2014-10-31

Móg



Ar an lá seo 31 Deireadh Fómhair




"Anocht Oíche Shamhna, a Mhongó Mangó.
Sop is na fuinneogaibh; dúntar na doirse.
Éirigh id' shuí, a bhean an tí.
Téirigh siar go banúil, tar aniar go flaitheamhail.
Tabhair leat ceapaire aráin agus ime
ar dhath do leacain fhéin;
a mbeidh léim ghiorria dhe airde ann
agus coiscéim choiligh dhe im air.
Tabhair chugham peigín de bhainne righin mín milis
a mbeidh leathnach 'na chosa
agus uachtar 'na mhullaigh;
go mbeidh sé ag imeacht 'na chnocaibh
agus ag teacht ina shléibhtibh,
agus ba ó leat go dtachtfadh mé,
agus mo chreach fhada níor bhaol dom."

2014-10-30

Ar an lá seo 30 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 30 Deireadh Fómhair, 1885, rugadh Ezra Pound
Tá an-cháil ar an dán dhá líne aige thíos a foilsíodh sa bhliain 1913 san iris Poetry:


I Stáisiún de Chuid an Mheitreo


Na haghaidheanna seo á nochtadh sa slua;
Peitil ar chraobh thais dhubh

In A Station of the Metro

The apparition of these faces in the crowd;
Petals on a wet, black bough

Tá an dáinín sin luaite trí huaire déag sa Princeton Encyclopedia of Poetry & Poetics (an Ceathrú hEagrán) ina ndeirtear go raibh Pound faoi anáil an haiku. Sampla, de réir na ciclipéide céanna, is ea an dán sin den rud ar a dtugtar paratacsas.
Agus sin deireadh na nuachta. Oíche mhaith agaibh.

Towissakos

Cad is brí leis an bhfocal 'Towissakos'? Tá freagra na ceiste sin sa dráma beag aonghnímh seo. 



2014-10-29

Ar an lá seo 29 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 29 Deireadh Fómhair 1936 dhein Hank Snow an t-amhrán Lonesome Yodel Blue a thaifeadadh.

Lonesome Yodel Blue le Hank Snow

’Siúl dom ar na ráillí, n’fheadar cad tá orm
’Siúl dom ar na ráillí, n’fheadar cad tá orm
Táim ag smaoineamh ort, a Mhaimín, is mothaímse saghas gorm.

Fuair tú daidí eile, chuir tú orm diomú
Fuair tú daidí eile, chuir tú orm diomú
Táim ag insint duit, ’bháibín, beidh mé ag fágaint go luath.

Cheannaíos éadach, is cheannaíos gúnaí nua
Cheannaíos éadach, is cheannaíos gúnaí nua
Beidh tú brónach gan daidí, ó bhó go deo is trua.

Ní thuigeann tú, a stóirín, an grá ’bhí im chroí
Ní thuigeann tú, a stóirín, an grá ’bhí im chroí
Thug mé gach aon ní duit, is d’fhág tú mé gan bhrí.

Á cloisim traein, ar na ráillí ’s í ag teacht
Á cloisimse traein, ar na ráillí ’s í ag teacht
Tá sé thar am ’Mhama, thar am dom féin bheith ag imeacht.

Éist leis an gCruinne: Aistí

ISBN 978-1-78201-085-2 (paperback)

Bailiúchán breá aistí le Gabriel Rosenstock. Foilsíodh cuid mhaith acu ar The Irish Times an chéad uair, aistí ina bpléitear réimse leathan ábhar agus scata daoine a bhfuil spéis aige iontu – Derrick Jensen, David Abram, Amin Maalouf, Wolfi Land­streicher, Rabindranath Tagore, Cathal Ó Searcaigh, Svetlana Marisova agus a thuill­eadh nach iad. Ceisteanna a bhaineann le cúrsaí creidimh agus cúrsaí polaitíochta, náisiún­achas v. ainrialachas, cuir i gcás, cúrsaí teanga is filíochta, gan amhras, cúrsaí timpeallachta, an haiku. Tá a fhios againn go léir faoin am seo cad is haiku ann, ach cad is renku ann? Léigh leat. Léigh faoin bpobal neamh­ghnách san India, na Bishnoi, agus go leor leor eile. Lón machnaimh don rara avis sin na laethanta seo, an léitheoir Gaeilge.

2014-10-28

Ar an lá seo 28 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 28 Deireadh Fómhair, 1867, rugadh an tSiúr Nivedita
Is fiú go mór breathnú ar an duais-scannán Indiach seo faoin Éireannach mná a bhfuil a hainm in airde san India. Tá fotheidil Bhéarla leis. Is trua gan scannáin idirnáisiúnta againn agus fotheidil Ghaeilge leo.

Cuan Ceomhar

Cuan Ceomhar

An cailín beag
ar a scútar
is í ag feadaíl
ní fada anois

Go mbeidh sí ina striapach

Ón 484ú fear
a tholgfaidh sí
an galar
a mharóidh í
is ní bheidh éinne
á caoineadh i gcéin
ach éan farraige
i gcuan ceomhar

Cailín beag
ar a scútar
is í ag feadaíl go bog

 

Foggy Harbour

The little girl
on her scooter
softly whistling
won’t be long now

Before she’s a prostitute

From the 484th man
she’ll contract
the disease
that will kill her
and there’ll be none
to keen her over there
but a seabird
in a foggy harbour

Little girl
on her scooter
whistling softly

2014-10-27

Ar an lá seo 27 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 27 Deireadh Fómhair, 1703, rugadh Johann Gottlieb Graun

Guí / A Wish


Guí

Garmhac an té
a bhfuil a shíniú
ar bhuidéal cáiliúil fuisce
d’iarr ar thaoiseach sa Chongó
ligean dó
radharc canablach a sceitseáil

Éisteadh lena ghuí
ar mhalairt sé chiarsúr bhána

Cailín deich mbliana d’aois
a bhí san íobartach –

Sláinte mhaith!

