2016-10-10

Grianghraf díom féin nach bhfaca mé cheana

Chaitheas cúpla bliain i gColáiste Rinn Mhic Gormain sular chaitheadar amach mé. Tá teacht le chéile 50 bliain le bheith ag mo chomh-sheansaighdiúirí agus chuir duine díobh grianghraf chugam nach bhfaca mé cheana.
 Spreag sé an haiku seo:

grianghraf díom féin mar dhéagóir
ní aithním mé féin
níor aithníos riamh