2016-01-30

Chuala go luath sa lá faoi rún



Chuala go luath sa lá faoi rún
Go mbeimisne beirt i mbád, ár ndís amháin,
Is gan fhios ag éinne ar domhan
Go rabhamar ar oilithreacht
Gan tír ar bith againn mar chríoch

Ar aigéan sin gan bhruach
Tú ag éisteacht led’ mheangadh ciúin
D’imeodh mo chuid laoithe ina srúill
Saor mar thonn, gan briathra á gcur in iúl

Nár tháinig fós an t-am?
Bhfuil dán nó dhó le scríobh?
Féach, an iarnóin tagtha síos go dtí an trá,
An solas lag ag éag
Éin ag filleadh abhaile ar a nead

Cathain a bheidh na slabhraí di
Is an bád ar nós lasairín na gréine
Slogtha ag an oích’?

File: Rabindranath Tagore
Cumadóir: David Leisner

2016-01-29

2016-01-28

Dóibh Siúd A Dúnmharaíodh 1845 -1850


Dóibh Siúd A Dúnmharaíodh 1845 -1850

(do Chris agus Mary Fogarty)


Féachann na réaltaí anuas
ach ní léir daoibhse a ndeora
folamh bhur meallta súl
réab an gorta bhur dtéada gutha
níl sibh in ann labhairt
bhur mbéal pulctha leis an gcré
atá torthúil arís
féachann na réaltaí anuas
ar an ngrán órga
nach meilfear go deo ina phlúr geal
ná ina arán ar bord

An chaor ar an gcuileann
ar crith –
clé deas clé deas clé deas clé
na gCótaí Dearga
trup na mbeithíoch ag imeacht go Sasana

A réaltaí, féachaíg’ anuas
go dtí nach mbeidh sa ghrian
ach abhac dubh

 

To The Murdered of 1845-1850

(for Chris and Mary Fogarty)


Stars look down
but you cannot see their tears
your eye sockets empty
hunger has torn your vocal chords
you cannot speak
your mouths stuffed with earth
that once again is fruitful
stars look down
on golden corn
that never will be bright flour
or bread on your table

The berry on the holly
is trembling –
Redcoats hollering
left right left right left right left
thunder of livestock on its way to England


Stars, look down
until the sun is nothing
but a black dwarf

2016-01-27

Trí Haiku ón mBrasaíl

ecoturismo
o macaquinho
escolhe doce de banana
éiceathurasóireacht
roghnaíonn an moncaí beag
cáca banana
árvore sem folhas
periquitos se espalham
pelos galhos
crainn loma
scaipeadh na bpearaicítí
i measc na ngéag
tempo de pesca
as gaivotas chegam
e o silêncio vai
am iascaireachta
tagann na faoileáin
imíonn an ciúnas

Rosa Clement

Agallamh léi anseo

2016-01-26

A mháistreás liom, cá bhfuil do shiúl uaim?/ O mistress mine, where are you roaming?

Twelfth Night, Gníomh II,
Radharc III

O mistress mine, where are you roaming?

William Shakespeare, 1564 - 1616
 

An tAbhlóir ag canadh
O Mistress mine, where are you roaming?
O stay and hear! your true-love’s coming
That can sing both high and low;
Trip no further, pretty sweeting,
Journeys end in lovers’ meeting—
Every wise man’s son doth know.

What is love? ’tis not hereafter;
Present mirth hath present laughter;
What’s to come is still unsure:
In delay there lies no plenty,—
Then come kiss me, Sweet-and-twenty,
Youth’s a stuff will not endure.
A Mháistreás liom, cá bhfuil do shiúl uaim,
Ó fan is éist! Mar tá mé chugatsa.
Canaim íseal, canaim ard;
Stop den fhánaíocht, fan a ghrá dhil
Deireadh an aistir tú i ndáil linn –
Rud é sin is léir do chách.

Níl aon ghrá ann ‘s tú sa chré
Gáir inniu, ní hann do inné;
Cá bhfios dúinn cad tá i ndán:
Níl aon mhaith sa mhoill, a thaisce
Póg mé ar mo bheola taise
Níl san óige ach lá amháin.

2016-01-25

An Chúis a nDeachaigh Bodhidharma Chuig Óstán Howard Johnson



 
"Cén áit is baile duit?" a d'fhiafraigh an t-agallóir de.

