2016-10-30

Guthanna

Amarjit Chandan


Cloisim guthanna:
Deir mo mháthar rud éigin agus scairteann amach ag gáire.
Tocht i nglór m’athar nuair a labhrann sé.
Clúmh ag teacht ar m’aghaidh.
Buaileann clog. An scoil thart.
Phógas arís í.
An traein go Nakodar* ag imeacht.
Is é seo guth Baba Bhag Singh** is é ar cuairt chugainn.
Osclaíonn geata an phríosúin.
Mo mhaicín leath-thachta is é ag diúl a mháthar.
Caitheann taistealaithe bláthanna is cnónna cócó sa mhuir.
Níl ach glór amháin in easnamh
An glór a shantaím.


*Nakodar: baile dúchais an fhile sa Phuinseaib

**Baba Bhag Singh: Réabhlóidí Puinseábach

 

© 1995, Amarjit Chandan

as: Jarhan

Foilsitheoir: Aesthetic Publications, Ludhiana, 1995


Aiste iontach anseo mar gheall ar Chandan:
http://amarjitchandan.tripod.com/identity.pdf

2016-10-29

Maidin ar Bith

Any Morning


Just lying on the couch and being happy.
Only humming a little, the quiet sound in the head.
Trouble is busy elsewhere at the moment, it has
so much to do in the world.

People who might judge are mostly asleep; they can't
monitor you all the time, and sometimes they forget.
When dawn flows over the hedge you can
get up and act busy.

Little corners like this, pieces of Heaven
left lying around, can be picked up and saved.
People won't even see that you have them,
they are so light and easy to hide.

Later in the day you can act like the others.
You can shake your head. You can frown.

~ William Stafford ~

(The Way It Is)

Maidin ar Bith


I mo luí ar an tolg ar mo sháimhín suilt.
Ag portaireacht beagán, glór ciúin sa cheann.
Trioblóidí gnóthach in áit eile faoi láthair,
tá a ndóthain le déanamh acu i ndomhnach.

Is ina gcodladh is mó atá an lucht breithiúnais: ní thig leo
monatóireacht sheasta a dhéanamh ort. Dearúdann siad uaireanta.
Nuair a shnámhann an chamhaoir thar an bhfál
éirigh is cuir cruth ort féin.

Prochóga beaga mar seo, píosaí Neimhe
ina luí thart, is fuirist iad a phiocadh suas is a choigilt.
Ní thabharfaidh daoine faoi ndeara iad,
táid chomh héadrom sin is fuirist iad a cheilt.

Féadann tú a bheith ar nós cách ar ball.
do cheann a chroitheadh. Muc ar gach mala.

ONIE MORNIN


Juist liggin on the sofa quite joco.
Anely bummin a wee, the quate soond i the heid.
Fasherie's thrang ithergates the nou,
its got owermuckle tae dae i the warl.

Fowk whae micht jeedge'r maistly doverin; they cannae
chack ye aw the tyme, sumtymes they foryet.
Whan daw fleets ower the hedge ye can heave up
an act eydently.

Peerie neuks lik this, bitties o Heiven
quat tae ligg aroon, can be gaithert an hained.
Folk wullnae e'en ken ye hae thaim,
thay'r sae licht an no ill tae dern.

Later on ye can act lik the ithers.
Ye can shak yer heid, ye can glower.

Leagan Béarla na hAlban :John McDonald

2016-10-27

Haiku le Issa ón mbliain 1813

sicín bacach
ag tarraingt na gcos  . . .
lá fada

 .鶏やちんば引々日の長き


niwatori ya chinba hiki-hiki hi no nagaki


Is treise dúchas ná oiliúint, a deirtear. An bhá a léiríonn Issa leis an gcircín leonta, an raibh an bhá sin ann ó dhúchas nó ar fhoghlaim sé an tsuáilce sin ó theagasc an Bhúda? Is dóigh le daoine áirithe go bhfuil an chomhbhá (nó atrua) lárnach i gcúrsaí haiku:

http://www.charterforcompassion.org/index.php/compassion-haiku


Tá go leor de haiku an Bhéarla ar na saolta seo gan a bheith atruach i gceart; fágann san nach bhfuil iontu ach breosla don ego nuair is a mhalairt ghlan is cóir a bheith ann.

2016-10-26

Colún Nelson (1966)


Colún Nelson (1966)


Phléasc an tIRA Colún Nelson
is fágadh le stumpa sinn
shiva lingam
thána i lár na hoíche
le bláthanna, bainne, uisce íon,
rís is duilleoga
chun pianta fíochmhara na hImpireachta a mhaolú
 

Nelson’s Pillar (1966)


The IRA blew up Nelson’s Pillar
we were left with a stump
a shiva lingam
I came in the middle of the night
with flowers, milk, pure water,
rice and leaves
to ease the savage pain of Empire

2016-10-25

Méarloirg

breathnú ar ghrianghraif
de do shinsir
céad bliain ó shin


ar nós breathnú
ar do mhéarloirg
féin -

    ciorcail
    is línte
    nach bhfuil tú in ann
    a aithint

go dtí go dtagann duine eile
le súil stróinséara
féachann go grinn agus deir
sin tusa

Joseph Bruchac

2016-10-24

Graifítí an Lae

Tugtar an ollphéist is fuaire de na hollphéisteanna fuara go léir ar an stát. Is fuar a chuid bréag chomh maith; agus sleamhnaíonn an bhréag seo as a bhéal: "Mise an stát, mise an pobal."

