2017-01-20

Cur Síos ar Phléisiúr Úma, Kumarasambhavam


Na ceachtanna suirí a mhúin Síve di
ar chuir Párvaití eolas orthu sa leaba,
tugadh ar ais dó iad le grástúlacht mná óige
mar bhronntanas a thabharfá do ghúrú.

A lámha fíneálta ar crith le pian
nuair a scaoileadh an liopa íochtair gortaithe,
d’fhuaraigh Párvaití láithreach é le fuaraíocht
chorrán na gealaí a chaitheann Síve ina dhlaoithe.

Agus, nuair a phóg sé a cuid gruaige, má fuair Síve
púdar sa tsúil ar a chlár éadain,
chuir sé cumhracht anáil Párvaití leis,
chomh milis le boladh na loiteoige á hoscailt.

Mar sin, an Tiarna a bhfuil an Tarbh mar Mheirge aige
thug sásamh do Dhia an Ghrá trína shlí a leanúint
is na céadfaí a shásamh, mhair ar feadh míosa
i dteannta Úma i bpálás Ráiseá na mBeann.

Sliocht as eipic le Kālidāsa.