2018-02-01

Do Dhia na Tine ina Chapall

Ní dhéanann do shúile dearmaid.
Tá radharc na gréine ag do shúile.
Máirseálann do chuid smaointe go huafar istoíche
Solas iontu ag drithliú agus briseann
Tine ód' scornach is tú ag seitreach sa chath.

I bhforaois thaitneamhach a rugadh an tine
Maireann an tine seo faoi eacstais áit éigin san oíche.

Miodóg tine í a mháirseáil
A cholainn ollmhór
A bhéal ag oscailt is ag dúnadh
    is an domhan á chogaint aige
Faobhar tua a theanga á luascadh aige
An t-adhmad amh a leagann sé
    á bhruithniú is á scagadh aige.

É ullamh chun scaoilte agus feistíonn saighead le sreang
An solas á líomhadh ina fhaobhar géar ar an gcruach
Imíonn tríd an oíche le gluaiseachtaí gasta éagsúla
A cheathrúna lán de luail.
          Is éan é a shocraíonn síos ar chrann.

[An India]