2015-02-27

Imeachtaí IMRAM i Mí an Mhárta/IMRAM Events for March

Satharn 7 Márta/ Saturday 7 March
Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2
The Pearse Centre, 27 Pearse St, Dublin 2
6.00pm
Saorchead isteach/Admission free


NUASCRÍBHNEOIREACHT NA GAEILGE - SHOWCASE OF NEW WORK BY LEADING WRITERS

With music by Colm Ó Snodaigh
Fear an tí/MC: Cathal Póirtéir

Cúis mhórtais agus áthais d'IMRAM, i gcomhar le hAontas na Scríbhneoirí, léamh speisialta a chur i láthair ina mblaisfimid de shaothar nua ó chuid de na scríbhneoirí is bisiúla sa tír. I measc na léitheoirí beidh Éilís Ní Dhuibhne  ar bronnadh Gradam PEN 2015 uirthi as a bhfuil bainte amach aici i réimse na litríochta sa dá theanga. Údar na n-úrscéalta cáiliúla Céard É English? agus Cnoc na Lobhar é Lorcán S. Ó Treasaigh. Údar na gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf agus Sciorann an tAm í Orna Ní Choileáin, leabhair a bhfuil greann is suaitheadh neamhchoitianta iontu. Údar na mbailiúchán filíochta Idir Beocht is Beatha agus Faigh Greim ar an Ghrian é Proinsias Mac a' Bhaird, an duine céanna a chuir amhránaithe ar an sean-nós á marú sa scéinséir Rún an Bhonnáin. Duine d'fhilí agus d'úrscéalaithe nótáilte na tíre seo é Liam Ó Muirthile. Tugadh ardmholadh don úrscéal is déanaí uaidh An Colm Bán atá suite i bPáras.

Cloisfear amhráin ó Cholm Ó Snodaigh (Kíla) chomh maith. Ceoltóir ildánach é an Snodach. Seinneann sé an fhliúit, an fheadóg stáin, an giotár, sacsafón agus cnaguirlisí. Tá amhráin i nGaeilge agus i mBéarla ar a albam aonair Giving.

In association with Aontas na Scríbhneoirí, IMRAM is proud to present a special reading in which leading writers will read new work and work in progress. Readers include Éílís Ní Dhuibhne, author of 2015 recipient of the Irish PEN Award for her outstanding contribution to literature. Lorcán S Ó Treasaigh is the acclaimed author of the novels Céard É English? and Cnoc na Lobhar. Orna Ní Choileáin is the author of the wickedly subversive and witty short story collections Canary Wharf and Sciorann an tAm. Proinsias Mac a’ Bhaird is the author the poetry collections Idir Beocht is Beatha and Faigh Greim ar an Ghrian and the thriller novel Rún an Bhonnáin, in which a serial killer’s victims are sean-nós singers. Liam Ó Muirthile is one of Ireland’s finest poets and novelists.
 ‘He has re-located the Irish language and its people back in the cultural fulcrum of the European imaginary once more’ 
declared the Irish Times of his latest novel An Colm Bán.

Colm Ó Snodaigh of Kíla will also sing on the night. A multi-instrumentalist, Colm plays flute, tin whistle, guitar, saxophone and percussion. His solo album Giving features songs in English and Irish.

Domhnach 8 Márta/Sunday 8 March
McGrattan’s 76 Lána Mhic Liam, BÁC 2
McGrattan’s 76 Fitzwilliam Lane, Dublin 2
8.00pm
Cead isteach/Admission €10


MÓROÍCHE CHEOIL IS FILÍOCHTA LE hAGHAIDH LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA mBAN - GALA NIGHT OF POETRY AND MUSIC FOR INTERNATIONAL WOMEN’S DAY

Fear an tí/MC: Cathal Póirtéir

Tá ríméad ar IMRAM Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh le cuid de na filí is na fonnadóirí is fearr sa tír. I measc na bhfilí beidh Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Ina dteannta beidh na hamhránaithe traidisiúnta Síle Denvir, Máire Ní Choilm agus Máiréad Ní Oistín.

IMRAM is delighted to celebrate International Women’s Day in the company of some of Ireland’s very best poets and traditional singers. Poets include Celia de Fréine, Biddy Jenkinson, Aifric Mac Aodha, Dairena Ní Chinnéide, Caitríona Ní Chléirchín, Nuala Ní Dhomhnaill and Ailbhe Ní Ghearbhuigh. They will be joined by traditional singers Síle Denvir, Máire Ní Choilm and Máiréad Ní Oistín.

Lá Fhéile Pádraig/Tuesday 17 March

Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, 6-7 Sráid an Mhalartáin Íocht.,
Baile Átha Cliath 8
7.00 pm
The Boys School, Smock Alley, 6-7 Exchange Street Lower, Dublin 8
Cead isteach Admission €10

PORT AN tSAOIL: TIONSCADAL KATE BUSH - JIG OF LIFE: THE KATE BUSH PROJECT


IMRAM i gcomhar le Gaelspraoi/Féile Naomh Pádraig
Imram in association with Gaelspraoi/St Patrick’s Festival

Ealaíontóir thar a bheith neamhghnách í Kate Bush atá in ann rac, ceol clasaiceach agus ceol tíre a fhí ina bhréid álainn. Tá a cuid liricí an-drámatach agus scata foinsí liteartha agus cineamatagrafacha laistiar díobh a iniúchann téamaí na hóige, an ghrá, an bháis, na cogaíochta agus na miotaseolaíochta.  Theastódh guth ildánach aingiliúil uait chun tréithe uile Kate Bush a chur abhaile ar lucht féachana agus tá an tallann uathúil sin ag Caitríona O'Leary. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh na liricí i nGaeilge.

Comhoirfidigh Chaitríona anocht: Roger Doyle (méarchlár), Adrian Hart (fidil), Éamonn Galldubh (fliúit, feadóga, píb uilleann), Mark Keogh (seicheamhóir). 

Cuirfidh Margaret Lonergan na liricí móide íomhánna gleoite ar scáileán.

Kate Bush is an artist like none other – weaving rock, classical and folk music to extraordinary effect. Her lyrics are highly dramatic, drawing on a wide range of literary and cinematic sources, exploring themes of childhood, love, death, war and mythology. Tonight Caitríona O’Leary – acclaimed by Crescendo Magazine for ‘her angelic and etheral voice - will perform the very best of Bush’s songs, transcreated into Irish by Gabriel Rosenstock.
She will be joined by Roger Doyle (keyboard), Adrian Hart (fiddle), Éamonn Galldubh (flute, whistles, uilleann pipes), Mark Keogh (sequencer). The show features on-screen projections of the lyrics with images created by Margaret Lonergan.

IMRAM A VOYAGE OF DISCOVERY

Aidhm IMRAM saibhreas na litríochta Gaeilge comhaimseartha a roinnt le cách agus an pobal a thabhairt linn ar aistear mistéireach. Prós. Filíocht. Ceol.
An focal labhartha. An focal scríofa. Idir shúgradh is dáiríre. Suímh éagsúla ar fud na hardchathrach.
Bímis ag léamh, bímis ag iomramh!

IMRAM aims to bring its audiences on a ‘voyage of discovery’ that reveals the rich diversity of modern Irish language literature through a programme of eclectic events that blend poetry, prose, film, drama and music in lively, upbeat venues.

TUILLEADH EOLAIS/FURTHER INFORMATION:

Liam Carson r-phost/e-mail info@imram.ie
Fón/phone 087-2912797