A Wish

The grand-son of one
whose signature graces
a famous bottle of whiskey
once asked a chieftain in the Congo
to allow him sketch
a cannibalistic scene

His wish was granted
in exchange for six white handkerchiefs

The sacrificial victim
was a ten-year-old girl

Sláinte mhaith!

2014-10-26

Ar an lá seo 26 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 26 Deireadh Fómhair, 1911, rugadh Somhairle Mac Gill-Eathain
Ó Choill go Barr Ghéaráin 
Somhairle MacGill-Eain
Coiscéim 2013
ISBN 6-660012-130535
Lth/Pgs 466

Aithnítear Somhairle MacGill-Eain ar mhórfhilí na fichiú haoise i nGaeilge na hAlban. Tá a chuid dánta anseo, chomh maith le haistriúcháin den scoth ag Paddy Bushe a ligfidh don phobal Gaeilge na hÉireann aithne a chur ar dhuine de na scríbhneoirí is fearr agus is tábhachtaí inár gcomhthraidisiún Gaelach.

Das Wandern ist des Müllers Lust


Das Wandern ist des Müllers Lust

Das Wandern ist des Müllers Lust,
Das Wandern!
Das muß ein schlechter Müller sein,
Dem niemals fiel das Wandern ein,
Das Wandern.

Vom Wasser haben wir's gelernt,
Vom Wasser!
Das hat nicht Rast bei Tag und Nacht,
Ist stets auf Wanderschaft bedacht,
Das Wasser.

Das sehn wir auch den Rädern ab,
Den Rädern!
Die gar nicht gerne stille stehn,
Die sich mein Tag nicht müde drehn,
Die Räder.

Die Steine selbst, so schwer sie sind,
Die Steine!
Sie tanzen mit den muntern Reihn
Und wollen gar noch schneller sein,
Die Steine.

O Wandern, Wandern, meine Lust,
O Wandern!
Herr Meister und Frau Meisterin,
Laßt mich in Frieden weiterziehn
Und wandern.


Ag Fánaíocht

An muilleoir ‘breá leis imeacht ar an bhfán,
Ag fánaíocht!
Is drochmhuilleoir ceart gan aon agó
An té ná raghadh ar fán isló
Ag fánaíocht.

Sé an t-uisce ‘mhúin dúinn an ceacht
An t-uisce!
Níl scíth i ndán dó, níl go brách
Ach é ag sní, ag imeacht ar an bhfán
An t-uisce!

Na rothaí mar a chéile
Na rothaí!
Ní maith leosan a bheith díomhaoin
Ach ag casadh leo gan éagaoin
Na rothaí!

Na brónna féin más trom atáid
Na brónna.
Ba mhaith leo bheith ag damhsa leo
Go meidhreach is go deo na ndeor
Na brónna!

Ag fánaíocht dom ag imeacht ar an bhfán
Ag fánaíocht.
Ó, a bhean agus a fhir an tí
Níl uaim ach bheith i m’ fhánaí
Ag fánaíocht!

2014-10-25

Ar an lá seo 25 Deireadh Fómhair

"Max Stirner" le Friedrich Engels 
via Wikimedia Commons.
Ar an lá seo 25 Deireadh Fómhair, 1806, rugadh Max Stirner
Deirimse: saor tú féin chomh fada agus is féidir, agus beidh do chuidse déanta. . .”

“Foréigean an stáit tugann an stát an dlí air ach foréigean an duine aonair, tugann sé coir air sin.”

“Sa sféar oideolaíochta agus i roinnt sféar eile, ní ligtear don tsaoirse brúchtadh, níl cead ag an bhfreasúra a gheab a chur isteach: géilliúlacht atá uathu… Toradh na scolaíochta an filistíneachas.”

AR SON NA CÚISE!

“Cén chúis nach í mo chúis-se í? I dtosach báire, an Chúis Mhaith, cúis Dé ansin, cúis an chine, na fírinne, na saoirse, na daonnachta, cúis an chirt; agus fós, cúis mo mhuintire, mo phrionsa, mo thíre; sa deireadh, fiú, cúis na hAigne, agus míle cúis eile nach iad. Ach ná bíodh mo chúis féin ina cúis. ‘Mo náire an mé féiní a smaoiníonn air féin amháin!’”

D.H. Lawrence -- Gabh Níos Doimhne ná Grá

Gabh níos doimhne ná Grá

Gabh níos doimhne ná grá mar is doimhne fós é an t-anam,
Ar nós an fhéir atá an grá, ach is é atá sa chroí carraig fhiáin sa doimhneacht,
Leáite, dlúth agus buan ar a shon san.
Síos go dtí an seanchroí domhain leat is caill radharc ort féin.
Is caill radharc ormsa, an mise sin ar thugais grá anfach dó.
Caillimis radharc ar a chéile is scriosaimis na scátháin.
Mar tá cuar fíochmhar ár mbeatha ag bogadh arís go grinneall
As radharc, i nduibheagán an chroí bheo.
 

Go Deeper than Love

Go deeper than love, for the soul has greater depths,
love is like the grass, but the heart is deep wild rock
molten, yet dense and permanent.
Go down to your deep old heart, and lose sight of yourself.
And lose sight of me, the me whom you turbulently loved.
Let us lose sight of ourselves, and break the mirrors.
For the fierce curve of our lives is moving again to the depths
out of sight, in the deep living heart.
 
~ D.H. Lawrence ~
 
(sliocht as Know Thyself, Know Thyself More Deeply)

2014-10-23

Ar an lá seo 23 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 23 Deireadh Fómhair 1927, rugadh Philip Lamantia

Rolf Jacobsen: AINGEAL COIMHDEACHTA

KYTSENGELEN

Jeg er fuglen som banker på vinduet til dig om morgenen
og følgesvennen din, han du ikke kan vite,
blomstene som lyser for den blinde.