Anseo.

"Ní hea," arsa an t-agallóir, á mheas gur fadhb aistriúcháin a bhí ann,
"an áit is baile duit de ghnáth."

Thosaigh Bodhidharma ag smaoineamh ansin, fadhb aistriúcháin?

 

~ Jane Hirshfield ~

 (The Wisdom Anthology of North American Buddhist Poetry)

2016-01-24

Haiku le Issa on mbliain 1824

An domhan beo agus an domhan neamhbheo (an kanzashi, ornáid gruaige) ag
teacht le chéile sa haiku aoibhinn seo.
pionna gruaige
i bhfoirm féileacáin  . . .
meallann sé an féileacán beag

.かんざしの蝶を誘ふやとぶ小蝶
kanzashi no chô wo sasou ya tobu ko chô

2016-01-23

Allen Ginsberg: Amhrán

 
Sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis!

Song


The weight of the world
is love.
Under the burden
of solitude,
under the burden
of dissatisfaction

the weight,
the weight we carry
is love.

Who can deny?
In dreams
it touches
the body,
in thought
constructs
a miracle,
in imagination
anguishes
till born
in human—

looks out of the heart
burning with purity-
for the burden of life
is love,
but we carry the weight
wearily,
and so must rest
in the arms of love
at last,
must rest in the arms
of love.

No rest
without love,
no sleep
without dreams
of love—
be mad or chill
obsessed with angels
or machines,
the final wish
is love
—cannot be bitter,
cannot deny,
cannot withhold
if denied:

the weight is too heavy

—must give
for no return
as thought
is given
in solitude
in all the excellence
of its excess.

The warm bodies
shine together
in the darkness,
the hand moves
to the center
of the flesh,
the skin trembles
in happiness
and the soul comes
joyful to the eye—

yes, yes,
that's what
I wanted,
I always wanted,
I always wanted,
to return
to the body
where I was born.
 

~ Allen Ginsberg ~

(Collected Poems 1947-1980)

Amhrán


Meáchan an domhain
is ea an grá
faoi eire
an aonarachais,
faoi eire
na míshástachta

an meáchan,
an meáchan a iompraímid
is ea an grá.

An féidir é a shéanadh?
Beireann sé
ar an gcolainn
i dtaibhrimh,
cruthaíonn
míorúilt
san aigne,
é cráite
sa tsamhlaíocht
go saolaítear
ina dhuine é –

Féachann amach ón gcroí
is é ar lasadh le híonghlaineacht –
mar is é meáchan an tsaoil é
an grá,
ach is trom
 le hiompar é,
mar sin is gá scíth a ligean
i mbaclainn an ghrá
sa deireadh,
scíth a ligean i mbaclainn
an ghrá.

Níl scíth ann
gan ghrá,
níl suan ann
gan taibhreamh
ar an ngrá –
le gealaigh nó go sámh
gafa le haingil
nó le hinnill,
an ghuí dheiridh
ná an grá
-     ní féidir dó a bheith goirt,
ní féidir é a shéanadh,
ní féidir é a cheilt
má dhiúltaítear dó:

Tá an meáchan róthrom
is gá é a thabhairt
gan aisíoc
mar a thagann smaoineamh
san uaigneas
i bhfoirfeacht iomlán
thar cuimse.


Colainneacha teo
ag lonrú le chéile
sa dorchadas,
bogann lámh
go dtí lár
na colainne,
an craiceann ar crith
le háthas
agus nochtar an t-anam
go ríméadach don tsúil –


Sea, sea
b’in a bhí
uaim
b’in a bhí uaim riamh,
theastaigh uaim riamh
filleadh
ar an gcolainn
inar rugadh mé.

Sang


The wecht o the warl
is luve.
Aneath the haud-Doon
o aesomeness,
aneath the haud-doon
o deavance

the wecht,
the wecht we cairry's
luve.

Whae's tae doot it?
in drames
it tigs
the bodie,
in thocht
biggs
a meeracle,
in jalousin
drees
til born
a bodie -

leuks frae the hert
brennin wi purity -
fir the haud-doon o life
is luve,
bit cairryin the wecht's
no eith,
we maun rist
i the airms o luve
hinnerly,
maun rist i the airms
o luve.

