2015-02-07

Der Jüngling auf dem Hügel/ Ógánach ar an gCnocán

File: Heinrich Hüttenbrenner
Cumadóir: Franz Schubert
Ein Jüngling auf dem Hügel
Mit seinem Kummer saß,
Wohl ward der Augen Spiegel
Ihm trüb' und tränennaß.

Sah frohe Lämmer spielen
Am grünen Felsenhang,
Sah frohe Bächlein quillen
Das bunte Tal entlang;

Die Schmetterlinge sogen
Am roten Blütenmund,
Wie Morgenträume flogen
Die Wolken in dem Rund;

Und Alles war so munter,
Und Alles schwamm in Glück,
Nur in sein Herz hinunter
Sah nicht der Freude Blick.

Ach, dumpfes Grabgeläute
Im Dorfe nun erklang,
Schon tönte aus der Weite
Ein klagender Gesang;

Sah nun die Lichter scheinen,
Den schwarzen Leichenzug,
Fing bitter an zu weinen,
Weil man sein Röschen trug.

Jetzt ließ den Sarg man nieder,
Der Totengräber kam,
Und gab der Erde wieder,
Was Gott aus selber nahm.

Da schwieg des Jünglings Klage,
Und betend ward sein Blick,
Sah schon am schönem Tage
Des Wiedersehens Glück.

Und wie die Sterne kamen,
Der Mond heraufgeschifft,
Da las er in den Sternen
Der Hoffnung hohe Schrift.
Ógánach ar an gcnocán
Is é ag déanamh bróin;
Is tháinig le gach ochlán
Na srutháiníní deor.

Bhí uainíní ag pramsáil
In aice leis an aill,
An chaise is í ag damhsa
Is deoir amháin níor chaill.

Na féileacáin ag síor-ól
As dearg-bhéal na mbláth
Is néalta mar bhrionglóidí
Ag fáiltiú roimh an lá.

Is bhí an domhan go haerach
Is ar a sháimhín só
An t-ógánach mo léan géar –
A chroí chomh trom le bró.

Uch, clingeann an chreill bháis
Sa ghráig ard is glé
Is cloistear ins gach aird
Macalla toll an léin.

Is chonaic sé na tóirsí -
An tsochraid ar an ród-
Is gearr go mbeadh a Róisín
Á hadhlacadh faoin bhfód.

Is íslíodh an chónra
Is tosnaíodh ar shluaisteáil:
An chré ’bhí ann i gcónaí
Ag cré arís á fáil.

Is stop ansin dá éagaoin
Is thosnaigh sé ag guí
Go mbeadh siad beirt le chéile
Go deo is go síoraí.

Féach seo amach na réaltaí,
An ré ag gluaiseacht léi
Is chonaic sé sna spéartha
An dóchas ’bhí le léamh