Jeg er brekronen over skogene, den blendende
og malmstemmene fra katedralens tårn.
Tanken som plutselig faller ned over dig midt på dagen
og fyller dig med en besynderlig lykke.

Jeg er en du har elsket for lenge siden.
Jeg går ved siden av dig om dagen og ser ufravendt på dig
og legger munnen på hjertet ditt,
men du vet det ikke.

Jeg er den tredje armen din og den andre
skyggen din, den hvite,
som du ikke har hjerte til
og som ikke kan glemme dig mere.

~Rolf Jacobsen~

AINGEAL COIMHDEACHTA

Is mé an t-éan ag eiteallaigh in aghaidh d’fhuinneoige ar maidin,
cara cnis nach gcuirfidh tú aithne go deo air,
bláthanna a lasann do na daill.

Is mé an t-oighearshruth ag lonrú os cionn na gcoillte, mílítheach,
is guthanna doimhne ó thúr na hardeaglaise.
An smaoineamh a bhuaileann gan choinne i lár an lae thú
agus a chuireann as do mheabhair glan le háthas thú.

Is mé an té ar thugais grá dó le blianta fada.
Siúlaim farat an lá ar fad agus stánaim go géar ort
is cuirim mo bhéal led chroí
bíodh is nach eol duit sin.

Is mé an tríú géag agat, an dara
scáil, an neach geal
nach nglacann tú leis
is nach ndéanfadh dearmad choíche ort.

Guardian Angel

Leagan Béarla:  Robert Bly

I am the bird that flutters against your window in the morning,
and your closest friend, whom you can never know,
blossoms that light up for the blind.

I am the glacier shining over the woods, so pale,
and heavy voices from the cathedral tower.
The thought that suddenly hits you in the middle of the day
and makes you feel so fantastically happy.

I am the one you have loved for many years.
I walk beside you all day and look intently at you
and put my mouth against your heart
though you're not aware of it.

I am your third arm, your second
shadow, the white one,
whom you cannot accept,
and who can never forget you.

-- as The Winged Energy of Delight,  aistrithe ag  Robert Bly

2014-10-22

Ar an lá seo 22 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 22 Deireadh Fómhair, 2007, cailleadh Sargon Boulus

Tigh Éabha

Nuair a théimse ar strae
treoraíonn
a súile ansin thíos

Is doimhne
an ciúnas
ina tigh siúd
ná i bhforaois
Is farraige é
an domhan
Timpeall orainn
(níor cruthaíodh an duine fós)
tá éan oíche
sa ghairdín
agus déanann a chantaireacht leamh
sinn a thionlacan síos
ó aibhéis amháin
go dtí an chéad aibhéis eile

Haiku le Issa ón mbliain 1814

Tá sé seo chomh friseáilte inniu is a bhí nuair a cumadh é. D'fhéadfá a rá ná raghadh sé as dáta go deo.
a sheilidín
féach! féach
ar do scáil

.かたつぶり見よ見よおのが影ぼふし
katatsuburi mi yo mi yo ono ga kagebôs

2014-10-20

Ar an lá seo 20 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 20 Deireadh Fómhair, 1926, cailleadh Eugene V . Debs

Fógra: Comórtas/Competition



COMÓRTAS SCRÍBHNEOIREACHTA NUA-EALAÍN 2014! Tá dhá chatagóir i mbliana: Daoine Fásta / Daltaí Dara Leibhéil. Duais Mhór €200! Scaipigí an scéal le bhur dtoil!

http://nuaealain.wordpress.com/comortas-scribhneoireachta-2014/

IRISH LANGUAGE ART WRITING COMPETITION! Two categories, Adults / Secondary School Students. First prize €200. Please spread the word!

2014-10-19

Ar an lá seo 19 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 19 Deireadh Fómhair, 2011, cailleadh Kakkanadan ജോര്‍ജ്ജ് വര്‍ഗ്ഗീസ് കാക്കനാടന്‍

Graifítí an Lae

"Mallacht an duine aonair é an Stát … Caithfidh an Stát imeacht! Réabhlóid a bheadh ansin a mbeadh mise ar a son."
Henrik Ibsen

2014-10-17

Ar an lá seo 17 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 17 Deireadh Fómhair, 1933, rugadh Jeanine Deckers

DOIMINÍCÍN

Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia
A l’époque où Jean Sans Terre
D’Angleterre était le roi,
Dominique, notre Père,
Combattit les Albigeois
Nuair ’bhí Seán Gan Chríoch i réim
I Sean-Sasana mar rí,
Doiminícín, thug sé léim
Faoi na hAilbigeinsiní!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Certain jour, un hérétique
Par des ronces le conduit,
Mais notre Père, Dominique,
Par sa joie le convertit-
Chuir an t-eiriceach seo lá
ár mbochtáinín dil ar strae:
Doiminícín lena ghrá
’S aige siúd a bhí an svae
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Ni chameau, ni diligence,
Il parcourt l’Europe à pied,
Scandinavie ou Provence,
Dans la sainte pauvreté.
Gan aon chamall gan aon charr
Bhí sé thall is bhí sé abhus
Críoch Lochlann - bun go barr
Ní raibh tacsaí ann ná bus!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Enflammá des toutes écoles
Filles et garçons pleins d’ardeur,
Et pour semer la parole,
Inventá les Frères Prêcheurs.
Ní raibh cailín ná garsún
Nach raibh líonta lena dhúil,
D’fhág a shíol bán ar an ród -
Bhí na Bráithre ar an bhfód.
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Chez Dominique et ses frères,
Le pain s’en va à manquer,
Et deux anges se preséntèrent,
Portant deux grands pains dorés.
Is do rith siad as arán
An saghas donn is an saghas bán:
Tháinig báicéirí ó Neamh
Thug builíní dóibh nár leamh!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Dominique vit en rêve
Les prêcheurs du monde entire
Sous le manteau de la Vierge
En grand nombre rassemblés.
Is níl fhios agam cén fáth
Ach tá leid ann sa churfá
Nach mbeidh deireadh le mo rann
Hé ná himigh, tusa – fan!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Dominique, mon bon Père,
Garde-nous simples et gais
Pour announcer à nos frères
La Vie et la Verité.
Is níl fhios agam cén chúis
‘Bhfuil an domhan seo lán de dhrúis,
Ní bheidh deireadh le mo rann
Seo leat, can liom, seo leat, can!
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.
Dominique, nique, nique,
S’en allait tous simplement
Routier pauvre et chantant.
En tous chemins, en tous lieux,
Il ne parle que du bon Dieu,
Il ne parle que du bon Dieu,
Doiminícín, ícín, ícín,
an simpleoir ’s an bochtán
ag canadh ’s é ar fán.
Ar feadh na slí, sea dar fia,
gan aon ábhar caint’ ach Dia
gan aon ábhar caint’ ach Dia.

