2015-09-12

An Ghaoth Aniar

Séid íseal is ard
a ghaoth aniar
ón dtír is ansa
le mo chroí.

Is abair an ardóidh
na duilleoga báite
a gceann os cionn locha
inniu nó amárach?

Is an bhfuil an chíb
ar crith le ríméad
is ag cogarnaíl
an oíche go léir?

An gorm iad na sléibhte
ar thugas dóibh grá
is síth ina dtimpeall
ó lá go lá?

Ó, a ghaoth aniar,
séid íseal is ard
ón dtír ab ansa
le mo chroíse tráth.
 

Ella Young (1867 -1956)

Féach freisin anseo agus anseo (PDF).