Nae rist
wi'oot luve,
nae sloum
wi'oot drames
o luve -
be wud or shill
taen up wi angels
or machines,
the hinmaist wush's
luve
- cannae be soor,
cannae denee,
cannae withhald
if deneed:

it's ower wechty

- maun gie
fir nae retour
as thocht
is gien
in aesomeness
in aw the brawness
o'ts superplus.

The wairm bodies
blinter thegither
i the derkness,
the haun muives
tae the mids
o the flaish,
the skin trummles
wi blitheness
an the sowl cums
blithe tae the ee -

aye, aye,
yon's whit
a ayewis ettilt fir,
ayewis ettilt,
ayewis ettilt,
tae retour
tae the bodie
whaur a wis born.

John McDonald


2016-01-22

Ach sa chiúnas sin san aigne

But the silence in the mind


R. S. Thomas (1913 - 2000)

But the silence in the mind
is when we live best, within
listening distance of the silence
we call God. This is the deep
calling to deep of the psalm-
writer, the bottomless ocean.
We launch the armada of
our thoughts on, never arriving.

It is a presence, then,
whose margins are our margins;
that calls us out over our
own fathoms. What to do
but draw a little nearer to
such ubiquity by remaining still?

-- For Lovers of God Everywhere: Poems of the Christian Mystics, Roger Housden


Ach sa chiúnas sin san aigne
is fearr i bhfad sinn, i bhfoisceacht
go mbeannaí Dia dhuit den chiúnas sin
ar a dtugaimid Dia. Is é seo an duibheagán
ag glaoch ar an duibheagán mar do chan Dáiví,
an t-aigéan gan ghrinneall ar a seoltar
loingeas ár gcuid smaointe, gan dul i dtír.

Is láithreacht é mar sin
arb iad a chuid imeall ár n-imill féin;
a ghlaonn amach orainn os cionn
ár bhfeánna. Cad atá le déanamh
ach druidim níos cóngaraí
don uileláithreacht sin trí bheith ciúin



Bit the quate i the mynd


Bit the quate i the mynd's
whan we live it oor brawest, wi'in
hearkenin distance o the quate
we cry The Almichtie. this's the deepths
cryin tae the deepths o the saum-screeder,
the boddomless tide.
We lench the armada o oor thochts on,
nivver tae win at.

It's a presence, then,
whaes mairgins'r oor mairgins;
thit crys us oot ower wir
ain deepths. Whit tae dae
bit coorie narrer tae sic meesterie
bi bidein quate.

John McDonald

2016-01-21

TAGORE: Megher pore megh





Néal carntha ar néal, éiríonn sé dorcha.
A ghrá geal, cén fáth a bhfuilim ag feitheamh
lasmuigh den doras i m’aonar?

Le linn bhroid an mheán lae
i measc an phlóid a bhím, ach an lá gruama seo
ag tnúth leat féin amháin atáim.

Más ceilte orm do ghnúis
más caite mé i leataobh
conas a chuirfidh mé isteach
uaireanta fada seo na báistí?

Mé ag stánadh de shíor ar dhuairceas na spéire
gabhann mo chroí ar fán is ag caí
leis an ngaoth ghuagach

2016-01-20

Tá mo chroíse ag tnúth leat!

File: Antonio Machado
Cumadóir: Carlos Pedrell

Amada, el aura dice


Amada, el aura dice
tu pura veste blanca...
No te verán mis ojos;
¡mi corazón te aguarda!

El viento me ha traído
tu nombre en la mañana;
el eco de tus pasos
repite la montaña . . .
No te verán mis ojos;
¡mi corazón te aguarda!

En las sombrías torres
repican las campanas...
No te verán mis ojos;
¡mi corazón te aguarda!

Los golpes del martillo
dicen la negra caja;
y el sitio de la fosa,
los golpes de la azada...
No te verán mis ojos;
¡mi corazón te aguarda!

Tá mo chroíse ag tnúth leat!


A mhaoineach, fógraíonn an lá bán
do thaiséadach álainn úr . . .
Ní fheicfidh mo shúile thú;
tá mo chroíse ag tnúth leat!

