2018-11-21

Haiku le Issa ón mbliain 1818


Sa bhliain 1818,

  • Rugadh an tImpire Norton a hAon, físí.
  • Rugadh an file Cúbach, Pedro Figuerdo
  • Rugadh Thomas Mayne Reid, úrscéalaí Gael-Mheiriceánach
  • Rugadh Karl Marx, fealsamh Gearmánach
  • Rugadh Charles Gounod, cumadóir Francach
  • Rugadh Emily Bronte, scríbhneoir Gael-Shasanach
  • Rugadh Ivan Turgenev, scríbhneoir Rúiseach
  • Bunaíodh  "The Irish society for promoting the scriptural education and religious instruction of the Irish-speaking population chiefly through the medium of their own language"
  • Cailleadh Timothy Murphy, naoscaire
  • Cailleadh Cormac Common, file agus scéalaí faoina ndúradh: "Though his utterance is materially injured by dental loss, and though his voice is impaired by age yet he continues to practice his profession . . . . It is probable that where he was once admired, he is now only endured."
  • Cailleadh Patrick Lynch, scoláire
  • Cailleadh Risteárd Mac Uileagóid. scríbhneoir agus ball de na hÉireannaigh Aontaithe
  • Rugadh Domhnall Mac Cába, faoina ndúradh, " He had personally been working up to his 78th year in the cause of the old tongue and meant to continue working while he lived"
  • Rugadh Tarlach Mac Suibhne, píobaire, faoinar scríobhadh, "Suíonn sé ina chathaoir chomh díreach le ridire ar dhroim eich agus féachann a shúile dubha dána ar an uile dhuine chomh neamheaglach is a dhéanfadh Oscar mac Oisín".
  • Agus sa bhliain 1818, chum Issa an haiku seo:


lúbann an corrán gealaí . . .
fuacht an gheimhridh
ar ais