2016-02-04

TAGORE: Lá i ndiaidh lae, a Thiarna an Domhain

 

Lá i ndiaidh lae, a Thiarna an Domhain,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?
Mo lámha fillte, a Rí na nDúl,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Faoid’ spéirse fhairsing i m’aonar is i dtost,
is le croí umhal
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Sa domhan a chruthaís lán de bhroid
ag streachailt de shíor leis an gcruatan,
i measc sluaite go leor
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Is nuair ‘bheidh mo shaotharsa curtha i gcrích
a Dhé,’Ardrí,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?