2018-08-16

TÁ AN SAOL IMITHE LEIS

Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn
Sé bláth na hóige é an dóchas
Deirfiúr an tosta í an chuimhne
Arraing na fírinne – deora
Is páistí mar chór na réaltaí
Peitil ina n-ainm cois leapa
Is an bhrionglóid mar mhonabhar ón rós inné

Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn
An eagla mar mhasc ar an réasún
Is bréag í an tsaoirse gan onóir
Síocháin mar lasair againn ’nár lámh’
An duine mar dhuilleog na sailí
An grá mar chogar na gaoithe
Is na gairdíní ’roinntear, nílid leo féin

Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn
Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn