2019-02-28

Dán le File Sanscraite Gan Ainm

Drúcht ar an mbambú,
Níos fionnuaire ná drúcht ar an mbambú
Leath-leiceann liom le do bhrollach.

Clais na nathracha glasa is na nathracha dubha
B’fhearr liom a bheith sa chlais sin
Ná a bheith i ngrá leatsa.

2019-02-27

Mac le Máthair

Má éiríonn tú rómhór leis na cailíní
Triomóidh do chluasa ort, a dúraís.
Má bhíonn tú dána,
Dallfaidh Dia thú, a dúraís.
Nuair a bhínnse do do chrá chun greim a fháil,
Ní bheadh sé go maith do do bholg, a dúraís.
Fuaireas-sa thú, a dúraís, mar mhalairt
Ar dhorn bran.
Paca bréag a d’inis tú, a Mham
Is mé an-óg!
Cén fáth ar stop tú?
An é gur shíl tú
Go seasfadh an fhírinne liom?
B’fhéidir gur shíl tú nár bhain bréaga
Do dhaoine fásta leat
Is d’fhág tú faoin rialtas
Rialú de réir an dlí.
Ní maith liom é.
Bain den chíoch mé, a Mham, uair ar bith is mian leat
Ach cothaigh led’ bhréaga mé
Go deo na ndeor.
Níl grá agat dom, an bhfuil?

le  Gnanakoothan (1938-2016)


2019-02-26

Lándorchú


An Cogadh Indiach-Phacastánach: 1965


Ó múchadh na soilse orainn
tá slí chun féachana á lorg agam;
chailleas mo shúile, ag Dia amháin atá fhios cén áit.

Tusa a bhfuil aithne agat orm, abair liom cé mé,
cé atá ina chara, cé atá ina namhaid.
Scaoileadh abhainn dhúnmharfach
i mo chuid féitheacha, an fuath inti ag cuisliú.

Bí foighneach; tiocfaidh splanc thintrí
ó aird eile i gcéin mar lámh bhán
Mhaois is mo shúile aici, na diamaint a chuaigh amú.

Faiz Ahmed Faiz


2019-02-25

Péire Spéaclaí

Is le spéaclaí
Os comhair mo shúl agus ar mo shrón
A chímse an domhan.

Tá gá agamsa le spéaclaí
Chun mo chomharsa a fheiscint, an fear níocháin is fear an phoist
Chun Radha agus Krishna a fheiscint is iad ag siúl síos an bóthar
Nó chun Radha a fheiscint mar Radha
Is Krishna mar Krishna.

Doras is ea na spéaclaí
Trína labhraímse le stróinséir, le haoi
Agus le cara.
Is tríd an ngloine a labhraím
Le páistí, bláthanna
Agus le Dia.

Spéaclaí le haghaidh m’aislingí
An suantraí
An focal nár labhradh
an t-amhrán nár canadh
Spéaclaí
Spéaclaí dom féinig

Ní raibh spéaclaí ormsa
Is mé im’ chailín óg.
Bíonn spéaclaí i gcónaí ar fhir mhóra.
Is daoine iontacha iad lucht caite spéaclaí.
Gandhi na dtéacsleabhar
An múinteoir matamaitice agus a chána
Agus fear an phoist, Appunni.
Nó, dá ndéarfainn é,
Laistiar de gach péire spéaclaí a bhaintear –
Tá fear mór.

Ní raibh spéaclaí ormsa is me im’ chailín óg.
Ar nós naomhluan
Na ndéithe is na bhfáithe
Ar nós phláitín maol an scoláire
Nó urbholg an toicí,
Tá spéaclaí leis ormsa
Inniu.

le Savithri Rajeevan

2019-02-24

Rugadh le haghaidh filíochta mé

Rugadh le haghaidh filíochta mé
Sé mo ghnósa é dánta maithe a dhéanamh.
Is mar sin a bhainfidh mé amach an trá thall.
Ón bhfilíocht a thagann gach rath.
Tá an bás cloíte agam
Agus sáród an tseanaois.