Loukanikos ar Lár. Slán, a Chomrádaí!


Cailleadh Loukanikos, Gadhar na gCíréibeacha, san Aithin. Deich mbliana d'aois a bhí sé. Chuir gás tachtach na bpóilíní isteach ar a scamhóga agus tar éis do na húdaráis é a chiceáil arís is arís eile sna heasnacha, b'éigean dó éirí as an agóidíocht thart ar dhá bhliain ó shin. Bhí an t-ainrialaí ina luí ar an tolg agus go tobann, stop a chroí cróga. SLÁN, A CHOMRÁDAÍ!










.....

2014-10-16

Ar an lá seo 16 Deireadh Fómhair

Íomha Das Blaue Sofa
Ar an lá seo 16 Deireadh Fómhair 1927 rugadh Günter Grass.
An Cloigeann Muice Glóthaithe
die Schweinekopfsulze
Gunter Grass
Gabriel Rosenstock
Coiscéim 1991

Dátheangach / Bilingual
Gaeilge - Gearmáinis
Rogha dánta le Gunter Grass, duine de mhórscríbhneoirí na haoise seo, údar Die Blechtrommel (An Druma Stáin) agus go leor eile. Gabriel Rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge. Réamhrá le Andrea Nic Thaidhg.

Roy Orbison: Beainín Ghleoite

Beainín Ghleoite

Beainín ghleoite, is í ag dul thar bráid
Beainin ghleoite, is í ag siúl na sráid’
Beainín ghleoite
Ní chreidim fianaise mo dhá shúl
Ní fhéadfadh éinne a bheith mar thú:
Déan trua!

Beainín ghleoite, gabh mo mhíl’ leithscéal
Beainín ghleoite, feicim thú trí néal
Beainín ghleoite
Tá tú aoibhinn gan aon bhréag
Is bhfuil uaigneas ort, mo léan,
Bhabha

Beainín ghleoite, éist liom seal
Beainín ghleoite, labhair liom seal
Beainín ghleoite, tabhair dom gáir’ ód bhéal
Beainín ghleoite, yé yé yé
Beainín ghleoite, féach go séimh
Beainín ghleoite, fanfaidh tú lem thaobh
Tá tú uaim, go daingean docht,
Tar liom a stóirín, bí liom anocht

Beainín ghleoite, cá’il tú ag dul,
Beainín ghleoite, ná lig dom gol
Beainín ghleoite, ná himigh uaim, hé: óicé
Más mar sin atá bhuel, bíodh: óicé,
Is ceart dom imeacht, tá sé mall
Is beidh mo sheans arís ar ball
Ach féach í féin
Í ag siúl arís faoim dhéin
Yé, í ag siúl arís faoim dhéin,
Ó, ó, beainín ghleoite

2014-10-15

Ar an lá seo 15 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 15 Deireadh Fómhair, 1934, rugadh N. Ramani

An iceberg emerges from dense fog. Tasiilaq, Greenland

Íomhá Ron Rosenstock
taibhríodh an Sfioncs
do chnoc oighir -
Tasiilaq sa Ghraonlainn
an iceberg
dreamed of the Sphinx -
Tasiilaq in Greenland

2014-10-14

Ar an lá seo 14 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 14 Deireadh Fómhair, 1814, rugadh Thomas Davis.
Tá an méid a bhí le rá aige faoin nGaeilge anseo:

Smaoineamh an Lae

"Fad is atá an sách is an seang agat sa tsochaí agus iad in aghaidh a chéile go naimhdeach, beidh an stát riachtanach chun pribhléidí an mhionlaigh atá sách a chosaint."

2014-10-13

Íoslódálacha


  1. Haiku le Petar Tchouhov. An chéad leabhar Gaeilge-Bulgáiris.
  2. Dánta le Rati Saxena. An chéad leabhar Gaeilge-Hiondúis.
  3. Sasquatch, leabhar filíochta dátheangach.
  4. Through the Elms and the Sycamores, gearrscéal i mBéarla le Ray Rosenstock (deartháir le Gabriel)
  5. Clúdach The Naked Octopus
  6. An Cat agus an Ghealach, aistriúchan ar dhráma le W. B. Yeats
  7. Tairseach an Rí, aistriúchán ar dhráma le W. B. Yeats
  8. Dánta le Hilde Domin
  9. Gabriel Rosenstock & Greg Rosenstock ag ól sláinte Edward Snowden
  10. Damhsaí Deireanacha, dánta le Grass
  11. Dánta le Michael Krüger
  12. Dánta le Günter Kunert
  13. Dánta le Munir Niazi
  14. Bliain an Bhandé, cnuasach dátheangach

Ar an lá seo 13 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 13 Deireadh Fómhair 1948 rugadh Nusrat Fateh Ali Khan

Léirmheas: Haiku – gabh mo leithscéal!

