2017-01-27

Amrutal

Bhreacadh Amrutal* síos a chuid dánta
I ndúch glas, uaireanta dearg,
É an-chúramach, lámhscríbhneoireacht néata,
Ina dhialann de chumhdach leathair
Thagadh tromluí uafásach air anois is arís
Gur cailleadh sa phlá é
Nár foilsíodh a chuid dánta
I ndiaidh a bháis
Nár thángthas orthu fiú

Ach bhí saol fada ag Amrutal
(Cara liom ab ea é)
Le linn dó a bheith beo
Chonaic sé a bhailiúchán dánta i gcló
Chonaic sé ag dul in aois é chomh maith
Is ag fáil bháis
 

 Udayan Thakker

 [*ainm duine a chiallaíonn ‘Neamhbhásmhar’ sa Ghúisearáitis.