2018-11-13

Haiku le Issa: agus roinnt nótaí

Léiríonn an haiku seo thíos meon ar leith, meon an mháistir haiku. Dá reofaí an ola sa lampa orainn, bheimis curtha amach mar gheall air. Conas a bhraitheann Issa?

 

うつくしく油の氷る燈かな

utsukshiku
abura no kôru
tomoshi kana
nach álainn!
an ola féin reoite
sa lampa

Codarsnacht a chruthaíonn soicind beag drámata go minic sa haiku; sa sampla thíos is é an gort ag lonrú faoi dhrúcht é agus ansin, préachán dubh ina lár!

白露にざぶとふみ込む烏哉

shiratsuyu ni
zabu to fumikomu
karasu kana
   
gort drúchta
gan choinne tumann
préachán ann


Tagann thuas agus thíos, neamh agus an domhan seo, le chéile sa haiku:
 

うつくしや障子の穴の天の川

utsukushi ya
shôji no ana no
ama no kawa
   
nach álainn!
bealach na bó finne
trí pholl sa chuirtín
 
Is iontach go deo cé chomh ceanúil ar 'sakura', bláthanna silíní, is atá na Seapánaigh, Issa san áireamh:

 

一夜さに櫻はさゝらほさら哉

hito yo sa ni
sakura wa sasara
hosara kana
   
na bláthanna silíní
thar oíche a d’imigh
imithe ar fad!


Iad a bheith chomh gearrshaolach sin a dhéanann álainn iad, ar ndóigh. Cuid de dhisciplín an haiku (faoi anáil an Bhúdachais) is ea é gan mór is fiú a dhéanamh d'aon ní ná díot féin:

féileacán ag eitilt
níl ionamsa leis
ach cáithnín deannaigh

蝶とんで我身も塵のたぐひ哉

chō tonde
wa ga mi mo chiri no
tagui kana

Ní thugtar breith sa haiku, déantar cur síos ar nithe mar atá, gan pápaireacht ná seanmóireacht a dhéanamh:

陽炎や新吉原の晝の體

kagerō ya
shin yoshiwara no
hiru no tei
 
ceo brothaill
i lár an lae . . .
ceantar na soilse dearga


Bímidne san Iarthar cráite ciaptha go minic ag an gceist, ‘Cad is brí leis?’ agus tá ár gcóras oideachais truaillithe ar fad ag an dearcadh sin. Cad is brí le rós? Cad is brí le solas na gealaí? Cad is brí le hoinniún?
 

葱買て枯木の中を歸りけり

negi kaute
karegi no naka o
kaerikeri

tá na hoinniúin ceannaithe aici...
abhaile léi
trí na crainn loma


Cad is brí le coinneal? Tá brí le gach aon ní i saol an haiku agus áit ann, leis, don rud nach bhfuil aon bhrí leis.
 

手燭して色失へる黄菊哉

teshokushite
iro ushinaeru
kigiku kana

a ndath á chailliúint acu
faoi sholas coinnle
criosantamaim bhuí
 
Tá gach aon ní gaolta lena chéile, ar shlí, agus ó am go a chéile tugann haiku mar a bheadh léargas pictiúrtha dúinn air sin:
 

 

鹿寒し角も身に添ふ枯木哉

shika samushi
tsuno mo mi ni sou
kareki kana

fuacht ar na fianna
is tá a mbeanna ag teacht
leis na crainn loma


Agus ar ndóigh is cuid den nádúr mórthimpeall orainn sinne leis, cuid de ríocht na n-ainmhithe. Radharc nach bhfeictear go minic na laethanta seo:
 

しら露やさつ男の胸毛ぬるゝほど

shira tsuyu ya
satsuo no munage
nururu hodo
ucht an tsealgaire
drúcht fuar ag sileadh
dá chlúmh