Thug an ghaoth léi ar maidin
d’ainmse os na harda chugam,
macalla do choiscéime
ag clingeadh ar fud na bhfud . . .
Ní fheicfidh mo shúile thú;
tá mo chroíse ag tnúth leat!

Nach gruama atá an túr úd
is glór na gclog go dúr ann
Ní fheicfidh mo shúile thú;
tá mo chroíse ag tnúth leat!

Le buillí trom’ an chasúir
fógraítear do chónra dhubh
is le buillí trom’ na speile
fógraítear cá bhfuil an uaigh.
Ní fheicfidh mo shúile thú;
tá mo chroíse ag tnúth leat!

2016-01-19

John Glenday (Panhala)

Concerning the Atoms of the Soul


Someone explained once how the pieces of what we are
fall downwards at the same rate
as the Universe.
The atoms of us, falling towards the centre

of whatever everything is. And we don't see it.
We only sense their slight drag in the lifting hand.
That's what weight is, that communal process of falling.
Furthermore, these atoms carry hooks, like burrs,

hooks catching like hooks, like clinging to like,
that's what keeps us from becoming something else,
and why in early love, we sometimes
feel the tug of the heart snagging on another's heart.

Only the atoms of the soul are perfect spheres
with no means of holding on to the world
or perhaps no need for holding on,
and so they fall through our lives catching

against nothing, like perfect rain,
and in the end, he wrote, mix in that common well of light
at the centre of whatever the suspected
centre is, or might have been.

~ John Glenday ~

 (Soul Food: Nourishing Poems for Starved Minds, ed. by Neil Astley and Pamela Robertson-Pearce)


Maidir le hAdaimh an Anama

Mhínigh duine éigin uair éigin go dtiteann
na codanna dínn go léir ar an luas céanna
is a thiteann an Chruinne.
Na hadaimh dínn, ag titim i dtreo lár

Gach aon ní. Agus ní fheicimid é.
Ní bhraithimid ach tarraingt éigin sa lámh ardaithe.
Sin is meáchan ann, próiseas titime comónta.
Ar a bharr sin, iompraíonn na hadaimh sin crúcaí, nó leadáin,

Crúcaí ag breith ar a gcomhchrúcaí, aithníonn ciaróg,
agus murach iad a mhalairt a bheadh ionainn,
agus uaireanta i ngrá ár n-óige, braithimid
 tarraingt an chroí is é i bhfostú i gcroí eile.

Sféir gan cháim amháin iad adaimh an anama
gan slí ar bith acu chun greim a choinneáil ar an domhan
nó b’fhéidir nach gá dóibh é,
mar sin titeann siad trínar saol gan greamú

De rud ar bith, mar bháisteach íon,
agus sa deireadh, scríobh sé, meascann le tobar comónta
an tsolais i lár an ruda ar a dtugtar an lár
nó an lár sin a samhlaíodh a bheith ann.

2016-01-17

Haiku le Issa: ní fios bliain a chumtha

ceo brothaill -
fiaile á dreapadh
ag luichín fliuch

.陽炎や草の上行くぬれ鼠

kagerô ya kusa no ue yuku nure nezumi

2016-01-16

Francisco X. Alarcón R. I. P.

21 Feabhra 1954 – 15 Eanáir 2016
Cailleadh mo sheanchara, an file Chicano, Francisco X. Alarcón ar na mallaibh. Bhí an lámhscríbhinn iontach seo aige réidh le foilsiú:

Trost/Sólás

File: Gustav Falke (1853 – 1916)
Cumadóir: Max Reger

Trost

Still, still! 'S ist nur ein Traum,
'S geht alles vorbei,
Was es auch sei.
Spürest es kaum,
'S ist nur ein Hauch,
Wie du auch.

Sólás

Fuist, fuist! Brionglóid atá ann:
nach n-imeoidh gach ní!
cuma, cén bhrí.
Rud atá fann:
níl ann ach an dé
do nós féin

2016-01-15

Edouard Manet

Eduoard Manet
cór na camhaoire
ag teacht tríd an bhfuinneog -
féinmharú
dawn chorus
seeping in the window -
a suicide
暁の合唱
窓へ染み入り―
ある自殺

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
dawn chorus
sookin in the winnock -
sumyin's pit thirsel awa

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-01-14

Dán le Toon Tellegen

Ik mocht kiezen

Ik wist het niet.
Ik koos de vrede.

