2015-03-03

Haiku le Issa ón mbliain 1824

'I say tomahto you say tomehto'. Seilide? Seilmide? Slimide?
ag imeacht ar a chuid cuairteamma
ar bhalla plástair -
seilide

.練塀や廻りくらするかたつむり

    neribei ya meguru kurasuru katatsumuri

Tá scata haiku againn uaidh faoin seilide. É seo, mar shampla, ón mbliain 1809:

a sheilide
cén teacht isteach atá agat?
báisteach an fhómhair

Cé acu is deise? Is maith liom iad araon. Spéis sna neacha is lú agus comhbhá leo, tréith de thréithe an mháistir haiku.