2015-11-30

Yuko Otomo: Aistear Ar an Iasc

Max Beckmann

Journey  On The Fish


we are tied
together
by an eternal fate

I, holding your darkened mask,
you, mine

your silenced flesh
becomes mine
when I bury  my face
into the palm of the sea

Yuko Otomo

Aistear Ar an Iasc


táimid ceangailte
dá chéile
ag cinniúint shíoraí

mise, do mhasc dorchaithe im' lámh,
tusa mo mhasc-sa

déanfar den cholainn chiunaithe agat
mo cholainnse
nuair a bháfar m'aghaidh
i ndearna na farraige

Gabriel Rosenstock


Ταξίδι στον Ιχθύ


είμαστε δεμένοι
μαζί
με μιαν αιώνια μοίρα

εγώ, κρατώντας τη σκοτεινή σου μάσκα
εσύ, τη δική μου

η σιωπηλή σου σάρκα
γίνεται δική μου
όταν κρύβω το πρόσωπό μου
μέσα στην παλάμη της θάλασσας

Sarah Thilykou (Gréigis)


മത്സ്യത്തിനു മേൽ യാത്ര ​


ഒരു നിതാന്ത നിയതിയാൽ
നാം ബന്ധിക്കപ്പെട്ടിരിക്കുന്നു
പരസ്പരം


ഞാൻ നിൻറെ ഇരുണ്ട മുഖംമൂടി ഏന്തുന്നു
നീ എന്റേയും

നിന്റെ മൂകമാക്കപ്പെട്ട മാംസം
എന്റേതാകുന്നു
ഞാൻ എൻറെ മുഖം
കടലിൻറെ കൈപ്പത്തിയിലാഴ്ത്തുമ്പോൾ

Rad Maythil (Malailéimis)


Jornada a los peces


atados estamos
juntos
a un destino eterno

yo sostengo tu máscara
oscurecida y tú, la mía,

tu carne asilenciada
se vuelve mía
cuando entierro mi faz
en la palma del mar

Francisco X. Alarcón (Spáinnis)


2015-11-29

ΕΝΑ ΟΝΕΙΡΟ ΜΙΚΡΟ

Picasso

ΕΝΑ ΟΝΕΙΡΟ ΜΙΚΡΟ

Έχω ένα όνειρο μικρό
όταν τις νύχτες κλαίγοντας ξυπνάει
το χαϊδεύω κι αποκοιμιέται

να βρω επιτέλους την ησυχία μου

Dán Gréigise le Sarah Thilykou

A SMALL DREAM

I have a small dream
When it wakes up at night crying
I caress it and it falls asleep

So I can finally get some rest

Leagan Béarla le Yiorgos Chouliaras

BRIONGLÓIDÍN

Tá brionglóid bheag agam
nuair a dhúisíonn sí istoíche agus í ag gol
muirním í agus titeann sí ina codladh arís

Scíth agus faoiseamh sa deireadh!

Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock

UN PICCOLO SOGNO

Ho un piccolo sogno
e quando di notte si sveglia urlando
lo accarezzo e si riaddormenta

Posso così finalmente riposare

Leagan Iodáilise le Anna Lombardo

Peerie Drame

A hae a peerie drame
Gin it waukens it nicht greitin
A clap it an it draps ower

Sae it lang'n last a can get sum rist

Leagan Béarla na hAlban le John McDonald

2015-11-28

Haiku le Issa ón mbliain 1822

Nóiméidín suaimhnis ag an máistir a raibh an oiread sin anró ina shaol aige.


i mo shuí ar an bhféar
ag breathnú ar an muir ...
muisiriúin rósta


.海見ゆる芝に座とるや焼茸

umi miyuru shiba ni za toru ya yaki kinoko

2015-11-27

Haiku le Issa ón mbliain 1808

cloch á téamh
faoi mo thóin  . . .
oíche ghealaí

.いさらいに石あたたまる月よ哉

isarai ni ishi atatamaru tsuki yo kana


An dtuigeann tú é?  Ní gá go dtuigfeá. Ar thuig Issa cad a bhí á rá aige? Ní gá gur thuig. Is gnách go dtuigeann an WASP cad tá á rá aige (White Anglo-Saxon Protestant). Ní gá go dtuigfeadh an chuid eile againn. Tá eilimintí éagsúla sa haiku seo: an bhfuil baint acu lena chéile? Tá ach ní gá go dtuigfimis an ceangal atá eatarthu mar níl sa loighic agus sa réasúnaíocht ach cuid d'obair na hintinne agus an chuid sin rófhorbartha ag an WASP, is baolach.
 Smaoiním ar ráiteas  ó Ken Jones, gníomhaí Búdaíoch ón mBreatain Bheag, a cailleadh ar na mallaibh:

