2015-03-27

Ní sheasfadh sliabh ina choinne

Tá sráidbhaile beag in Bihar na hIndia. Gehlor a thugtar ar an áit. Is ann a mhair Dashrath Manjhi (1934 -2007), feirmeoir beag gan talamh. Is laoch inniu é. Ach bhí an tráth ann nuair ba cheap magaidh ag cách é, a mhuintir féin san áireamh. Cén fáth a rabhadar ag fonóid faoi? Mar gur theastaigh uaidh bóthar a ghearradh trí shliabh is gan aige ach a dhá lámh féin. Seachtó ciliméadar ó Gehlor a bhí an baile ba ghaire dóibh. Seacht gciliméadar uathu atá sé inniu.
Nuair a sciorr a bhean chéile ar an mbóthar garbh sléibhe, thit an pota uisce agus briseadh é. Gheall Dashrath Manjhi go mbrisfeadh sé an sliabh. Agus bhris! Dhíol sé a chuid gabhar chun rópa agus uirlisí a cheannach. Ón lá sin ar aghaidh, ar feadh dhá bhliain is fiche, níor stad a chasúr is siséal, bóthar á ghearradh tríd an sliabh aige, beagán ar bheagán.
Mheas daoine áirithe gur as a mheabhair a bhí sé. ‘Nuair a thugadar gealt orm,’ ar seisean, ‘is amhlaidh a athneartaíodh mé chun an sliabh a chloí!’ Nuair a cailleadh a bhean, thuig sé go mbeadh seans beag éigin aici murach iad a bheith scoite amach ón saol mór. Lean sé air, de ló is d’oíche, é níos diongbháilte ná riamh, sa chath in aghaidh an tsléibhe.
I ndeireadh na dála, bhí an bóthar réidh. Ach scíth níor ghlac Dashrath Manjhi. Bhí tarra uaidh anois, tarra le cur ar an mbóthar. Theastaigh uaidh go gceanglófaí an bóthar sléibhe leis an bpríomhbhóthar. Bhí córas uisce uaidh. Ospidéal. Scoil. Cad nach raibh uaidh! Shiúil sé an bealach ar fad go Deilí, ag bailiú sínithe.
Muintir an tsráidbhaile Gehlor, níl a fhios acu cé a thóg an Taj Mahal ach tá a fhios acu go maith cé a dhein an bóthar sléibhe lena dhá lámh féin. Dashrath Manjhi, duine acu féin. Nach bhfuil scannán déanta ina thaobh!
Thóg sé 30 bliain ar na húdaráis tarra a chur ar an mbóthar! Is ceantar bocht i gcónaí é Gehlor, gan bonneagar ceart ná seirbhísí bunúsacha acu ann. Ach beidh cuimhne ag an bpobal ann ar feadh i bhfad ar an bhfís a bhí ag duine amháin ina measc, an fear nár sheas an sliabh ina choinne.