2017-07-12

Lá Amháin, Ar Nós Gregor Samsa

Lá amháin, ar nós Gregor Samsa, ar maidin  .. .
Féach, féach an claochló atá tagtha ar do shaol,
ar an domhan. Á,
ar shíl tú go deo go bhféadfadh sé tarlú,
go dtarlódh sé!
Ar shíl tú riamh go scaoilfí
naisc saoil chomh héasca, chomh simplí sin!

Féach anois chomh héadrom is atá idir chos is lámh,
leáigh na heasnacha is iad chomh bog le cadás,
mar pháipéar caol tanaí iad na matáin,
b'fhuirist iad a stróiceadh.
      Sáigh anois mé
       ní dhoirfí braon fola.

Um thráthnóna, scuabfaidh an glantóir páirtaimseartha
an fheithid mharbh
sa bhosca bruscair.

Nabaneeta Deb Sen