2018-08-20

Samhlaigh


Samhlaigh gan aon neamh ann

Lámhscríbhinn Imagine de chuid John Lennon

Ní deacair é ‘shamhlú
Gan ifreann thíos fúinn
Gan ach spéir os ár gcionn
Samhlaigh gach aon duine
Beo ó lá go lá

Samhlaigh gan aon tíortha ann
Is féidir é ‘shamhlú
Gan reiligiún ar bith ann
Is gan éinne le marú
Samhlaigh gach aon duine
Faoi shuaimhneas is faoi shó

Aislingeach mé id’ thuairim
Ach ní eisceacht mé ar ndóigh
Táim ag tnúth led’ chomhluadar
Is ní bheidh cogadh ann níos mó

Samhlaigh gan aon mhaoin ann
An féidir é ‘shamhlú
Gan saint ar bith ná ocras
An bráithreachas go dlúth
Samhlaigh gach aon duine
’Seasamh taobh le taobh

Aislingeach mé id’ thuairim
Ach ní eisceacht mé ar ndóigh
Táim ag tnúth led’ chomhluadar
Is ní bheidh cogadh ann níos mó