2017-01-03

Smaoineamh an Lae

Bhíodar in ann an daonlathas díreach a chur i bhfeidhm san Aithin. Is é is brí le daonlathas díreach ná seo: ní thoghtar ionadaithe - mar conas d'fhéadfadh duine amháin ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na milliún? Ní féidir. Cé atá in ann ionadaíocht a dhéanamh domsa? Mé féin amháin, níl éinne eile in ann é a dhéanamh. An té atá ag déanamh ionadaíochta do na milliúin, is ag déanamh ionadaíochta dó féin amháin atá sé. Táthar ag cur an dubh ina gheal ort. Bréag is ea an daonlathas indíreach. Bhí an daonlathas díreach acu san Aithin - gan teachta ná ionadaí acu. Bhailíodar muintir na hAithine go léir má bhí fadhb acu le plé; chruinníodar na saoránaigh agus chaitheadar vóta go díreach ar gach ceist ar leith, a lámh á n-ardú acu ar son nó in aghaidh; is mar sin a bhí acu . . . Níl gá le páirtithe polaitíochta ach amháin sa daonlathas indíreach. Sa daonlathas díreach, tá smaointe dá chuid féin ag gach éinne agus tá sé neamhspleách, tá sé in ann ionadaíocht a dhéanamh dó féin, vóta a chaitheamh dó féin, a chuid smaointe a chur ar aghaidh agus a mhíniú don phobal.

Osho