Má fhaigheann daoine locht ar mo chuid filíochta,
M’oide féin nó Dia na bhFeart, troidfead
Ina n-aghaidh is beidh an bua agam.

Chellapilla Venkata Sastri

2019-02-23

coire fhionn lochan

slaparnach na dtonnán
briseadh na dtonnán
leathnú na dtonnán
díomhaointeas na dtonnán

lapadaíl na dtonnán
síothlú na dtonnán
cruinniú na dtonnán
borradh na dtonnán

crith na dtonnán
damhsa na dtonnán
sos na dtonnán
claon na dtonnán

léim na dtonnán
scriobláil na dtonnán
portaireacht na dtonnán
glioscarnach na dtonnán

preab na dtonnán
fánaíocht na dtonnán
rith na dtonnán
splais na dtonnán

Thomas A. Clark

2019-02-22

Beannacht

Tá dia a dhéanann freastal
ar chúinní folmha in áiteanna poiblí
na spásanna sin nach dtaithíonn éinne
na bearnaí idir foirgnimh
an stráice uaigneach
ina dtagann dhá bhóthar le chéile
is nach bhfanann éinne ann.

Beannaigh sinn sna háiteanna folmha sin
áit a gcaitheadh bean óg
grabhróga chun na gcearc –
tá a garmhac ag dul in aois anois
agus cónaí air in Albain Nua
áit a dtarraingíodh fear óg
feamainn go dtí gort na bprátaí.

Beannaigh sinn san áit sin
nach gcloistear a n-amhrán san
ná amhrán a gcuid comharsan
cé go mbogann an ghaoth fós
tríd an gceannbhán is an luachair,
thar aghaidh bheag na néalfartaí.

Beannaigh leis sinn sna háiteanna iargúlta sin
agus dearmad déanta ar chonairí iontu
uirlisí iontu nach n-aithnítear ar a n-úsáid
ainmneacha imithe gan filleadh go deo


Angus Dunn

2019-02-21

An Chloch Ghorm

Lonraíonn an chloch ghorm ar m’fháinne le tart domhúchta.
Is eagal liom gur lá mar seo a bheidh i lá mo bháis.
Mar i bhfad ó shin, bhí feallmharfóir agat
mar namhaid; maireann tú id’ rós agus dealga
thart timpeall ort. Agus mise, im’ litir a chuaigh amú,
tagtha go dtí an seoladh mícheart.

Binoy Majumdar

2019-02-20

Líonpheil

Ba chuma má mheas mo mháthair go rabhas mar rud éigin
a chuirfí ag fás i seomra dorcha nó gan mo chuid spéaclaí
go rabhas ar nós scallamáin (is spotaí ar sceabha in áit na súl)
a bhí tar éis titim as nead. Bhí an méid sin go léir ann ach ba chuma
sa sioc mar bhíos tar éis teacht ar líonpheil is ansin ní raibh ann ach
báine dhoiléir ceithre phéire dhéag de stocaí bána, deich bpónaí, an tsiosarnach leictreach is imirt foirne ann agus a ghealann seomra dorcha
gan díon, gan síleáil gan falla ar bith agus fonsaí ar foluain
ar nós dhá om ar crith.

Cheryl Follon

2019-02-19

Na hAonaráin

Na hAonaráin


An broc meidhreach ar a shlí
Istoíche,
Is mise leis i mbun spraoi
Choíche.

Fág ár ngnó
Is ár gcúram fúinn,
Ní lorgaímid níos mó.
Lig dúinn.
 

The Solitaries


The merry badger keeps his way
Nocturnally,
And I go merry to my play
Even as he.

Minding our own business
Tending our own,
We are no more than this.
Leave us alone. 


