2018-11-20

In ainm bhriochtaí an tadhaill, is an radhairc, na crúbála, na héisteachta is an ghrá, scairtimid ar chumhachtaí an chosmais chun ár gcuid deasghnátha a chosaint in ainm Shéas, in ainm Anúbais, dia na marbh, in ainm na ndaoine sin go léir a maraíodh mar nár thuigeadar, in ainm na saighdiúirí go léir i Vítneam a maraíodh de dheasca droch-karma, in ainm Aifraidíté a rugadh san fharraige, in ainm Mhagna Mater, an Mháthair Mhór, in ainm Dhinísis, Sagreus, Íosa, Iáivé, an té nach féidir a ainmniú, croí-chuspóireacht thine na Sóróstarach, in ainm Hermes, in ainm Ghob Shoc, in ainm na scairibe, in ainm an Tyrone Power Pound Cake Society sa Spéir, in ainm Rá, Óisíris, Hórais, Neiptea, Ísíse, in ainm na cruinne beo ar snámh, in ainm bhéal na habhann, glaoimid ar an spiorad chun an Peinteagán a ardú óna chinniúint is é a chaomhnú.

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

SIAR CHUN AN DORCHADAIS LIBH, A SHEARBHÓNTAÍ SHÁTAIN,

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH

AMACH, A DHEAMHANA, AMACH . . .
 
(féach scéal anseo)