2015-02-14

Nachtzauber/Draíocht Oíche

File: Josef von Eichendorff
Cumadóir: Hugo Wolf
Hörst du nicht die Quellen gehen
zwischen Stein und Blumen weit
nach den stillen Waldesseen,
wo die Marmorbilder stehen
in der schönen Einsamkeit?
Von den Bergen sacht hernieder,
weckend die uralten Lieder,
steigt die wunderbare Nacht,
und die Gründe glänzen wieder,
wie du's oft im Traum gedacht.

Kennst die Blume du, entsprossen
in dem mondbeglänzten Grund
Aus der Knospe, halb erschlossen,
junge Glieder blühendsprossen,
weiße Arme, roter Mund,
und die Nachtigallen schlagen
und rings hebt es an zu klagen,
ach, vor Liebe todeswund,
von versunk'nen schönen Tagen -
komm, o komm zum stillen Grund!
Komm! Komm!
Nach gcloiseann tú an fuarán réidh
Idir chloch is bláth i gcéin
’dtreo na locha coille glé
Ball na ndealbh úd faoin ré
Iad leo féin san uaigneas séimh?
Dúisítear i measc na sléibhte
Amhráin as na seanlaetha.
Chugainn an oíche faoina clóc’
Tá an domhan le solas spréite
Mar a fheictear i mbrionglóid.

Is an eol duit bláth a bhláthaíonn
Ins an áit a mbíonn an ré,
As an mbachlóg, í leathbháite,
Péacann géaga, géaga áille
Lámha cailce, dearg-bhéal?
Éist le glór an fhiliméala
Ins gach áit níl ann ach caoineadh,
Uch, an grá a fhágann créacht
Is na laethanta ’tá tréigthe –
Tar ó tar ’dtín garrán séin!
Tar! Tar!