De waarheid en de schoonheid,
ik liet ze gaan,
en ook de wijsheid en de weemoed –
zelfs de liefde
die zo verwonderd naar mij keek,

zwarte wolken dreven met haar mee.

Vrede, het was vrede.
En in de verste hoeken van mijn ziel
dansten wezens
waarvan ik zelfs nog nooit had gehoord!

En in de hemel hing een andere zon.

Toon Tellegen

 Gedichten 1977 - 1999.

© Amsterdam, 2000.

Bhí rogha agam

Ní raibh a fhios agam.
Roghnaíos síocháin.

Fírinne is áilleacht,
scaoileas leo,
agus le gaois is gruaim –
le grá fiú
a d’fhéach orm le halltacht

is d’imigh néalta dorcha ina theannta.

Síocháin, bhí síocháin ann
agus ar imeall m’anama i gcéin
bhí neacha ag damhsa
nár chuala riamh trácht orthu!

Is bhí grian eile in airde sa spéir.

2016-01-13

Lobhar

chuir an ghrian
agus goirme na spéire

uaigneas ar an lobhar a d’ith leanbh
is an ghealach ag éirí os cionn na ngort eornan

is i gcaitheamh na hoíche ba chlos a bhrón
brón chomh dearg le bláth

Seo Jeong-ju (1915-2000)


2016-01-12

Smaoineamh an Lae

D’fhéadfadh an t-oibrí síoda nithe áille a dhéanamh, síoda breá lonrach. Nuair a chrochtar é i bhfuinneog Altman nó Macy nó Wanamaker, féachann sé go hálainn. Ach ní bheidh deis ag an oibrí síoda go deo oiread is slat amháin de a úsáid. An rud álainn sin a chruthú, in áit pléisiúr a thabhairt don oibrí síoda is crá croí síoraí di é.

Elizabeth Gurley Flynn


2016-01-11

Tangó an Fhile

John Ashbery

Ní léann éinne mé
Níl dóthain foilsithe agam
Tá mo shaotharsa go hiontach ar fad
       trí chéim ar dheis, cas
Ní scríobhann éinne léirmheasanna orm
Ní cheannaíonn éinne mo chuid leabhar
Dá scríobhfaí léirmheasanna orm bheadh clú orm
       trí chéim ar gcúl, cas,
Dá bhféadfainn a bheith ar an raidió
Nó ar an teilifís
Nó dá ndéanfadh duine éigin scannán fúm, ANSIN
       trí choiscéim bhreise ar dheis, cas
Cheannódh duine éigin mo chuid leabhar
Scríobhadh duine éigin léirmheas orm
Bheadh a fhios acu
       trí choiscéim ar gcúl, cas
Cé chomh hiontach is atá an aigne sin agam
Gur mórfhile atá ionam
Go mbeidh mo shaothar á leamh amach anseo ach
       trí chéim ar dheis, cas
ANOIS níl éinne do mo léamh
Scríobhfar leabhair mar gheall orm
Táim go hiontach ar fad
       trí chéim ar gcúl, cas
Beidh cáil ar m’iar-mhná céile
Beidh cáil ar mo chlann
Beidh solas ag teacht ó mo shinsir ina gcuid tuamaí ach
       trí chéim ar dheis, cas
Níl éinne do mo léamh i láthair na huaire
Conas nach féidir cáil a bheith orm agus mé fós beo
Deirimse leo: foilsím uaireanta faoin ainm “John Ashbery”
       trí chéim ar gcúl, cas


Jack Foley

2016-01-10

Haiku le Issa ón mbliain 1819

gé ag an ngeata
ina seasamh ar leathchois . . .
machnamh domhain

.門の雁片足立つて思案哉

kado no kari kata ashi tatte shian kana

2016-01-09

Liza Mo Stór agus Scéalta eile.