"In Buddhist terminology, the power of Zen haiku lies in their embodiment of form-and-emptiness. The best of them come to us out of the moment in an insight so right, yet so beyond our ordinary habitual perception, as to dumbfound us. We find ourselves saying more than we mean and more than we know...."
(Blithe Spirit, 1998, Vol. 8, No. 4)

2015-11-26

Kono Bairei

Kono Bairei
an ghrian ag dul faoi -
téann grús ar foluain
isteach sa chrónachan

the sun goes down -
a crane glides
into the gathering dusk
陽は落ちて
収まる暮色へ
鶴の飛ぶ


Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
the sin slumps -
a cran snuves
intae the gaitherin gloamin


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-25

Ito Sozan - Préachán

Ito Sozan
préacháin chraosacha
féach orthu -
leath na gealaí ite acu
voracious crows
look at them -
they have eaten half the moon
貪欲に
食らいし半月
見よ鴉


Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
gutsie craws
leuk it thaim -
they've etten hauf the muin


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-24

Ito Sozan : Fáinleoga

Ito Sozan
na fáinleoga
ag éisteacht freisin -
báisteach anuas ar an tsaileach
the swallows
are listening as well -
rain beats on the willow
燕ども
揃いて聴くは
柳雨


Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
the swallaes'r
takkin tent an aw -
weet stoonds on the sauch


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-23

Dalachinsky

Tá an dán seo thíos á aistriú agam agus mé ag éisteacht le Charles Gayle.

 

Is é an chéad dán é sa leabhar The Final Nite & Other Poems: Complete Notes from a Charles Gayle Notebook 1987-2006 (Ugly Duckling Presse) le Steven Dalachinsky, file Beat a raibh de phribhléid agam bualadh leis i Nua-Eabhrac i mbliana, i dteannta a chéile Yuko Otomo. Scríobadh na dánta go léir sa leabhar faoi thionchar cheol agus seanmóirí Gayle.

An Crann ina Chodladh


Tusa
& an ghaoth
       ag séideadh
            tríd an gcrann óg
                                    á lúbadh        
                                    ag béicíl
                                       ag déanamh iontais
& an ghaoth lasmuigh
nach mbraithimid
& na púcaí
nach
mbraithimid

an ghaoth lasmuigh
an crann á chroitheadh aici
crann óg –

                   an t-anam istigh
                   crann toilteanach
                   a raghadh de réir dealraimh
pé treo a mbrúfá é.

2015-11-22

Paris

Magritte
eitlíonn colm...
síth an Bhúda
sa chroí atá ciúin
a dove flies off...
peace of the Buddha
in the heart that's still
鳩が去る
胸に残るは
仏の恵

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-11-21

David Ignatow: Os Cionn an Uile Ní

Os Cionn an Uile Ní

 Is minic a shantaíos an bás
ach anois agus leathchos liom san uaigh
tá m’aigne athraithe agam mar gheall ar an domhan.
Leanadh sé ar aghaidh; is álainn é,
fiú mar thaibhreamh, lán d’uisce is síolta,
plandaí is ainmhithe, neacha eile ar mo nós féin,
longa is foirgnimh agus teachtaireachtaí
a líonann an t-aer – áilleacht
má chonacsa áilleacht riamh.
Sa chéad domhan eile, má tá cuimhne agam
ar an saol seo, molfad é
os cionn an uile ní.

Above Everything

I wished for death often
but now that I am at its door
I have changed my mind about the world.
It should go on; it is beautiful,
even as a dream, filled with water and seed,
plants and animals, others like myself,
ships and buildings and messages
filling the air -- a beauty,
if ever I have seen one.
In the next world, should I remember
this one, I will praise it
above everything.

~ David Ignatow ~ (Whisper to the Earth: New Poems)

 

 

 ABUIN AWTHING

A wusht fir daith aften eneuch
bit staunin here nou at's threshaud
a hae chyngit ma mynd aboot the warl.
It sud cairry on; it's bonnie,
e'en as a drame, fillt wi watter an seed,
settins an baists, an fowk lik masel,
boatties'n biggins an tales fouin the err  -  a bonnieness,
ayont descryvin.
In the neist warl, gin a mynd
on this yin, a'll ruise it
abuin awthing.