Nietzsche

2016-10-14

TICÉAD

le Geet Chaturvedi


Le polaitíocht duine eile a bhainimse.
Bainimse le haidhm folaigh duine eile.
Trí mé bheith ann, an té a dhéanann a leas siúd
Sé m’aimhleas é.

Ainm duine eile
Atá ormsa.

Níor chuireas-sa isteach
Ar shaoránacht Ifrinn
Cuireadh anseo mé
Ar thicéad duine eile.

 

© 2015, Geet Chaturvedi
as: Nyoontam Main
Foilsitheoir: Rajkamal Prakashan, New Delhi, 2015

2016-10-12

Cív, An Úcráin, Aibreán 1980

le Dilip Chitre


Tá sé go léir measctha suas: Vladimir, Yaroslav,
Creatlacha na manach sa séipéal faoi thalamh,
Na Tartaraigh, na Cosacaigh, na Gearmánaigh, na Stailínigh, lucht ár linne féin,
An droichead ar an Dnieper, leac oighir is greallach ar an tsráid.
Gruaig órga, súile gorma, an cóta mór
Seanmhná ag ceannach aráin, an t-eagarthóir sotalach,
An criticeoir buartha, an file stuama.



  As: Shesha: Selected Marathi Poems (1954–2008)
Foilsitheoir: Poetrywala, Mumbai

2016-10-11

Haiku le Issa ón mbliain 1804

fearthainn fómhair -
an seilide
ar mo chuma féinig

秋雨や我にひとしきかたつぶり
akisame ya ware ni hitoshiki katatsuburi

2016-10-10

Grianghraf díom féin nach bhfaca mé cheana

Chaitheas cúpla bliain i gColáiste Rinn Mhic Gormain sular chaitheadar amach mé. Tá teacht le chéile 50 bliain le bheith ag mo chomh-sheansaighdiúirí agus chuir duine díobh grianghraf chugam nach bhfaca mé cheana.
 Spreag sé an haiku seo:

grianghraf díom féin mar dhéagóir
ní aithním mé féin
níor aithníos riamh

2016-10-09

Tanka

an gcloiseann tú riamh gliogar i do chluasa
n'fheadar cad tá ann
ní imeoidh sé
    b'fhéidir nach faic é
    cumha i ndiaidh na Mánna Serengeti
ever get a ringing in your ears
i don't know what it is
it won't go away
    it may be nothing
    a longing for the Serengeti Plains
ivver git a dirlin i the lugs
a dinnae ken whit is't
it'll no gie ower
    aiblins it's naethin
    a greenin fir the Serengeti Plats

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-10-08

Dá Ghrá Geal

Dá Ghrá Geal

Ivor Gurney


D'imigh sé: lenár bpleananna
   Níl bun ná barr.
Ní shiúlfar níos mó ar Cotswold
   Caoirigh ag iníor
   Go ciúin gan aird.

 An cholainn lúfar
   Ní mar b'eol duitse í
Ar an tSevern
    Faoin ngorm-spéir
    Is ár mbáidín ag gearradh tríthi.
   
Ní aithneofá anois é . . .
   Ach ba uasal é a bhás
Mar sin clúdaigh é
   Go bródúil le sailchuacha a d'fhás
   Corcra ar an mbruach glas.

Clúdaigh, clúdaigh go luath é!
   Agus ceil go dlúth
Le bláthanna na cuimhne
   An rud fliuch rua
   A chaithfidh mé a dhearúd.
   

To His Love

Ivor Gurney

He's gone, and all our plans
   Are useless indeed.
We'll walk no more on Cotswold
   Where the sheep feed
   Quietly and take no heed.

His body that was so quick
   Is not as you
Knew it, on Severn river
   Under the blue
   Driving our small boat through.

You would not know him now ...
   But still he died
Nobly, so cover him over
   With violets of pride
   Purple from Severn side.

Cover him, cover him soon!
   And with thick-set
Masses of memoried flowers—
   Hide that red wet
   Thing I must somehow forget.
  
  

ΣΤΗΝ ΑΓΑΠΗ ΤΟΥ


Έφυγε, και όλα τα σχέδιά μας
Στα αλήθεια άχρηστα είναι.
Δεν θα περπατήσουμε πια στο Kότσγουολντ
Όπου τα πρόβατα τρώνε
Ήσυχα και αμέριμνα.

Το σώμα του που ήταν τόσο γρήγορο
Δεν είναι όπως
Το ήξερες, στον ποταμό Σέβερν
Κάτω από το γαλάζιο του ουρανού
Οδηγώντας τη μικρή μας βάρκα.

Δεν θα τον αναγνώριζες τώρα...
Και όμως πέθανε
Με αξιοπρέπεια, για αυτό σκεπάστε τον
Με υπηρήφανες βιολέτες
Μωβ από τη μεριά του Σέβερν.

Σκεπάστε τον, σκεπάστε τον γρήγορα!
Και με γενναίες
Αγκαλιές ενθύμια λουλούδια --
Κρύψτε αυτό το καταματωμένο
Πλάσμα που πρέπει κάπως να ξεχάσω.

Leagan Gréigise Sarah Thilykou