2017-06-23

Cead


Ar oileán Divar
uisce báistí
sa phúitse plaisteach
os cionn an ghlais
a dhúnann an t-áitreabh go daingean

cloigne fiosracha
na mbrobh féir
tríd an ngeata miotail

dhá bhumbóg
ina gcuar tríd an gclós cúirte
agus buíon seangán
ar fud scoilteanna an chabhsa
is a mhósáic breac le caonach

tarraingíonn damhán alla dearg
téada an phúca
ón ngeata miotail
go dtí tor monsúin

féileacán liathghorm
a sciatháin á n-oscailt is a ndúnadh aige
ar imeall an chláir

a gheallann
go mbeidh droch-chríoch
ar éinne a thagann isteach
gan chead

Salil Chaturvedi