2018-10-21

CÓNAÍMID i bhFORMHUIREÁINÍN BUÍ


Rugadh mé fadó fadó
is is cuimhin liom duine amháin
agus d'inis sé a scéal
faoina shaol i bhfomhuireán

Agus sheolamar faoin ngréin
glas a bhí na farragí
cónaí orainn thíos fo thoinn
inár bhfomhuireáinín buí

Cónaimid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí
Cónaímid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí

Tá ár gcairde linn ar bord
Is tá comharsana ann ar ndóigh
Tá an banna ag déanamh ceoil

Cónaimid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí
Cónaímid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí

Lánluas ar aghaidh, a bhósain ghroí, lánluas ar aghaidh
Gearr an cábla! Scaoil an cábla,
aidhe, aidhe, sir, aidhe aidhe
Captaen! Captaen!

Táimid ar ár saimhín só - [sáimhín só]
Gach aon duine againn - [gach aon duine againn] -
go han-mhaith as - [go han-mhaith as]
Gorm an spéir, [gorm an spéir],
glas-fharraigí, [glas-fharraigí]
Inár bhfomhuir- [inár bhfomhuir] - áinín - áinín - á há!

Cónaimid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí
Cónaímid i bhfomhuireáinín buí
Fomhuireáinín buí fomhuireáinín buí