2015-10-15

Gabriel @ Cló Draíochta IMRAM

Póstaer spreagtha ag an dán Gaza atá mar chuid den taispeántas Cló Draíochta 5 de chuid IMRAM. Gliogáil ar na pictiúr len iad a mhéadú.
An póstaer ar Sráid Richmond (1)
An póstaer ar Sráid Richmond (2)
An póstaer ar taispeáint
An dearthóir Nola Mellon  ⁊ Gabriel
An póstaer ar Sráid Richmond (3)
Os mo chomhair amach
ar an bhfuinneog
cuileog gafa i líon damháin alla
chomh soiléir le grian an mheán lae

an líon nach mór dofheicthe
cá bhfuil a thús
a dheireadh

ní fheicim ach streachailt na cuileoige
cosa beaga ar mire
sciatháin á ngreadadh go faon

Cén fhaid a mhairfidh sé seo?
Ar feadh na síoraíochta?