 

2019-02-18

Muintir Magadh

Tá cnámha na marbh á sórtáil
ag muintir Magadh

Cad iad cnámha Ashoka
is Chandragupta?
Ní hea mhuise
ní le Bimbisara iad sin
is le hAjatashatru iad,
arsa muintir Magadh
agus deora leo

Tá sé nádúrtha

iad siúd a chonaic fear éigin fad ba bheo dó
iad siúd amháin
a fheicfidh marbh é
iad siúd nach bhfaca beo é
conas d’fheicfidís marbh é?

Díreach inné
chonaic muintir Magadh
Ashoka ar a bhealach
go Kalinga
ag teacht abhaile ó Kalinga
Chabdragupta ag marcaíocht go Takshashila
deora
le Bimbisara
Ajatashtru
is a chuid matán á n-aclú aige

Bhíodar feicthe
ag muintir Magadh
agus ní dhéanfaidh siad
dearmad go bhfacadar
iad siúd

nach bhfuil teacht orthu
níos mó

Shrikant Verma

2019-02-17

Maidin Fhómhair

An mhaidin sin ba mhílítheach í a haghaidh agus ba bhrónach é glór na gaoithe mar a bheadh macalla ó gholtraí á canadh ag duine is é suite i bpluais dhorcha. Níor labhair mé siolla léi ná ise liomsa mar bhíomar beirt ar aon fhocal nach ceart do bheirt bhan a bhí i ngrá labhairt lena chéile go deo má bhí an mhaidin go dona. Sheasas-sa cois fuinneoige tamall agus mé i mo thost, na tonnta breaca agam á gcomhaireamh agus ise ina suí go ciúin ar an tolg, ceol á bhaint aici as sreanga briste.

Hijab Imtiaz Ali

2019-02-16

Dlúite Lem’ Leannán

coc-a-dúdal-dú arsa an coileach   leis sin
léim mo chroí saonta   chrith le heagla
dlúite lem’ leannán   gualainn le gualainn
an maidneachan mar chlaíomh   ár scaradh óna chéile

Allur Nanmullayar

2019-02-15

ár sinsir/ our ancestors

níl aon ní
nach eol dóibh...
ár sinsir
nothing
is unknown to them...
our ancestors
τίποτε άγνωστο
για αυτούς δεν υπάρχει...
οι πρόγονοί μας

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-02-14

Hugh MacDiarmid

Is tearc é líon na ndaoine atá in ann comhriachtain a dhéanamh i gceart; is teirce fós é líon na ndaoine atá in ann scríobh.

Hugh MacDiarmid

2019-02-13

Haiku le Issa on mbliain 1811

cloistear leis
clog na marbh...
gort ceobhránach

.死鐘と聞さへのらのかすみ哉

shini kane to kiku sae nora no kasumi kana


2019-02-12

Roinnt dánta leis an bhfile Airgintíneach Alejandra Pizarnik (1936 -1972)

Alejandra Pizarnik (1936 - 1972): Tógadh le Spáinnis agus Giúdais í agus d'fhoilsigh sí trí chnuasach filíochta fad is a bhí sí i mbun staidéir in Ollscoil Buenos Aires. Ina dhiaidh sin chaith sí blianta i bPáras. Ní raibh sí ach sna tríochaidí nuair a chuir sí lámh ina bás féin.

LOS TRABAJOS Y LAS NOCHES  (1965)

POEMA

Dán


Roghnaíonn tusa ball an chréachta
Áit a dtugaimid guth dár mbailbhe.
Dem’ shaolsa déanann tusa
an deasghnáth seo ró-íon.

REVELACIONES

Nochtadh

Led’ thaobhsa istoíche
déantar noda, eochracha de bhriathra.
Dúil sa bhás ina rí.
Go raibh do cholainnse ina spás ionúin go deo
dár nochtadh.

EN TU ANIVERSARIO

Comóradh

Glac le mo ghnúis-se, balbh is impíoch.
Glac leis an ngrá seo atá á éileamh agam.
Glac leis an gcuid seo díomsa is tusa ann.

