2015-11-27

Haiku le Issa ón mbliain 1808

cloch á téamh
faoi mo thóin  . . .
oíche ghealaí

.いさらいに石あたたまる月よ哉

isarai ni ishi atatamaru tsuki yo kana


An dtuigeann tú é?  Ní gá go dtuigfeá. Ar thuig Issa cad a bhí á rá aige? Ní gá gur thuig. Is gnách go dtuigeann an WASP cad tá á rá aige (White Anglo-Saxon Protestant). Ní gá go dtuigfeadh an chuid eile againn. Tá eilimintí éagsúla sa haiku seo: an bhfuil baint acu lena chéile? Tá ach ní gá go dtuigfimis an ceangal atá eatarthu mar níl sa loighic agus sa réasúnaíocht ach cuid d'obair na hintinne agus an chuid sin rófhorbartha ag an WASP, is baolach.
 Smaoiním ar ráiteas  ó Ken Jones, gníomhaí Búdaíoch ón mBreatain Bheag, a cailleadh ar na mallaibh:

"In Buddhist terminology, the power of Zen haiku lies in their embodiment of form-and-emptiness. The best of them come to us out of the moment in an insight so right, yet so beyond our ordinary habitual perception, as to dumbfound us. We find ourselves saying more than we mean and more than we know...."
(Blithe Spirit, 1998, Vol. 8, No. 4)