2015-10-05

An Eoraip ar an Dé Deiridh?

Hans Baluschek, Die Auswandernden
Leabhar dátheangach sa Ghearmáinis agus sa Bhéarla é Woher ich nicht zurückkehren werde/From where I shan’t return. Tá cumha sa teideal sin, nach bhfuil, cumha a thuigeann Gaeil go maith.

Géarchéim na dteifeach a spreag an leabhar seo.  Buntáiste amháin a bhaineann leis an ré dhigiteach ina mairimid (tá míbhuntáistí ag baint léi chomh maith) ná gur féidir le foilsitheoirí agus scríbhneoirí freagairt go grod do chúinsí éagsúla agus leabhar ábhartha a fhoilsiú laistigh d’achar gearr.

    An bhfuil a mhacasamhail de dhíolaim á pleanáil faoi láthair ag foilsitheoir Gaeilge ar bith nó an bhfuilimid fós i ré an pharóisteachais?

    Dánta, gearrscéalta agus aistí atá sa díolaim seo agus iad ag plé le cás na dteifeach agus lucht iarrtha tearmainn. Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bheirlín i gcomhar leis an Heinrich Böll Stiftung a thiomsaigh. Is dócha, nuair a chuimhním air gur teifigh de shaghas áirithe ab ea mo thuismitheoirí féin. Theith mo mháthair go Geirsí le bheith ina banaltra ann. Ní raibh dóthain deiseanna di sa tír seo ag an am, ná ag na mílte eile. Theith m’athair go hÉirinn mar nach raibh sa Ghearmáin ag an am ach créacht oscailte iar-chogaidh.

    Tá haiku curtha ar fáil agam don leabhar seo, haiku atá ag freagairt do phictiúr de chuid Hans Baluschek (1870 -1935), pictiúr a chorraigh go mór mé:
uaireanta
ní bhíonn faic eile sa saol
ach capall bréige
Marxach ab ea Baluschek. Chuir na Naitsithe faoi chois é. Sa phictiúr seo, feictear teaghlach agus iad ag feitheamh leis an traein. Ní dócha go bhfeicfidís a mbaile go deo arís, pé hiad féin nó n’fheadar cá raibh a dtriall ag an am? Tá cóir taistil á lorg ag a macasamhail inniu, bád, traein, bus, guaillí athar.

     Meabhraítear dúinn in aiste le Ralf Fücks anseo nach mbeadh an Wirtschaftswunder ann in aon chor, is é sin an mhíorúilt eacnamaíoch a tharla sa Ghearmáin sna 1960í agus sna 1970, murach oibrithe dheisceart na hEorpa agus na hAnatóile. Earcaíodh mar spailpíní iad, d’fhéadfá a rá, ach d’fhan na milliúin díobh sa Ghearmáin. Bhíodar sásta obair mhaslach a dhéanamh, obair nár theastaigh ó na Gearmánaigh féin a dhéanamh níos mó. (Tharla an rud céanna in Éirinn nuair a bhí a chac ar an Tíogar Ceilteach: cé a ghlanfaidh suas ina dhiaidh?).

     Theith a thuilleadh daoine chun na Gearmáine le linn Chogaí na hIúgslaive agus tá siad ar na bóithre arís, muintir na hAfganastáine, na Libia, na Siria, na hIaráice, Muintir an Chian-Oirthir, muintir an Mheán-Oirthir, muintir na hAfraice – agus cé a thógfadh orthu é agus a bhfuil de shuaitheadh ar siúl sna críocha sin le fada, go háirithe ó chuir na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh cor ina gcinniúint – agus comhghuaillithe na nAngla-Mheiriceánach san áireamh, sinn féin, gan dabht, mise agus tusa a lig don rialtas árfort a dhéanamh d’Aerfort na Sionainne.

    An lucht iarrtha tearmainn nó ionróirí iad na teifigh seo go léir? Sin í an cheist a chuireann Ota Filip orainn anseo. Tá meath tagtha ar an Eoraip, a deir sé, agus táimid mar a bhí an Chathair Shíoraí fadó agus na Barbaraigh ar tí sinn a chreachadh is a mhilleadh. Dheineamarna, Críostaithe geala, dúshaothrú ar bharbaraigh an lae inniu, táimid á dhéanamh leis na cianta, a deir sé, agus tá siad tagtha chugainn anois agus fonn díoltais orthu. “Tá siad tagtha chun a bhfuil goidte againn uathu a fháil ar ais!”

Tá an leabhar ar fáil anseo: