2015-07-31

Ag Tnúth le Mangónna

Waiting for Mangoes

K. Ramesh

A flash of lightning.
I remember another night;
dinner over,
we wait for Father to cut
mangoes with a sharp knife.
We were never allowed to touch it.
After cutting the fruits,
he would wash the knife
and put it back in the cupboard.
How the yellow peel
would curl over the mango
and fall on the table!
A cool breeze enters
through the window;
The sound of rain
falling on the roof again...
My little daughter asks me,
‘Shall we play.
snakes and ladders’?

Ag Tnúth le Mangónna

Splanc thintrí.
Tagann oíche eile chun cuimhne:
an dinnéar thart
is sinn ag fanacht go ngearrfadh ár ndaid
na mangónna le scian ghéar.
Ní ligtí dúinne lámh a chur uirthi.
Tar éis dó na torthaí a ghearradh
níodh sé an scian
is chuireadh ar ais sa chupard í.
An craiceann buí
á chasadh thar an mangó
is ag titim ar an mbord!
Tagann leoithne úr isteach
tríd an bhfuinneog.
Fuaim na báistí ag titim arís
ar an díon . . .
Arsa m’iníon bheag liom:
‘An imreoimid
nathracha is dréimirí ?’

2015-07-30

Renoir

Renoir
bachlóg
ag oscailt ina bláth . . .
ceann eile anois is ceann eile
a bud breaks
into blossom . . .
now another and another
蕾やぶれて
花となる
次から次へ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-07-29

Childe Hassam

báisteach ag titim  . .
nach bhfuil aon mheas aici
ar bhratach Mheiriceá?

falling rain ...
has it no respect
for the American flag?

Gabriel Rosenstock

降る雨や
米国国旗に
敬意ありや
 
Mariko Sumikura

fawin weet...
hus it nae respeck
fir the sterns an strips

John McDonald

la lluvia que cae...
¿no respeta la bandera
americana?

Francisco X. Alarcón

2015-07-27

Haiku le Issa ón mbliain 1820

féileacán a scoitheas
    dhá mhíle siar an bóthar -
        é romham anois


.後になり先になる蝶や一里程
ato ni nari saki ni naru chô ya ichi ri hodo

2015-07-26

Smaoineamh an Lae

"An té a rialaíonn an t-am atá thart, rialaíonn an t-am atá le teacht."
George Orwell

2015-07-22

Haiku le Issa ón mbliain 1822

damháin alla bheaga
ag imeacht chun slí bheatha
a thuilleamh

.蜘の子はみなちりじりの身すぎ哉

kumo no ko wa mina chirijiri no misugi kana

2015-07-21

In Praise of the Great Bull Walrus / Molaimis an Rosualt Mór

In Praise of the Great Bull Walrus


I wouldn't like to be one
of the walrus people
for the rest of my life
but I wish I could spend
one sunny afternoon
lying on the rocks with them.
I suspect it would be similar
to drinking beer in a tavern
that caters to longshoremen
and won't admit women.
We'd exchange no
cosmic secrets.  I'd merely say,
"How yuh doin' you big old walrus?"
and the nearest of
the walrus people
would answer,
"Me? I'm doin' great.
How yuh doin' yourself,
you big old human being, you?"
How good it is to share
the earth with such creatures
and how unthinkable it would have been
to have missed all this
by not being born:
a happy thought, that,
for not being born is
the only tragedy
that we can imagine
but never fear.

~ Alden Nowlan ~

 (Between Tears and Laughter: Selected Poems)

 

Molaimis an Rosualt Mór


Níor mhaith liom socrú síos
le pobal na rosualt
ar feadh an chuid eile dem shaol
ach níor mhiste liom tráthnóna gréine
a chaitheamh leo
i mo luí ar na carraigeacha.
Is dóigh liom go mbeadh sé ar nós
beoir a ól i dtábhairne
a fhreastalaíonn ar lucht cladaigh
agus cosc ar mhná ann.
Ní rúin chosmacha a roinnfimis
ar a chéile. Ní déarfainnse ach,
‘Conas tá an misneach, a dhuine?’
Agus déarfadh an rosualt
is gaire dhom,
‘Mhuise, ní gearánta dhom,
conas tánn tú féinig,
a stail?’
Nach breá an rud é an domhan a roinnt
le neacha mar iad
agus samhlaigh
nach bhfacamar riamh a leithéid
mar nár saolaíodh sinn;
smaoineamh suairc, go deimhin,
mar an tubaiste is mó
is féidir a shamhlú ná gan a bheith ann
agus ní cás d’éinne againn bheith buartha ina thaobh sin.

2015-07-20

Das Ende des Festes

File: Conrad Ferdinand Meyer
Cumadóir: Othmar Schoeck

Das Ende des Festes

Da mit Sokrates die Freunde tranken
Und die Häupter auf die Polster sanken,
Kam ein Jüngling, kann ich mich entsinnen,
Mit zwei schlanken Flötenbläserinnen.
Aus den Kelchen schütten wir die Neigen.
Die gesprächesmüden Lippen schweigen.
Um die welken Kränze zieht ein Singen...
Still, des Todes Schlummerflöten klingen.

Deireadh an tSéire

Ba le Sócraitéas a bhíomar ‘diúgadh
Is bhí cloigne ‘titim ar an gcúisín.
Tháinig stócach, mura bhfuil breall orm
Is bhí fliúiteadóirí ina theannta.
Chroitheamar an dríodar as na gloiní
Ní raibh gíocs ná míocs as ár gcuid liopaí.
Thart ar bhlátha dreoite cloistear ceol-chaint,
Ciúin,siad fliúiteanna an bháis iad, suan-seinnt.