Leagan i mBéarla na hAlban John Mc Donald


ΠΑΝΩ ΑΠΟ ΟΛΑ

Ευχήθηκα τον θάνατο συχνά
μα τώρα που βρίσκομαι στην πόρτα του
άλλαξα γνώμη για τον κόσμο.
Πρέπει να προχωρήσει, είναι όμορφος,
ως όνειρο έστω, γεμάτος νερό και σπόρο,
φυτά και ζώα, άλλα σαν και εμένα,
πλοία και κτίρια και μηνύματα
να γεμίζουν τον αέρα -- μια ομορφιά
αν έχω δει ποτέ καμιά.
Στον άλλο κόσμο, θα θυμάμαι μάλλον
αυτόν εδώ, θα τον δοξάζω
πάνω από όλα.

Leagan Gréigise Sarah Thilykou

2015-11-19

Ohara Kuson

Ohara Kuson
cumha éigin
nach bhfuil aon mhíniú air...
druideanna faoin mbáisteach
a sadness
that cannot be explained...
starlings in the rain
何ゆえか
哀し ムクドリ
雨に飛ぶ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
sica hert-scaud
cannae be descryvit...
stuckies i the weet

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-18

Ohara Koson (rain/báisteach)

Ohara Koson
báisteach thús an tsamhraidh -
guth na cuaiche
sular rugadh mé
early summer rain -
the voice of the cuckoo
before I was born
五月雨や
郭公の音に
生まれけり

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
airlie simmer weet -
the gowk's vice
afore a wis born

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-17

Wie Melodien zieht es mir/ Mar cheolta sí ag teacht chugam

File: Klaus Groth
Cumadóir: Johannes Brahms
Wie Melodien zieht es
Mir leise durch den Sinn,
Wie Frühlingsblumen blüht es,
Und schwebt wie Duft dahin.

Doch kommt das Wort und faßt es
Und führt es vor das Aug',
Wie Nebelgrau erblaßt es
Und schwindet wie ein Hauch.

Und dennoch ruht im Reime
Verborgen wohl ein Duft,
Den mild aus stillem Keime
Ein feuchtes Auge ruft.

Mar cheolta sí ag teacht chugam

Mar cheolta sí ag teacht chugam
I m’aignese go séimh,
Mar bhlátha earraigh úra
Go cumhra tríd an aer.

An briathar beireann greim air
Is tugtar é don tsúil,
Is imíonn is gan feidhm leis
Mar anáil nó mar dhrúcht.

Fós féin sa dán tá fáil air
Mar chumhracht ina rún,
Ag éalú as na blátha
Ar ghlaoch ón deoir sa tsúil.

2015-11-16

Vergiftet sind meine Lieder

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Franz Liszt
Vergiftet sind meine Lieder -
Wie könnt es anders sein?
Du hast mir ja Gift gegossen
Ins blühende Leben hinein.

Vergiftet sind meine Lieder -
Wie könnt es anders sein?
Ich trag' im Herzen viel Schlangen,
Und dich, Geliebte mein!

Lán nimhe iad mo chuid Amhrán

Lán nimhe iad mo chuid amhrán –
Cén t-iontas é mar scéal?
‘ndiaidh duit an nimh a dhoirteadh
Ar úr-bhlátha uile an tsaoil.

Lán nimhe iad mo chuid amhrán –
Cén t-iontas é mar scéal?
Tá nathracha fós im’ chroíse
A ghlac mé ó do bhéal!

2015-11-14

Sir Lawrence Alma-Tadema

Sir Lawrence Alma-Tadema
an damhsa thart -
tiocfaidh nathracha chun bhur n-allas a lí -
maenada
the dance is over
snakes will come to lick your sweat -
maenads
舞踏の後
汗舐めのぼる蛇―
酩酊女(マイナス)

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
the daunce's ower
serpents'll cum tae slaik yer sweit -
maenads

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-13

Dánta frithchogaidh/ Anti-war poems

As an leabhar I OPEN FIRE le David Pol (Punctum Books, 2014).

Is féidir an leabhar ar fad a léamh ANSEO:
http://punctumbooks.com/titles/i-open-fire/


LIFE


I execute my life
by firing squad.
And when my life
falls to the ground
I run to it calling out
that it was just a joke.
But my life is dead.
I don’t know
how to live with that.

AN SAOL


Cuirimse mo shaolsa chun báis
le scuad lámhaigh.
Agus nuair a thiteann mo shaol
go talamh
rithim chuige is mé ag glaoch os ard
nach raibh ann ach jóc.
Ach tá mo shaolsa marbh.
Níl a fhios agam
conas maireachtaint leis sin.

