi chraiceann an scéil, castar reachtaíocht teanga orainn a bhí ina cúis aighnis agus ábhar treallchogaíochta idir cainteoirí Gearmáinise agus Seicise ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fhichiú haois.”
Bhí mionpháirt agam féin sa tsraith raidió sin fadó. Ba cheart an tsraith a athchraoladh uair éigin.



Déarfadh a lán criticeoirí gurb é an chéad úrscéal frithchogaidh é, leabhar a raibh tionchar aige ar úrscéalta frithchogaidh a tháinig ina dhiaidh ar nós Catch 22 le Joseph Heller. Ba cheart script Uí Eithir a eisiúint ina chlosleabhar. Nó an mbeadh deacrachtaí ag baint leis sin, is é sin nach mbeadh a leithéid ceadaithe faoin gconradh a shínigh na haisteoirí le RTÉ? Taifeadadh nua a dhéanamh mar sin!

2014-01-02

Ag teacht go luath: Briathar Á Dhéanamh As Anáil

Briathar Á Dhéanamh As Anáil
Filíocht Chomhaimseartha na Gúisearáitise

 
 
In Eagar Ag Dileep Jhaveri

An tEagrán Gaeilge in eagar ag Mícheál Ó hAodha
i gcomhar le Gabriel Rosenstock

Ar an lá seo, 2 Eanáir

Ar an lá seo, 2 Eanáir sa bhliain 17 A. D.  cailleadh Óivid ( Publius Ovidius Naso) agus é ar deoraíocht cois na Mara Duibhe.
Ceann de na dánta is breátha sa teanga againn féin is ea Labhrann Óivid le Cathal Ó Searcaigh. Is féidir an bundán a léamh sa sárleabhar An tAm Marfach ina Mairimid (Arlen House, 2010):

OVID SPEAKS


A hundred curses on this place of banishment,
back door to nowhere by the Black Sea.
The warmest day here would freeze the legs off a heron!

It’s a far cry from the cosiness and comforts of Rome.
I’m going to seed here among barbarians
with as much learning and table manners between them as a flea.

Oh for a drop of that divine elixir,
fruit of the vine that gives sparkle to words!
For liquor here there’s nothing but ice in the bottom of a jug.

Oh for the sunny slopes of those homeland vines again,
olive groves, wooded hills.
There I could live off consonants and vowels.

Scintillating Rome! Always in my thoughts,
where I juggled with life and death. There I gave colour
to humility, boldness to the sweetest sounds.


My brain will snap before I understand this Black Sea blather,
it strikes the ears betimes as the howl of wolves,
other times the wrenching of ice from itself.

Augustus it was who betrayed me and blackened my name,
but harsh though his judgement, his punishment, might seem
I swear he will not have victory over my words.

No king, no regime, however powerful
will tyrannise my poetry now or in times to come.
From age to age my poems will surge. They will speak

To rising generations in the fullness of time;
freemen who couldn’t care less about Caesar and his ilk.
This is our age, let him know it, the age of Ovid, Virgil and Horace.

But Augustus is too self-important to see
that it is by the grace of poets that he lives and breathes,
and so will it always be; it is we who fashion the ageless legislation

Of the free word, the honest word that bows not to tyranny,
the glowing commandments of poetry forever guarded by the Muse.
Forgive this hubris, this pride that has brimmed over,

Stature, name and honour have been taken from me
I’m rootless, a beggar. Thrown to the winds
the Word my only home.

Nothing to do but brandish my quill.