DESTRUCCIONES

Milleadh

  . . . póga seachas cúiseanna

Quevedo

Ceil an briatharchath seo orm
agus ceansaigh fíoch cholainn seo na ndúl.

AMANTES

Leannáin

bláth
       nach bhfuil rófhada ón oíche
       osclaíonn
   mo cholainn bhalbh
do phráinn mhín an drúchta

QUIEN ALUMBRA

An té a shoilsíonn an ród

Nuair a fhéachann tú orm
is eochracha iad mo shúile,
i bhfolach sa bhalla tá rúin
agus iompraíonn m’eagla briathra, dánta.
Tusa amháin atá in ann mo chuimhnese
a iompú ina taistealaí faoi dhraíocht,
tine gan traochadh.

ENCUENTRO

Teagmháil

Gabhann duine éigin isteach sa chiúnas is tréigtear mé.
Ní leis féin atá an t-uaigneas níos mó.
Ar nós na hoíche a labhrann tú.
Tú féin á fhógairt mar thart.

EL OLVIDO

Díchuimhne

D’fhéadfadh grá a bheith ann
ar imeall eile na hoíche
    tabhair ann mé
tabhair chun na maitheasaí milse mé
a chailltear gach lá id’ chuimhnese

NOMBRARTE

Tú a ainmniú

Ní hé an dán faoi do neamhláithreacht é,
níl ann ach líníocht, scoilt sa bhalla,
rud éigin ar an ngaoth, blas searbh.

LOS TRABAJOS Y LAS NOCHES

Saothar agus Oícheanta

chun go mbeadh an tart ina shuaitheantas agam
chun an t-aon aisling amháin a léiriú
chun nach ligfinn arís don ghrá mé a chothú
deineadh díom an ofráil iomlán
fánaíocht gan cháim
an mhic tíre sna coillte
ar oíche na gcolainneacha
d’fhonn an briathar glan a rá
 

SENTIDO DE SU AUSENCIA

Éagmais agus brí    

má tá de mhisneach agam
bheith i m’fhinné agus labhairt amach
is toisc a scáil siúd
bheith fite chomh fíneáilte sin
i m’ainmse
i bhfad i gcéin
faoin mbáisteach
im’ chuimhnese
toisc a haghaidh
a bheith á dó im’ dhán
cumhracht na gnúise sin
atá in easnamh á hiompar aici
go hálainn

MADRUGADA

Breacadh an lae

Nocht is ag taibhreamh faoi oíche ghréine.
Luíos-sa trí laethanta ainmhíocha.
Mé scriosta ag an ngaoth is ag an mbáisteach
mar a mhúchfaí tine, mar a scriosfaí dán
ar bhalla.

EN UN LUGAR PARSA HUIRSE

In áit chun éalú uait féin

Spás. Feitheamh fada fuar.
Ní thagann éinne. An scáil seo.
Tabhair di a dtugann gach éinne di:
bríonna atá stuama
seachas lán d’iontas.
Spás. Tost loiscneach.
Cad a thugann scáileanna dá chéile?

EL CORAZÓN DE LO QUE EXISTE

Croí an ruda atá ann

ná tabhair ar láimh mé
   a mheán oíche an fhíor-uaignis
do bháine thruaillithe an mheán lae

LAS GRANDES PALABRAS

Na briathra móra

níl an t-am i láthair fós ann
ní bheidh go deo
níl an t-am i láthair fós ann
anois choíche
ná go deo

SILENCIOS

Tostanna

An bás de shíor le m’ais.
Éistim lena bhfuil á rá aige.
Mé féin amháin a chloisim.

PIEDO EL SILENCIO

Lorgaím tost

. . . can, a arraing liom

Cervantes


cé go bhfuil sé déanach, ina oíche,
is níl tú in ann.
Can faoi mar nár tharla faic.
Níor tharla faic.

FIESTA

Cóisir

Tá mo scéal féin mar dhílleachta leagtha amach agam
ar an mbord mar mhapa.
Tá treoracha abhaile sceitseáilte agam
ar an ngaoth.
Tagann cuairteoirí ach ní fheiceann siad mé.

