2017-07-13

Guairneán Gaoithe

Tar éis dom folcadh a ghlacadh
chuimlíos mé féin
le cumhracht na ngort glas.
Ligeas fead is láithreach
léim ba isteach
tríd an bhfuinneog,
gile ghrian na maidine
ar a n-adharca;

léim buabhaill isteach,
slim sleamhain
ó uiscí an locha,
bréantas éisc;

léim gabhair isteach,
bhí bóithríní uaigneacha
imill lábacha na mbealaí móra,
páirceanna tréigthe
agus cleití péacóige
ina gcuid súl;

léimeas féin isteach,
guairneán gaoithe ar fud an tí.

Ravji Patel