2015-11-12

Kawase Hasui (rain)

Kawase Hasui
tráthnóna scamallach ...
rithim nua
ag ceol na báistí
cloudy evening ...
a new rhythm
to the music of the rain
雲湧く夜
雨が奏でる
新リズム

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
drumlie eenin...
a new stot
tae the maisic o the weet

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-11

Waldseligkeit/ Aoibhneas sna Coillte

File: Richard Dehmel
Cumadóir: Joseph Marx
Der Wald beginnt zu rauschen,
den Bäumen naht die Nacht,
als ob sie selig lauschen,
berühren sie sich sacht.

Und unter ihren Zweigen,
da bin ich ganz allein,
da bin ich ganz mein eigen:
ganz nur Dein!

Aoibhneas sna Coillte

Tá siosarnach sna coillte
An oíche ‘measc na gcrann,
Ag éisteacht leo go haoibhinn
Nach méanar di bheith ann.

Is seasaim faoi na géaga,
Is mé ar fad liom féin
Is cé gur mé mé féinig:
Leatsa mé!

2015-11-10

Haiku le Issa ón mbliain 1814

   gaoth an fhómhair -
   scáil an tsléibhe
   ar crith

    .秋風やひよろひよろ山の影法師

    aki kaze ya hyoro-hyoro yama no kagebôshi

2015-11-08

Seoladh: An Bhé Ghlas

Ba mhór againn do chuideachta nuair a sheolfaidh an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith

An Bhé Ghlas

le Cathal Ó Searcaigh


6.30in Dé Máirt 10 Samhain
Books Upstairs,
17 Sráid D'Olier, BÁC 2.


Fáilte roimh chách
Leabhar Breac, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
091 593592
www.leabharbreac.com

2015-11-07

An Domhan seo againne

Íomhá Ron Rosenstock
an domhan seo againne . . .
gan greim againn
ar aon ní
this world of ours . . .
nothing to grip
nothing to hold
我らが世
握るものなし
持つものなし

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
this warl o oors...
naethin tae grup
naethin tae haud

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-06

Odd G. Aksnes - Toensberg, An Iorua

aidbhint
broim ón strainséir
ag dul thar bráid

glór na traenach
báite ag glór na ngéanna
ar maidin

dachau
spéir ghorm
os cionn na simnéithe

le caoinchead: tempslibres


2015-11-05

Haiku le Issa ón mbliain 1820

itheann an mháthair
an chuid is seirbhe de  . . .
dátphluma sléibhe

.渋い所母が喰けり山の柿
shibu[i] toko haha ga kui keri yama no kaki

Agus tugann an chuid is milse don leanbh, ar ndóigh.

2015-11-04

Haiku le Issa ón mbliain 1809

ag stánadh ar phéacáin
an bhambú nua  . . .
an Búda

.筍を見つめてござる仏哉

takenoko wo mitsumete gozaru hotoke kana

2015-11-03

Hieronymus Bosch

Hieronymus Bosch
the crows' voice
grows deeper and deeper...
death of a prostitute
guth an phréacháin
ag dul i ndoimhneacht...
bás striapaí
カラスの声
深く深くに
娼婦の死

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
the craw's vice
frae a muckle deepth...
daith o a hooer

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-11-02

Stiller Gang/ Siúlóid Chiúin

Dehmel le linn an Chéad Cogadh Dhomhanda
File: Richard Dehmel
Cumadóir: Richard Strauss
Der Abend graut, Herbstfeuer brennen.
Über den Stoppeln geht der Rauch entzwei.
Kaum ist mein Weg noch zu erkennen.
Bald kommt die Nacht; ich muß mich trennen.
Ein Käfer surrt an meinem Ohr vorbei.
Vorbei

Siúlóid Chiúin

Tráthnóna chugainn, an fómhar trí thine.
Trasna an choinligh téann deatach ar fán.
N’fheadar an léir dom an tslí ‘thuilleadh.
Tá ina oich’; b’fhearra dhom filleadh.
An ciaróigín ar a bhealach thar bráid.
Thar bráid.

2015-11-01

Teifigh/ Refugees

Teifigh

Ar an taobh eile den ghrianghraf
scríobhaimse chun a mheabhrú dom féin
ní cén áit is cathain ach cé atá ann

Nílimse sa ghrianghraf

Fágadh sinn gan faic na ngrást
le tabhairt linn
An grianghraf seo amháin

Iompaigh é agus feicfidh tú mé

An tusa atá sa ghrianghraf sin, fiafraítear díom
Níl fhios agam cad is ceart a rá

               (Irish version: Gabriel Rosenstock)

Refugees

   By Yiorgos Chouliaras

On the other side
of the photograph I write to remind myself
not where and when but who

I am not in the photograph

They left us nothing
to take with us
Only this photograph

If you turn it over you will see me

Is that you in the photograph, they ask me
I don’t know what to tell you

Translated from Greek by David Mason and the author