Tosóidh an tsraith ar an Luan 11 Eanáir 2016 ag 9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Seo a leanas príomhshonraí na gclár:

Clár 1  Luathbhorradh: ceirníní singil Gael-Linn 60í, 70í; Liza agus Clannad
Rannpháirtithe: Antoine Ó Coileáin, Pádraig Ó Dúgáin, Máire Ní Bhraonáin (Moya Brennan), Gearóid Ó Murchú, Rónán Mac Aodha Bhuí

Clár 2  1970í agus cumadóireacht nua Gaeltachta: Na Cloigne Folmha, Barry Ronan
Rannpháirtithe: Donncha Ó hÉallaithe, Tomás Mac Eoin, Tomás Mac Con Iomaire, Máirtín Mac Donncha, Barry Ronan

Clár 3 1970í – grúpaí Bhaile Átha Cliath Ty Bach & Na hUaisle; Ceol tíre agus John Beag (cuid 1)
Rannpháirtithe:  Gearóid Ó Murchú, Aodh Ó Domhnaill, Gabriel Rosenstock, John Beag Ó Flatharta.

Clár 4   Ceol Tíre Chonamara, Pléaráca Chonamara
Rannpháirtithe: John Beag Ó Flatharta, Ciarán Ó Fatharta, Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire, Donncha Ó hÉallaithe, Philip King

Clár 5  Ceirníní Singil Gael Linn 80-83 / Rac-cheol le Na Fíréin / Iriseoireacht agus Cumadóireacht / Ceol nua Kila. 
Rannpháirtithe: Philip King, Gearóid Ó Murchú, Ruaidhrí Ó Báille, Rónán Mac Aodha Bhuí, Rónán Ó Snodaigh

Clár 6  1980í - tuilleadh cumadóireachta nuálach; Aistriúcháin - SnaG 06, Ceol 06-10 / Raidió Rí Rá ’11- ‘13
Rannpháirtithe: Tadhg Mac Dhonnagáin, Máire Bhreatnach, Traic Ó Braonáin, Philip King

Clár 7  80í – 90í Cumadóirí éagsúla.
Rannpháirtithe: Seán Ó hÉanaigh / Malachy Duffin / Gearóid Ó Murchú

Clár 8  Comórtais agus cumadóireacht – Comórtas Pan Ceilteach, Comórtas Réalta RTÉ RnaG
Rannpháirtithe:  Seán Ó hÉanaigh / Clíodhna Ní Mhurchú / Seán Monaghan / Paul Ó Colmáin

Clár 9 Cumadóirí Comhaimseartha / An Bhreatain Bheag / Raidió na Life
Rannpháirtithe: Enda Reilly, Traic Ó Braonáin, Cian Mac Cárthaigh, Marcus Mac Conghail

Clár 10 Cumadóirí agus grúpaí ceoil: Bréag, Mo Hat Mo Gheansaí, Rís, Kila
Rannpháirtithe: Caoimhín Mac Giolla Chatháin, Oisín Walsh Peelo, Colm Ó Snodaigh, Breandán Ó hEadhra 

Clár 11 The Gaelic Hit Factory, Moya Brennan, Seo Linn, TG Lurgan
Rannpháirtithe: John Spillane, Máire Ní Bhraonáin (Moya Brennan), Stiofán Ó Fearghail, Mícheál Ó Foighil

Clár 12    Ardáin agus deiseanna do chumadóirí – Cabaret, Café Gorm, Club Sult &rl. / Tábhacht comórtas ar nós Slógadh, Réalta, Pan Ceilteach / Tábhacht na cumadóireachta, amhráin nua-chumtha agus popcheoil / Forbairt tionscal ceoil as Gaeilge / Ról na n-aistriúchán.

Rannpháirtithe: Rónán Mac Aodha Bhuí, Donncha Ó hÉallaithe, Antoine Ó Coileáin, Tadhg Mac Dhonnagáin, Colm Ó Snodaigh, Máirtín Mac Donnchadha, Ruaidhrí Ó Báille, Philip King, Seán Monaghan, Enda Reilly, Clíodhna Ní Mhurchú, Tomás Mac Eoin, John Spillane, Seán Ó hÉanaigh, Gabriel Rosenstock, Máire Bhreatnach, Cian Mac Cárthaigh, Aodh Ó Domhnaill, Breandán Ó hEadhra, Mícheál Ó Foighil.