Ní hann dóibh siúd a bhfuilimse ag súil leo.
Agus tá biotáille bhuile ólta agam
d’fhonn a n-aghaidh a athrú
ina n-aingil, ina ngloiní folmha.

DESMEMORIA

Nuair a chailltear an chuimhne

Cé go bhfuil an guth (is na miseanna ar tharla
longbhriseadh dóibh á gcaitheamh ar ais ag an díchuimhne)
i gceannas ar ghairdín reoite
níl aon mhise díobh nach gcuimhníonn
ar na cúiseanna a bhí leis an díchuimhne.

COMUNICACIONES

Teachtaireachtaí

Tá cuid de m’aghaidh is dem’ lámha
creimthe ag an ngaoth.
Thugtaí aingeal na hainnise orm.
D’fhanas ag feitheamh.

SOMBRA A LOS DÍAS A VENIR

Scáil na laethanta atá chugainn

do Ivonne A. Bordelois

Amárach
gléasfar mé i luaithreach le haghaidh na camhaoire,
líonfar mo bhéal le bláthanna.
Foghlaimeod an suan
laistigh den chuimhne atá ag balla,


anáil ainmhí
atá ag taibhreamh.
                  

DEL OTRO LADO

Ón dtaobh eile

Blianta agus nóiméid ag luí lena chéile.
Maisc ghlasa faoin mbáisteach.
Séipéal le gloine dhaite ghraosta.
Méarlorg gorm ar an mballa.
Níl aon chur amach agam air.
Ní aithním é.
Dorchadas. Tost.

CREPÚSCULO

Contráth

Clúdaíonn an scáil na peitil sheachtracha
Scuabann an ghaoth léi gothaí scoir na nduilleog
An mhuir choimhthíoch, atá curtha ina tost anois faoi dhó
laistigh de shamhradh ar díol trua é de dheasca na soilse
Tnúthán anseo
Cuimhne ansiúd

MORADAS

Áiteanna cónaithe

                                do Théodore Fraenkel

I lámh righin an duine mhairbh,
i gcuimhne na geilte,
i gcumha an linbh,
i lámh an té a lorgaíonn gloine,
i ngloine atá as raon láimhe,
sa tart síoraí.

EXTRACCIÓN DE LA PIEDRA

DE LOCURA (1968)

A mi madre



VÉRTIGOS O CONTEMPLACIÓN
DE ALGO QUE TERMINA

Meadhrán nó machnamh ar nithe
a bhfuil críoch i ndán dóibh

Cailleann an líológ seo a cuid duilleog.
Ag titim aisti féin atá sí
agus ag dul i bhfolach ina scáth ársa féin.
Nithe den sórt sin a chuirfidh deireadh liomsa.

LINTERNA SORDA

Laindéar bodhar

    Osna uathu siúd atá as láthair agus tá an oíche dlúth. Dath
na hoíche dath fhabhraí na marbh.
    An oíche á cruthú agam an oíche go léir. An oíche go léir ag scríobh. Focal
ar fhocal, an oíche á scríobh agam.


PRIVILEGIO

1.
Tá an t-ainm a tugadh orm caillte cheana féin.
a haghaidh ina fithis timpeall orm
ina fuaim uisce istoíche,
uiscí ag titim anuas ar uiscí.
A miongháire an ní deireanach a imíonn,
seachas an chuimhne.
 

II.
Gile na gile
oíche na scarúna,
tusa a shantaímse
is nach bhfillfidh orm choíche
i do scáil duit go lá an Luain.

EN LA OTRA MADRUGADA

An chamhaoir eile úd

   Ag teacht aníos chuig leibhéal na súl, fíoracha ina dtost, fíoracha i mbarr a gcéille. Guthanna
troma liatha ag glaoch amach ón mball ina mbíodh mo chroí.


