2015-01-28

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Tá ainmhithe agus éanlaith á seilg ó thús ama. Cuid acu, éiríonn leo éalú ón sealgaire. Ach an seanéan sa haiku seo, glacann sé leis go bhfuil a phort seinnte. An ag cuimhneamh ar a bhás féin atá Issa sa haiku machnamhach seo?
Sa bhliain 1827 a cailleadh é.

seanéan -
fiú sula dtosaíonn an tseilg
glacann lena chinniúint

.老鳥の追れぬ先に覚悟哉
oi tori no owarenu saki ni kakugo kana