2016-05-29

An Séú Lá Beannaithe

le Govindasvami


Ar an séú lá beannaithe

déantar na crainn a adhradh sna coillte
buaileann mo chroí go trom
táim ag dul isteach go croílár na gcoillte
nochtann nathair romham
titimse síos
tosnaímse ag lúbadh is ag casadh
mar seo is mar siúd
titeann mo ghúna díom
an clúmh feadh mo dhroma
trí thine
scríobann dealga mé
gach áit
go tobann:
cé mé
cé a bhí ionam
is aoibhinn liom
an aeraíocht seo