2019-02-11

Graifítí an Lae

Trotsky | Netflix

The complex historical figure of Leon Trotsky comes to life in this epic biography that depicts the tumultuous life of the Russian revolutionary. Watch trailers & learn more.
Cuireadh tús le gach treocht nua san ealaín le héirí amach.

Trotsky

2019-02-10

smaoineamh an lae


Sean-Chreidmhigh na Rúise (rasol'niki) atá faoi láthair ag cur fúthu in Alberta, Ceanada, faoi scáil (dar leo) an Ainchríost, is é sin an stát nua-aimseartha, a bheag nó a mhór, is cás speisialta iad. Tá an-mheas go deo ag na Sean-Chreidmhigh ar vol'nost (saoirse). Go deimhin, chun a gcuid saoirse a chosaint, bogann na Sean-Chreidmhigh ó áit go háit, ar imeall an náisiúnstáit i gcónaí, go dtí go n-éiríonn an stát sin rócheannasach lena chuid rialúchán agus maorlathais...

[Neil Keating ina léirmheas ar Outwitting the State le Peter Shalnik].


2019-02-09

Smaoineamh an Lae

Le blianta fada tá leagan de mhiotas Dháiví agus Góla á chur i láthair ag Hollywood – á athnuachan ó shéasúr go séasúr, ach dála an Dr. Jekyll, tá claochlú ag teacht air, os comhair ár dhá súl. Sna tríochaidí, d’oir Mr. Smith Goes to Washington, scannán simplíoch de chuid Frank Capra, d’oir sé go seoigh do mheon an náisiúin agus dearbhú ann gur féidir leis an dea-dhuine aonair an bua a fháil ar an meaisín lofa. Thug an dearcadh dubh is bán sin misneach do náisiún a raibh dóchas is sólás uaidh go géar, náisiún a bhí gafa ag fórsaí nach raibh smacht aige orthu ná tuiscint aige dóibh.

Le fiche éigin bliain anuas, áfach, is minice ná a chéile an ‘laoch’ buach ina choirpeach, i scannáin ar nós The Great Train Robbery, Charlie Varrick, Thunderbolt and Lightfoot, The Getaway, Superfly, agus The Pursuit of D.B. Cooper.

 

Dáiví an lae inniu atá iontu san, smál orthu go léir, éan corr atá ag lorg rud éigin dó féin ó Ghóla, seachas an fathach a chloí – is léir nach féidir sin. Bíodh sé ina scannán nó ina leabhar, raghaidh scéal ar bith Dháiví is Góla i bhfeidhm ar náisiún de cheathrú billiúin duine, nach mór, atá gafa – an chuid is mó acu ar a laghad – i ngaiste sóisialta agus eacnamaíoch nach bhfuil aon éalú uaidh . . .

Ben Satterfield

2019-02-08

An Rún

Bláthaíonn tú chuile bhliain, a thamarain
Agus tagann na héin ghréine mar a tháinig fadó;
Tagann páistí aeracha gach lá, a thamarain
Ag rancás thart ort mar a dhein fadó;
Agus féach, gach uair sa lá
Le blianta anuas, mé ag feitheamh, a thamarain –
Ciúnas! Go dtí an deireadh atáim á rá;
Bhí sé sa chinniúint, a thamarain.
Tá an t-uabhar á chreimeadh, ar siad, a thamarain,
Is bhíodar gan trua, a thamarain;
Coinníonn tusa an rún anois, a thamarain.
Coinnigh é go nochtfar chuile rún,
Mar táimse anois ag dul chun suain, a thamarain,
Go gcloisfear an troimpéad ar fuaid na bhfuaid.

Joseph Furtado

                        

 The Secret

 Every year you blossom, tamarind,
And the sunbirds seek you as of old;
Every day gay children, tamarind,
Come to romp around you as of old;
And, lo, every hour of the day
All these years I’ve waited, tamarind –
Silence! silence to the last, I pray;
It was all so fated, tamarind.
Pride consumes him, said they, tamarind,
And no pity had they, tamarind;
You the secret keep now, tamarind,
Keep it till all secrets are made known,
For I go to sleep now, tamarind,
Till o’er all the trumpet’s blown.

