2017-01-08

Ní hann don uimhir sin.



Pé áit dá dtéimse nó pé uimhir a nglaoimse uirthi
Cloisim guth strainséartha ar an dtaobh eile á rá
Ní hann don uimhir sin yeh number maujood nahin hai
Ní rófhada ó shin ó bhí daoine ann
A déarfadh: cinnte, aithnímid thú
Tá slí ann duit sa chruinne seo

Ach ní hann don uimhir sin níos mó is seanuimhir í
Is beag duine atá fágtha sna háiteanna sin
A n-osclaítí doirse ar chloisint coiscéimeanna dóibh
Caithfear cloigín a bhualadh anois agus fanacht go himníoch
Agus má nochtann duine sa deireadh
Seans go bhfuil athrú tagtha air
Nó déarfadh sé ní mise an té a ndéantá comhrá leis
Ní hí seo an uimhir a thugadh éisteacht do do bhuairt.
Pé áit dá dtéim tá uimhreacha mapaí aghaidheanna athraithe is cosúil
Luíonn sean-dialanna go dearóil i ngáitéir
A n-ainmneacha ag dul i léig go mall san uisce
Tá fáil ar níos mo uimhreacha anois ná riamh is gan sreanga ar bith
Ach comhrá de shaghas eile ar siúl acu
Gnó amháin, idirbhearta, guthanna díol is ceannach ar nós strainséirí
Pé áit dá dtéim diailímse uimhir go géar
Agus lorgaím an guth a deireadh tráth
Tá an doras ar leathadh, féadann tú fanacht anseo
Buail isteach gan chúis uair ar bith sa chruinne.