2017-07-11

Uair an Choráiste

Ar thaobh na láimhe deise dár gcnoc
Tá tobar
ag glioscarnach, ag cur thar maoil.
Chlúdaigh samhradh na bliana anuraidh é
Le bláthanna glasa an mhangó.
Mealladh lao ann
Thit isteach is bádh é.
Ó shin i leith
Níor ól éinne
As an dtobar sin.
Téimse ag snámh ann istoíche
Mar ghadaí.
Cuachaim mo lámha is ólaim
Ach ní mhúchtar an tart
Ní shásaítear an grá.
I nduibheagán an tobair
Tá scáthanna tnúthánacha ag feitheamh
Leis na maighdeana a chroch
Rópa ar an tairne
Ach nár tháinig riamh ar ais ag triall ar uisce.
Bíonn duibheagán an tobair ag súil
Le huair an choráiste
Nuair a shínfidh mo lámha amach
I bhfianaise cách
Chun deoch a ól.

Padma Sachdev