Graifítí an Lae - Malcolm X


Níl ach slí amháin chun saoirse a fháil dúinn féin: sinn féin a shamhlú le gach pobal ar domhan atá faoi chois.
Malcolm X

2016-01-08

Gauguin

Gauguin
lá gréine in Martinique -
téann mongús sa tóir
ar nathair
sunny day in Martinique -
a mongoose goes in search
of a snake
マルチニクの好日
マングース行く
蛇さがし

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
sinny day in Martinique -
a mongoose reenges
fir a serpent

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-01-07

Ryback

Ryback
the betrothed -
what light is this
in which she glows?
tá sí luaite -
cén solas é seo
a lonraíonn sí ann?
許嫁
内なる光
何なりや?

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
the trystit -
whit's this licht
in whilk she leams?

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-01-06

Goðafoss

Íomhá Ron Rosenstock
weep
this is where the pagan gods
died
caoinigí
is anseo a cailleadh
déithe na bpágánach

Don Bhliain Nua

To the New Year

With what stillness at last
you appear in the valley
your first sunlight reaching down
to touch the tips of a few
high leaves that do not stir
as though they had not noticed
and did not know you at all
then the voice of a dove calls
from far away in itself
to the hush of the morning

so this is the sound of you
here and now whether or not
anyone hears it this is
where we have come with our age
our knowledge such as it is
and our hopes such as they are
invisible before us
untouched and still possible

W S Merwin

Don Bhliain Nua

Nach tostmhar mar a nochtann tú
sa deireadh thíos sa ghleann
an chéad gha gréine uait á shíneadh síos
chun bheith le barr na nduilleog ard
nach gcorraíonn puinn
faoi mar nár thugadar faic faoi ndeara
is gan aon chur amach acu ort
glaonn colm ansin
a ghuth ann i gcéin
chun ciúnas na maidine

sé seo mar sin do ghlór-sa
anois díreach pé acu an gcloistear
nó nach gcloistear é táimid tagtha
ár n-aois is ár n-eolas mar atá
agus ár ndóchas ar fad
os ár gcomhair amach dofheicthe
acmhainn nach bhfuiltear fós i ngleic léi

Gabriel Rosenstock

Tae the New Year

Wae whit quate it lang'n last
ye kythe i the glen
yer furst sinlicht raxes doon
tae tig the taps o a pickle
heich leaves thit dinnae steer
as tho they hidnae taen tent
an didnae ken ye ava
syne the vice o a doo croons
frae the deepths o'ts sel
tae the lown o the mornin

sae this's the soond o ye
here'n nou whither or no
oniebodie hearkens tae't
here's whaur we've cum tae wi aw oor eild
an aw oor lear sic as it is
an oor howps sic as they are
unveesible afore us
untuichit an aye possible

John McDonald

2016-01-03

September

File: Hermann Hesse
Cumadóir: Richard Strauss
Der Garten trauert,
kühl sinkt in die Blumen der Regen.
Der Sommer schauert
still seinem Ende entgegen.

Golden tropft Blatt um Blatt
nieder vom hohen Akazienbaum.
Sommer lächelt erstaunt und matt
in den sterbenden Gartentraum.

Lange noch bei den Rosen
bleibt er stehen, sehnt sich nach Ruh.
Langsam tut er die großen
müdgewordnen Augen zu.

Meán Fómhair

An gairdín ag caí,
Fuar insna blátha an bháisteach.
An samhradh ar crith
Mar ní bheidh sé ann amárach

Braonta óir ón gcrann ard
Duilleog anuas ar na duilleoga.
Iontas ar an samhradh sámh
Is gearr go mbeidh gach ní ómra.

Seasann taobh leis an róisín
Tamall eile, santaíonn sé scíth.
Dúntar na súile móra,
Tá siad traochta, dúnann siad.

2016-01-01

Haiku le Issa ón mbliain 1795

Lá Caille
mé fós ar an aistear seo -
dochreidte


.元日やさらに旅宿とおもほへず
ganjitsu ya sara ni ryoshuku to omohoezu

Jukulsurlon

Ron Rosenstock
ar lá an luain
an dtiocfaidh leá orthu?
ár bpeacaí reoite
on the last day
all our frozen sins
will they melt into nothingness?
最後の日
凍りし罪は
無になるや


Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
on the hinmaist day
aw oor jeelt sins'll
mizzle tae naethinness

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
en el día final
nuestros pecados hielo
¿nada se harán?

Leagan Spáinnise: Francisco X. Alarcón