2018-10-08

Graifítí an Lae

Iarracht is ea an t-ainrialachas chun fáil réidh le gach saghas forlámhais. Cuimsíonn sé sin ní hamháin na foirmeacha follasacha ar nós an náisiúnstáit a bhaineann leas as foréigean agus fórsa an dlí ar bhonn rialta, agus an chorparáid lena neamhfhreagracht institiúidithe, ach foirmeacha inmheánaithe chomh maith, mar shampla patrarcacht, ciníochas, homafóibe. Anuas air sin, iarracht is ea an t-ainrialachas chun breathnú ar na gnéithe sin dár saol a nglactar leo, mar chuid den chruinne, féachaint an bhfuil forlámhas acusan, leis, orainn nó an éascaíonn siad an forlámhas atá againne ar dhaoine eile.

John Zerzan