2016-10-14

TICÉAD

le Geet Chaturvedi


Le polaitíocht duine eile a bhainimse.
Bainimse le haidhm folaigh duine eile.
Trí mé bheith ann, an té a dhéanann a leas siúd
Sé m’aimhleas é.

Ainm duine eile
Atá ormsa.

Níor chuireas-sa isteach
Ar shaoránacht Ifrinn
Cuireadh anseo mé
Ar thicéad duine eile.

 

© 2015, Geet Chaturvedi
as: Nyoontam Main
Foilsitheoir: Rajkamal Prakashan, New Delhi, 2015