Athcló le caoinchead ó Tuairisc.ieAntain Mac Lochlainn



Gabriel Rosenstock
Maisithe ag Brian Fitzgerald
An Gúm

An fhírinne i dtosach: bhí mise lá den saol agus ba bheag orm caint ar bith ar haiku. Ní raibh ann, dar liom, ach línte leamha gan doimhneacht gan damhna. Ach oiread le hióga agus Pokémon, ba ghné de chultúr an Oirthir é nár chuir mé dúil ar bith ann.

Ach is duine sotalach a mbeadh dímheas aige ar fhoirm ealaíne a bhfuil sé iomlán aineolach uirthi. Is dá bhrí sin a tharraing mé chugam an leabhar gairid seo a chraobhscaoileann buanna an haiku.

Agus tá lúcháir orm gur tharraing, nó tá sé ar cheann de na leabhair is taitneamhaí dár léigh mé le fada an lá. Ní bolscaire borb ar bith é ach tá dúthracht Rosenstock don chineál seo éigse le brath ar gach uile leathanach.

Sibhse a bhfuil cuimhne agaibh ar bheith ag treabhadh trí thráchtais thirime faoi mheadarachtaí an Dáin Dhírigh, beidh faoiseamh oraibh a chluinstin nach mbáfar sibh faoi thonnta troma eolais. Cinnte, gheobhaidh sibh amach cén fáth nach mbíonn ceannlitreacha ná lánstadanna sa haiku; cuirfidh sibh eolas ar théarmaí teicniúla mar ‘kigo’, ‘kire-je’ agus ‘haiga’ – ach is ag iarraidh an léitheoir a spreagadh atá Rosenstock, murab ionann agus a cheann a phlúchadh le rialacha. Leabhar atá ann a oirfidh don aos óg agus do mo leithéidse: seanfhondúirí a bhfuil dúil acu i bprós soiléir, i bpictiúir dheasa agus i gcló mór.

Cad é a d’fhoghlaim mé, mar sin? An rud is tábhachtaí ar fad ná an dóigh le haiku a mheas. Na lochtanna a bhí agamsa air, ní lochtanna ar chor ar bith iad, má thuigtear an scéal i gceart. Is ea, an féincheistiú agus an fhéinspéis atá i gcroílár litríocht bourgeois an Iarthair, is ar éigean is ann dóibh sa haiku. Ní hiad doimhneacht smaointeoireachta, ornáidí ná clisteacht friotail buaic an haiku (bíodh is gur minic na buanna sin iontu). Is de réir a bheochta is ceart haiku a mheas.

    Do shúile a oscailt, agus pé rud atá os do chomhair ag an am – míorúiltí beaga agus móra na beatha – a thabhairt faoi deara. Iad a fheiceáil i gceart, faoi mar a bheifeá ag féachaint orthu den chéad uair. Ligean dóibh iontas a chur ort. An t-iontas sin a bhreacadh síos i dtrí líne – sin agat haiku.

Tabharfaidh sibh faoi deara nach ‘rudaí tromchúiseacha a fheiceáil’ atá sa sliocht thuas: réabhlóid, agóid, grá geal do chroí. Tá haiku beaga bríomhaire anseo mar gheall ar mhanaigh agus moncaithe, crainn agus capaillíní, dreancaidí agus blaincéid. ‘Ní dráma go coimhlint’ a deir scríbhneoirí an Bhéarla. ‘Dráma atá sa saol uile,’ a déarfadh an file haiku, ‘don té atá i láthair na huaire’, (más ceadmhach dom casadh a chur i sean-nath Gaeilge). Is é an mana sin a chuireann ar a gcumas do mháistrí haiku línte uasdiamhaire a chumadh, línte a chealaíonn gach teorainn idir ‘mise agus tusa’ nó ‘istigh agus amuigh’. A leithéid seo:

    snáthaid mhór…
    na sléibhte i gcéin
    ina dhá súil

Leabhar álainn, idir théacs, dhearadh agus líníochtaí.

2014-10-12

The Journey/ An tAistear


An tAistear


Os cionn na sléibhte
casann na géanna isteach
sa solas athuair

a scáthchruthanna dubha
á bpéinteáil acu
ar an spéir fhairsing.

Uaireanta caithfear
gach aon ní
a bhreacadh
san fhirmimint

chun teacht
ar an aon líne sin
atá scríofa cheana
ionat.

Uaireanta bíonn gá
le spéir mhór
chun an ding bheag gheal sin
i do chroí féin
Nach bhfuil aon chur síos uirthi
a aimsiú.

Uaireanta bíonn rud éigin nua
scríofa ag neach éigin
i luaithreach do shaoil

le cnámha na maidí dubha
a fhágtar nuair a théann
an tine in éag.

Ní ag imeacht atá tú
ach ag teacht.
 

The Journey


Above the mountains
the geese turn into
the light again

Painting their
black silhouettes
on an open sky.

Sometimes everything
has to be
inscribed across
the heavens

so you can find
the one line
already written
inside you.

Sometimes it takes
a great sky
to find that

small, bright
and indescribable
wedge of freedom
in your own heart.

Sometimes with
the bones of the black
sticks left when the fire
has gone out

someone has written
something new
in the ashes of your life.

You are not leaving
you are arriving.

~ David Whyte ~

Ar an lá seo 12 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 12 Deireadh Fómhair rugadh Eugenio Montale.
Dánta leis an Duaiseoir Nobel le léamh anseo:


2014-10-11

Focal an Lae: Crwth/Cruit/Rote


Ó A word a day

 rote

PRONUNCIATION:
(roht)

MEANING:
noun:
1. A mechanical or unthinking way of doing something.
2. The sound of surf.
3. A medieval stringed instrument or Celtic origin. Also known as crowd or crwth.

