2016-06-28

Smaoineamh an Lae

Bhí arán agus leintilí á n-ithe chun suipéir ag an bhfealsamh Diogeinéas. Thug fealsamh eile Aristippas faoi deara é, fear a chuimlíodh mil leis an rí agus a bhí go maith as dá réir. Arsa Aristippas leis: 'Dá bhfoghlaimeofá conas a bheith géilliúil don rí, níor ghá dhuit brath ar leintilí.'
Arsa Diogeinéas ar ais leis: 'Foghlaim conas brath ar leintilí agus ní bheidh ort a bheith géilliúil don rí.'
 
An tAthair Anthony de Mello