2015-07-19

Cat Fionn

Íomhá Franz Marc
cosc ar chiardhubháin!
ardcheannas iomlán
an chait fhinn
no blacks allowed!
the white cat
in all his supremacy
no negro se permite -
el gato blanco en toda
su supremacía

Leagan Spáinnise: Francisco X. Alarcón

2015-07-18

Díláithrithe, éan ar strae ón ealta

Díláithrithe, éan ar strae ón ealta

le T’ao Ch’ien

Díláithrithe, éan ar strae ón ealta –
ag eitilt leis de shíor isteach sa chontráth.
Soir is siar, níl áit aige chun scíth a ligean,
oíche i ndiaidh oíche, a éamh níos cráite fós.
A ghlór géar ag tnúth leis an ngléine i gcéin,
is fada a theacht, is suaite a chleitearnach!

Tagann sé trí sheans ar ghiúis atá ag fás léi féin;
Filleann a dhá sciathán, tá sé tagtha abhaile fá dheoidh.
Gustaí gaoithe nach gceadódh fás borb;
Sé seo an t-aon mhullach gan dreo ann.
Tá fara faighte aige, is ann atá a scíth
agus ní imeoidh as go ceann míle bliain.

Unsettled, a bird lost from the flock

Unsettled, a bird lost from the flock --
Keeps flying by itself in the dusk.
Back and forth, it has no resting place,
Night after night, more anguished its cries.
Its shrill sound yearns for the pure and distant --
Coming from afar, how anxiously it flutters!

It chances to find a pine tree growing all apart;
Folding its wings, it has come home at last.
In the gusty wind there is no dense growth;
This canopy alone does not decay.
Having found a perch to roost on,
In a thousand years it will not depart.

   

-- from Sunflower Splendor: Three Thousand Years of Chinese Poetry, Edited by Wu-chi Liu / Edited by Irving Yucheng Lo

2015-07-03

Kalervo Palsa

Íomhá Kalervo Palsa
an cogadh . . .
bhfuil an cogadh fós ar siúl?
seansaighdiúir dall
the war . . .
  is the war still raging?
    blind veteran
戦争の・・・
  まだ荒れるかし
    盲いた古兵
 

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-07-02

Allama Prabhu

Bhíos óg go maith nuair a léas Allama Prabhu agus na naomhfhilí eile a bhláthaigh lena linn sa 12ú haois. Is iomaí rud atá léite agus dearmadta ó shin agam ach Shri Allama Prabhu – beidh do dhánta im chroí go deo!

Ba léir

le Allama Prabhu


Ba léir dom an chumhracht ag teitheadh
nuair a nocht an bheach
iontas na n-iontas!
Ba léir dom an intleacht ag teitheadh
nuair a nocht an croí.
Ba léir dom an  teampall ag teitheadh
nuair a nocht Dia.

Ainneoin a gcuardaigh

le Allama Prabhu


Ainneoin a gcuardaigh
   ní fheiceann siad an íomhá
   sa scáthán

Sna ciorcail idir na braoithe
  a scalann sí.
 Más eol duit sin
 is agat atá an Tiarna

For all their search

by Allama Prabhu

Leagan Béarla: A. K. Ramanujan. Bunteanga: Cannadais

For all their search
     they cannot see
     the image in the mirror.

It blazes in the circles
     between the eyebrows.
     Who knows this
     has the Lord.
   
-- from Speaking of Siva, by A K Ramanujan

 

2015-07-01

Luimneach

Fiafraítear díom ó am go chéile mar dhuine a tógadh i gCo Luimnigh, ar chumas luimneach riamh.  In ainm Chroim, nár fhoilsíos cnuasach díobh. B’in thiar sa bhliain 1984, cnuasach dar teideal An tSine Bheo (sic … an-sic). An t-aos óg atá suas anois, ní fhaca siad cóip den leabhar sin riamh (ná na mílte leabhar eile atá as cló le fada).
Dóibh siúd mar sin nár léigh luimneach riamh i dteanga bhinn ársa na nGael, seo blaiseadh beag den tsine bheo:

                  ~
Bhí poc ina chónaí i dTeamhair
A bhí cráite gan comhluadar gabhair:
   Ní fhanfadh níos mó
   Ar seisean: ‘Let’s go!’
Agus d’imigh sé – glan as a mheabhair!

                  ~

Bhí bean rialta i gCathair Chinn Lis
(Is i luimneach atá sí anois!)
    Chuaigh a cat i bpoll móna
    Is ar feadh an tráthnóna
Ar sise go brónach: Pis! Pis!


                          ~

Bhí striapach bheag dheas ann, dar Duach!
Nár dhuine í chuige ach muruach.
    Deireadh custaiméirí, ‘Conas?’
    Ach ba chuma sa donas
Ach an craiceann a fháil is a luach!


                           ~
                             
Bhí ollamh i gCathair Saidhbhín –
Ollamh le Ceol, le bheith cruinn:
   Is leor orlach mar nod
   Rug sé greim ar a bhod
Agus sheinn a dhá váls ar veidhlín!

====================================
Ní shamhlóinn go reáchtálfadh An tOireachtas comórtas luimneach ach ba cheart do dhream éigin an fhoirm seo a spreagadh (IMRAM abair?). Is cuma an iad filí na Máighe a chuir tús leis an gcineál seo véarsaíochta an chéad lá riamh nó nach ea; b’fhéidir go bhfuil an chreidiúint ag dul do shaighdiúirí Sasanacha i Luimneach a raibh braon beag d’uisce glé na Máighe ólta acu.