ETYMOLOGY:
For 1: Of obscure origin. Earliest documented use: 1325.
For 2: Perhaps of Scandinavian origin. Earliest documented use: 1610.
For 3: From Middle French rote. Earliest documented use: 1330.

USAGE:
"From learning by rote they graduated to living by rote."
Ashwini Bhatnagar; Dina Nath (MBA); 2014.

"The dull mist immediately broke, blossomed with marvelous colors, all kinds of sounds burst forth -- the rote of the sea, the clapping of the wind, human cries."
The Stories of Vladimir Nabokov; Knopf; 1995.

"One played the harp; another a viol;
another, the flute; another, a fife;
one played a rebeck; another, a rote."
E.D. Blodgett, translator; Romance of Flamenca; Routledge; 1995.


A THOUGHT FOR TODAY:
In a consumer society there are inevitably two kinds of slaves: the prisoners of addiction and the prisoners of envy. -Ivan Illich, philosopher and priest (1926-2002)

Bob Marley: Eacsadas

Eacsadas.

Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó-ó-ó, yé-éé!.
Beidh na daoine anuas ort (Canathaobh?!)
Nuair a lonróidh Jah. (Há-há-há-há-há-há-há!)
Mura bhfuil tu ’mithe ar fán (Cén fáth?)
Tá gach aon ní ceart, tá

Seo seo linn ag siúl – go deimhin – trí bhóithre na nDúl.
Mar is sinne an ghlúin (Canathaobh?!).
(Sinn’ a shiúil tríd an mbuairt), sinn’ a shiúil tríd an mbuairt

Eacsadas, go breá! Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Ó, yé! Ó-úú, yé! Go breá!
Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, yé!

Yé-yé-yé, bhuel!
Uth! Oscail do shúile, féach isteach
An bhfuil tú sásta (leis an saol ’tá agat)? Uth!
Feicimid ‘’bhfuil romhainn, uth!
Agus cad as dúinn
Slán leis an mBablóin
Ár dtriall ar ár nAithreacha

Aon, do, trí: Eacsadas: tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, yé!
(Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Cuir chugainn arís ár ndeartháir Maois!
(Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Ón Muir Rua anall!
(Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Cuir chugainn arís ár ndeartháir Maois!
(Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Ón Muir Rua anall!
(Tá lucht Jah ag gluaiseacht!)
Eacsadas, go breá! Úú-úú-Ó! Úú-Ó!
(Tá lucht Jah ag gluaiseacht!) Ó, yé!
Eacsadas!
Eacsadas! Go breá!
Eacsadas! Anois, anois!
Eacsadas!
Eacsadas! Ó, yé-é-é-é-é-é-á!
Eacsadas!
Eacsadas! Go breá!
Eacsadas! Uth-uth-uth-uth!

Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluiais!
Oscail do shúile, féach isteach,
An bhfuil tú sásta (leis an saol ’tá agat)?
Feicimid ‘’bhfuil romhainn, uth!
Agus cad as dúinn
Slán leis an mBablóin, slán!
Ár dtriall ar ár nAithreacha

Eacsadas, go breá! Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!

Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais!

Jah ’teacht lán de cholg-
Deireadh leis an daor
Stop le cos ar bolg
Sclábhaithe bheith saor

Eacsadas, go breá, go breá!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó,yé!
Eacsadas: Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Ó, anois, anois!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!

Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Gluais! Uth-uth-uth-uth!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht! Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!
Tá lucht Jah ag gluaiseacht!

Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair

"Thích Nhất Hạnh". Ceadaithe faoi CC BY 2.0 via Wikimedia Commons.

Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair, 1926, rugadh Thích Nhất Hạnh

Tabhair M’Fhíorainmneacha Orm

Ná habair go n-imeod amárach
mar inniu féin táim ag teacht.
Féach go géar: tagaimse gach soicind
le bheith im bhachlóg ar ghéag earraigh,
le bheith i m’éinín is a chuid sciathán fós leochaileach,
ag foghlaim na cantaireachta im nead nua,
le bheith im speig neanta i gcroí blátha,
le bheith im sheoid i bhfolach i gcloch.
Mé ag teacht i gcónaí, d’fhonn gáire a dhéanamh agus gol,
d’fhonn eagla a bheith orm is dóchas a bheith agam.
Rithim mo chroíse breith is bás
an uile ní beo.
Is mé an chuil Bhealtaine ag claochlú ar chraiceann na habhann,
agus is mé an t-éan ar theacht an earraigh a thagann in am
chun an chuil Bhealtaine a ithe.
Is mé an frog ag snámh go sona sásta sa linn ghlé
agus is mé an nathair, leis, sa bhféar, nach ciúin
mar a tháinig mé ar an bhfrog: slog!
Is páiste in Uganda mé, creatlach bheo,
mo dhá chos chomh tanaí le maidí bambú,
agus is mé an ceannaí uirlisí troda a dhíolann
airm mharfacha le hUganda.
Is mé an cailín dhá bhliain déag d’aois, teifeach i mbáidín,
is caithim mé féin amach san aigéan
tar éis d’fhoghlaí mara mé a éigniú,
agus is mé an foghlaí mara nach bhfuil radharc aige fós
ná grá ina chroí.
Ball den pholitburo mé agus cumhacht go leor agam,
agus is mé an duine a chaithfidh fiacha na fola
a íoc le mo mhuintir,
iad ag éag go mall i gcampa oibre éigeantais.
Is geall leis an earrach é mo ríméadsa, teas ann
a chuireann bláthanna ag fás thall is abhus.
Is geall le habhainn deor í mo phiansa
a líonann na haigéin go léir.
Tabhair m’fhiorainmneacha orm le do thoil
chun go gcloisfinn mo ghol is mo gháire le chéile
chun go n-aithneoinn gurb ionann mo ríméad is mo phian.
Tabhair m’fhíorainmneacha orm
chun go ndúiseoinn
is chun go bhfágfaí ar leathadh doras mo chroí,
doras na comhbhá is na hatrua.

