2015-01-18

Físdán Vision-Poem :David Whyte


 


An Loch Reoite


Anseo ar an ard
tá sé chomh simplí leis seo,
fág gach a  bhfuil ar eolas agat id dhiaidh.

Druid i dtreo an dromchla fhuair,
abair paidir sin an gharbhghrá
agus leath amach do dhá ghéag.

Iad siúd a thagann is gan faic ina lámha acu
stánfaidh siad ar an loch is alltacht orthu
ansiúd faoin loinnir fhuar
is sneachta fuar ina scáil

fíorchruth do chuntanóis féin