2016-08-18

Dán: BOWIE

'Dá ísle a bhraitheann an duine is ea is cóngaraí dá nádúr féin é agus don Chruthaitheoir' (An Talmúd)


Tá an dán seo
i bhfíseán de chuid Bowie
ó luaith go luaith
(nó d’fhéadfadh a bheith)
físeán mílítheach
seinn siar duit féin é
theastódh cócaon a dó a trí
labhair i nguth domhain
nó i nglór cailín
is tú ar snámh
i ndú-uiscí d’anama
spotsolas ort sa chúinne
cois na mara duibhe

Athchruthaigh tú féin de shíor
nach saghas caimileoin é Dia
is bróga dearga air/ uirthi
rincimis san Astráil
le Bundúchasach cosnochta
nó le Síneach lomnocht
ag damhsa ar na sráideanna
laoch aon lae

Níorbh é Bowie in aon chor é
ach David Jones
mac spioradálta Little Richard
tonn rac’nról
á rialú ón spás
ag an ngealach
smideadh na gealaí
sméideadh na gealaí
is na míme
smideadh taobh istigh amuigh
is na hamharclannaíochta Noh
gach smaoineamh ina mhana
gach mana ina mhantra
domhan eile is ea Briostó
domhan eile is ea an domhan seo
spéaclaí gréine air
spéaclaí gealaí
gealach eile is ea an ghealach
grian eile is ea an ghrian
duine eile is ea tusa
blianta eile ab ea na seascaidí
scréacha eile
éadaí eile
drugaí eile
caidrimh eile
albaim eile
ilphearsantachtaí
ag éalú uathu féin
mar aon fhéileacán
amháin
is beoldath air
ziggímé ziggítú
ziggísé sí
ziggísinn
ziggísibh
ziggísiad
ziggímis
ziggífréinia
féinchanablacht
i bpunc i bhfunc
junc
Nua-Eabhrac Beirlín
ja na hochtóidí ja
cá bhfuil mo mhasc
mo lucht éisteachta
mo lucht féachana
mo ról
fan! tá plean i bhfad níos fearr agam
i ndeireadh na dála
níl ann ach ceol

Na nóchaidí
eagla
deir gach éinne ‘haigh’

Mo chuid fabhraí áille!

Tá sé in am
an bás a fhoghlaim
an bás a chleachtadh
an bás a chanadh
an bás a léiriú – beo

Cá bhfuilimid anois?