2014-10-10

Feartlaoi ar Arm Amhas

Bhí mo theanga i mo phluic agam nuair a d'aistríos dán Housman, Epitaph on an Army of Mercenaries, mar nach gcreidimse gur cheart dúinn an Chéad Chogadh Domhanda ná cogadh ar bith eile a chomóradh.

Feartlaoi ar Arm Amhas

Iad siúd is an díon ag titim ón spéir
Is bunsraith an domhain ag teitheadh léi
Leanadar a ngairm amhais go léir
A bpá do ghlacadar is chuaigh in éag.

A nguaillí d’fhulaing an spéir liath
Sa bhearna bhaoil do sheas do chách
Chosnaíodar a raibh tréigthe ag Dia
Tharrtháil an domhan ar son a bpá.
A E Housman

(Freagra a scríobh Hugh MacDiarmid ar dhán Housman)

Ar an lá seo 10 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 10 Deireadh Fómhair, 1599, rugadh Étienne Moulinié.

Malala Yousafzai: Duaiseoir Nobel ar Son na Síochána


"Ní chuirfidh an cogadh deireadh le cogadh.
Más mian leat deireadh a chur leis an gcogadh,
Más mian leat troid in aghaidh an chogaidh,
In áit gunnaí, cuir leabhair
In áit na dtancanna, cuir pinn     
In áit na saighdiúirí, cuir oidí chugainn."

2014-10-09

Rún Roswell/ The Roswell Secret


RÚN ROSWELL

Thánadar chun rud éigin a rá linn
ach níor thuig éinne a n-urlabhra -
i nGaeilge a bhí an teachtaireacht

THE ROSWELL SECRET

They came to tell us something
but no one understood their speech -
the message was in Irish

Ar an lá seo 9 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 9 Deireadh Fómhair, 1921, rugadh Tadeusz Różewicz.
Dhá dhán leis:


Profaí

Ní cheartóidh an bás
oiread is líne amháin filíochta
ní léitheoir profaí é
ná baneagarthóir
báúil

Is neamhbhásmhar é an drochmheafar

An drochfhile a cailleadh
is drochfhile marbh é

Is leadránach i ndiaidh a bháis é an leadránaí
leanann an t-amadán dá ghiob geab
is é san uaigh

Fág sinn

Déan dearmad orainn
ar an nglúin seo againne
mair mar dhuine
déan dearmad orainn

bhíomar in éad
le plandaí is clocha
in éad le madraí

b’fhearr liom bheith im fhrancach
arsa mise léi ansin
b’fhearr liomsa gan bheith ann
b’fhearr liom bheith im shuan
is dúiseacht nuair a bheadh an cogadh thart
ar sise is na súile dúnta aici

Déan dearmad orainn
ná fiosraigh faoinár n-óige
fág sinn

2014-10-08

Smaoineamh an Lae

"Munar féidir fáil réidh le hairgead, ní féidir an tionchar uilechumhachtach atá aige ar réimsí eile a scriosadh. Chun é a rá ar shlí eile, munar féidir an riachtanas a bhaineann le hairgead a chur ar ceal, beidh sé dodhéanta ar fad feabhas a chur ar chúrsaí an tsaoil agus ar nádúr an duine."

IMRAM/COISCÉIM - CUIREADH


Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair @ 6:30 in
Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh
Gaelchultúr, 11 Clare Street
Saorchead isteach/free admission

MÓRSHEOLADH LEABHAR
Simon Ó Faoláin & Mícheál Ó Ruairc

Is é Dambatheanga: Damlanguage, an chéad chnuasach le Mícheál Ó Ruairc ón mbliain 2001 agus tá díograiseoirí teanga sna trinsí ann nó gránáidí á gcur thar leathdhoras isteach i dtithe Gaeltachta acu; tá an file dambnaithe Seán Ó Ríordáin ina sheasamh sa bhearna bhaoil in Inis Cara ar eagla go mbáifí a chathair naofa faoin mbéarlagair atá chuige ina thuile thréan; agus i gcoim na hoíche dorcha tá anamacha ar strae á n-iompar ag Nitelink i dtreo an fholúis ifreanda.

D'fhoilsigh Simon Ó Faoláin a chéad chnuasach Anam Mhadra sa bhliain 2006 agus aithníodh go raibh guth ar an bhfód a raibh siúráil aisteach nua ag roinnt leis, dar le Gréagóir Ó Dúill. Dála Patrick Kavanagh aithníonn sé leithne uilíoch an pharóiste. File é nach seachnaíonn an léann ná modhanna trialacha. 'Toradh tochailte' a bhí sa dara cnuasach uaidh dar le Paddy Bushe.

Ar an lá seo 8 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 8 Deireadh Fómhair, 1585, rugadh an mórchumadóir Heinrich Schütz

2014-10-07

Smaoineamh an Lae

Black Panther tráth den saol,
Ashanti Alston, ainrialaí:
"An rud tábhachtach ná go dtuigfeadh daoine go gcaithfidh an t-ainrialachas a bheith beoga, réidh le hathrú, má tá sé chun baint a bhith aige lenár saol... caithfidh sé a bheith ar nós snagcheoil. Tagraímse do shnagcheol Mheiriceá go minic. Tháinig an snagcheol as pobail Afracacha atá ag bun an dréimire sna Stáit Aontaithe, agus chruthaíodar rud éigin as faic. Is léir gur tháinig cuid den taithí Eorpach is cuid den taithí Ghorm le chéile  agus cruthaíodh an rud seo snagcheol ar seiftiú nó cumadóireacht ar an láthair é. Domsa, is ainrialachas é sin. Daoine sa ghluaiseacht ainrialach caithfidh siad a thuiscint go mbaineann foirmeacha éagsúla leis an ainrialachas ar fud an domhain agus i gcaitheamh na staire go léir, pé acu an úsáidtear nó nach n-úsáidtear an téarma sin."

