2017-02-02

Iarsmaí


Potaí, boinn airgid, séalaí, codanna de dhealbha déithe gan ainm;
Bró, teallach faoi charn úire;
Uirlisí maola a thochail an chré tráth;
Cúpla arm a úsáideadh, seans, in aghaidh ainmhithe allta.
An é sin m’oidhreachtsa mar sin?
An imeoidh sí nuair a bhogfaidh an cine daonna ar aghaidh?

Is fada ina luí é an dusta a d’ardaigh an marcshlua ríoga.
Duine i ndiaidh a chéile, filí is staraithe, ceannairí an chultúir
San uaigh chiúin. Cad i gcomhair anois iad na dathanna corcra
Is an línéadach mín, na háilleagáin is breá leis na mná?
Earraí mar sin ní thabharfaidh na ceannaithe leo níos mó;
Is fearr leo airm mharfacha a thrádáil.

An t-eitleán féin, chomh mear le tintreach, is beag an chabhair í;
Is leithne ná riamh anois í an bhearna
Idir áit an mhargaidh i nDeilí agus Lahore.
Conairí an ghrá, ídithe atá; séideann deannach gach áit.
Dorn cré sin a bhfuil fágtha de chónraí tíoránach
Ach ghabh a n-anam isteach i gcolainn eile,
Lána i ndiaidh lána, marfóirí amuigh lena gcuid tóirsí.
Monarchana gáis nimhe is gunnaí, fanann ina ndúiseacht amhail leannáin.
Na fir óga dhathúla go léir is iad báite sa bhféinsásamh
Agus na mná is a ngabhal ar leathadh mar leithreas.
Ní mó dúinn fanacht beo,
An deoch nimhe a ól go huair ár mbáis.
Seo, tugaimis óráid do na gadhair, cuirimis fáilte roimh phréacháin.
 

Akhtarul Iman