2015-02-08

Haiku le Issa ón mbliain 1824

foláireamh
ó na péisteanna i mo bholg:
'sneachta amárach!'

.腹の虫なるぞよ雪は翌あたり
hara no mushi naru zo yuki wa asu atari

Haiku aisteach, nach ea? An tuairim atá ag saineolaithe áirithe ina thaobh ná seo: tá comhbhá ag Issa le gach ní beo, mar is eol dúinn - na seadáin istigh ann féin san áireamh agus iad á rá leis a bheith ullamh mar go gcuirfidh sé sneachta amárach. Samhlaíocht ar fad nó an bhféadfadh go bhfuair Issa teachtaireacht aisteach éigin uathu?! Má tá péisteannna stéige agamsa, níor labhradar riamh liom.