Ar an lá seo 7 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 7 Deireadh Fómhair, 1879, rugadh Joe Hill.

JÓ HILL

Do chonaic mise Jó aréir
Sé bhí lán de bhrí!
Ar mé, 'Ach Jó, nach marbh duit!!'
"Níor cailleadh mise riamh!"
"Níor cailleadh mise riamh!"

'In Salt Lake, Jó,' a deirim leis,
Is taobh lem leaba bhí,
'Do cuireadh dúnmharú id leith,'
Ar Jó, "Táim lán de bhrí!"
Ar Jó, "Táim lán de bhrí!"

'Do chniog lucht copair thú, a Jó,
Mharaíodar thú, mo léir!'
"Theastódh níos mó ná gunna muis!'
Ar Jó, "Níor cailleadh mé!"
Ar Jó, "Níor cailleadh mé!"

Is sheas ansin chomh beo bhí riamh
An gáire ina shúil:
"An rud ná rabhadar in ann a chloí
Do chuaigh ag eagrú
Do chuaigh ag eagrú."

"Níl Joe Hill marbh," ar seisean liom
"Tá Joe Hill beathach beo.
Má bhíonn lucht oibre amuigh ar stailc
Beidh Jó in aice leo.
Beidh Jó in aice leo.

Ó San Diego suas go Maine
Le hallas is le fuil
Má sheasann daoine lena gceart
Is ann a bheidh Jó Hill
Is ann a bheidh Jó Hill

Do chonaic mise Jó aréir
Sé bhí lán de bhrí!
Ar mé, 'Ach Jó, nach marbh duit!'
"Níor cailleadh mise riamh!"
"Níor cailleadh mise riamh!"

2014-10-06

Ní léirmheas ar léirmheas é seo!

Léirmheas leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar an gcnuasach Cuach Ó Aois Eile ag Glaoch (Coiscéim), léirmheas a bhuaigh duais Oireachtais i mbliana. Foilsíodh leagan de i gComhar. Tréaslaím léi é.


Nílimse chun léirmheas a scríobh ar an léirmheas ach cé a dúirt le hAilbhe gur Búdaí mé? Chonaic mé an ráfla sin ar an iris COMHAR ceart go leor, iris a thug bata is bóthar dom mar cholúnaí. (Dá mba Bhúdaí a bhí ionam ní luafainn é sin!) Dála an scéil, deir lucht sanasaíochta linn go bhfuil an focal Páilise 'buddha' gaolta le 'bod' na Gaeilge. Anois duit! Foghlaimímid rud éigin nua gach maidin, sinne a bhíonn inár mbúdaithe (inár ndúiseacht) go moch ar maidin!
Ní Búdaí mé cé go bhfuil scoileanna éagsúla den Bhúdachas tar éis dul i bhfeidhm orm, an Zen-Bhúdachas, mar shampla, chomh maith le 'Pure Land Buddhism' mar a thugtar ar an mBúdachas a shamhlaítear leis an máistir haiku Issa, gan trácht ar an nGaois Bhuile (nó 'Crazy Wisdom') go háirithe mar a d'fhoghlaimíos é trí theagasc Chogyam Trungpa -  agus a thuilleadh scoileanna Búdachais nach iad. An saothar is déanaí uaim ná 100 haiku, i nGaeilge agus i mBéarla, a scríobhas tar éis dom machnamh a dhéanamh ar ghrianghraf a glacadh de Trungpa agus gunnán dírithe ar a chloigeann aige. (Níor foilsíodh an saothar seo fós). Tá go maith, ach níor fhógraíos riamh gur Búdaí a bhí ionam. Ní fhéadfainn é sin a dhéanamh nuair atá an oiread eile sin tar éis dul i bhfeidhm orm (go smior): Bhakti, cuir i gcás, Súifeachas, Seamanachas, Daochas agus Advaita. Is i mo Chaitliceach Rómhánach a tógadh mé. Ní Rómhánach a bhí riamh ionam, ar  ndóigh.
Tá leabhar haiku eile agam, i nGaeilge agus i mBéarla, (nár foilsíodh fós) leabhar atá bunaithe ar an nGael-Airgintíneach Ché Guevara ach ní hionann san is a rá gur Guevarach mé.

Anois, tá an méid sin tugtha chun soiléire agam, tá súil agam!

Ar an lá seo 6 Deireadh Fómhair

Ar an lá seo 6 Deireadh Fómhair, 1591, rugadh Settimia Caccini

AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY


Mair ní ar do shon féin ach ar son daoine eile an soiscéal a bhí ag an bhfáidh reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois. Athruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta a d'éiligh sé ina chuid amhrán agus san am  céanna lig sé dá chuid éisteoirí a mbuairt a dhearmad agus damhsa leis an gceol.

Cuirfidh Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley an chuid is fearr dá shaothar i láthair. Gaeilge ghleoite curtha ag Gabriel Rosenstock ar na liricí, Liam Ó Maonlaí agus an banna reggae Béal Feirsteach Bréag, Steve Cooney, Natty Wailer,  Justine Nantale, Esosa Ighodaro agus Zeenat Sarumi a chanfaidh. Íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan.


Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair
Pavilion Theatre, Dún Laoghaire
Cead isteach/admission €20/18
Booking (01) 231 2929 or online at www.paviliontheatre.ie
or www.entertainment.ie/imram

2014-10-05

Seoid

an áit a dtéann an ghrian
nuair a bhíonn na gormacha
uirthi

John Scarlett