2018-10-10

Graifítí an Lae

Éirí amach laistigh den tsochaí chun feabhas beag a chur uirthi, roinnt leasuithe
a chur i gcrích, tá sé sin ar nós éirí amach na bpríosúnach chun feabhas a chur ar an saol laistigh de bhallaí an phríosúin; ní réabhlóid atá ansin ach ceannairc. An léir duit an difríocht eatarthu? Is ionann éirí amach laistigh den tsochaí agus ceannairc na bpríosúnach a bhfuil bia níos fearr uathu agus a dteastaíonn uathu go gcaithfí níos fearr leo sa phríosún; ach an t-éirí amach a tharlaíonn de bharr tuisceana, sin duine ag imeacht ón tsochaí agus réabhlóid chruthaitheach is ea é sin.

J. Krishnamurti