2015-12-22

Cois Loch Laomainn


The Bonnie Banks of Loch Lomond

Cois Loch Laomainn


Ar na bruach’ úd thall agus taobh leis an ard
Is an ghrian sa spéir os Loch Laomainn
Ba gheal le mo ghrása is mé féin a bheith gach lá
Sinn ag fálróid dúinn féin cois Loch Laomainn.

Curfá

An mórbhóthar duitse is an bóithrín dom féinig
Is beidh mise romhatsa in Albain,
Ach mise is mo ghrá geal ní fheicfear sinn arís
Sinn ag fálróid dúinn féin cois Loch Laomainn.


I ngleann úd na scáile scaras léi monuar
Faoi learga géara Bheann Laomainn,
An fraoch is é faoi bhláth, an ghealach ana fhuar
An croí i mo chliabhsa ar caorthainn.

Curfá

Is canann na héin, tá na goirt faoi bhláth
Is an ghrian sna huiscí fá shuan:
Ach earrach níl i ndán don té atá ar fán
Ar fud an domhain mhóir go buan.

Curfá

By yon bonnie banks and by yon bonnie braes,
Where the sun shines bright on Loch Lomond,
Where me and my true love were ever wont to gae,
On the bonnie, bonnie banks of Loch Lomond.

Chorus:

O ye'll take the high road, and I'll take the low road,
And I'll be in Scotland afore ye,
but me and my true love will never meet again,
On the bonnie, bonnie banks of Loch Lomond.


'Twas there that we parted, in yon shady glen,
On the steep, steep sides of Ben Lomond,
Where, in purple hue, the highland hills we view,
And the moon coming out in the gloaming.

Chorus

The wee birdies sing and the wild flowers spring,
And in sunshine waters lie sleeping.
But the broken heart it kens, nae second spring again,
Though the waeful may cease frae their greeting.