2019-02-07

Aon Dath

Aon dath anois, aon dath, tusa is mise.
Féachaimse ort, a Phanduranga, féachaint amháin,
                                    ní hann duit, ní hann dom.

Síothlaíonn na paisin sin.

Is ann don cholainn..
Feonn an cholainn.

Is aon sinn, ní hann dom, ní hann duit.

Arsa Soyara: Cé a fheictear?
    Cé atá i mbun féachana?

Soyarabai


One Colour

One colour now, one colour, you and me.
I look at you, Panduranga, one look, no you, no me.

Those passions quieten.

The body is.

The body withers.

One now, no me, no you.

Soyara says: Who's being seen?
    Who's doing the seeing?

Soyarabai   

[Trans. Jerry Pinto & Neela Bhagwat]


2019-02-06

Sneachta arís

File ar nós leis
Dánta sneachta a scríobh
Chuaigh sé chun na hardchathrach i mbliana
Chun a chuid dánta sneachta a reic
Ní fios cathain a fhillfidh sé
Ar na cnoic
Mar go bhfuil sneachta ag titim arís,
Na bóithre folamh
Cosáin is cúinní lom.
Ag siúl na mbóithre is na gcosán céanna
A bhí siúlta ag an bhfile chun na machairí teo
Chuaigh dán amach á lorg
Aimsir an tsneachta i mbliana.

Jiwan Namdung


2019-02-05

Barnabaun, Mayo/ An Bhearna Bhán

Ron Rosenstock
faic ag tarlú
faic na ngrást...
an Bhearna Bhán
nothing happening
nothing at all...
Barnabaun
τίποτε να συμβεί
τίποτε απολύτως...
στο Μπεάρνα Μπαν

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-02-04

Issa: míniú ag teastáil

i measc na mblár láibe
is iad na mná is túisce
a éiríonn doiléir

the women first turn hazy over the tidal flats

Cad is brí leis sin?!
Theastódh Seapánach uait chun brí cheart a bhaint as an haiku sin:

onna kara saki e kasumuzo shiohigata

Deir Hiroaki Sato sa leabhar On Haiku (New Directions Books, 2018) gur ag spraoi leis an bhfocal deireanach sa haiku, shiohigata, atá Issa, focal a chiallaíonn " 'tidal flats', which readily invokes shiohigari, 'digging for clams'. In Japan, clamming became a popular recreational activity with women … Issa says women go farther out from the shore than men."
 
Is dócha go bhfuil haiku a scríobh ag Éireannaigh nach dtuigfeadh an gnáth-Seapánach- haiku nach dtuigfeadh an tÉireannach féin!

2019-02-03

Haiku le Issa on mbliain 1808

ó bharr ruball an phiasúin   an ghealach ar tí éirí

Is maith le daoine airithe haiku a scríobh in aon líne amháin: tar éis an tsaoil, is mar sin a scríobhtar sa tSeapáinis iad (síos seachas trasna an leathanaigh).
Nuair a scríobhaimse in aon líne amháin iad, is maith liom spás beag a fhágáil, sos anála, seachas na focail a bheith sa mhullach ar a cheile gan bhriseadh.
Déantar haiku a aithris faoi dhó sa tSeapáin:

ó bharr ruball an phiasúin   an ghealach ar tí eirí

Cad a tharla in Éirínn sa bhliain 1808? Leagadh cloch bhoinn Cholún Nelson!

2019-02-02

Sainaicme

Tá grá agat dom, an bhfuil?
Cé go mbaineann tú
le sainaicme eile
Ach an bhfuil fhios agat
nach gcréamann ár sinsir
na mairbh
san áit chéanna fiú.

Lal Singh Dil

2019-02-01

Tiarna an Sneachta

Youngho Kang
the difference
between snowflakes...
even the Lord of Snow cannot tell
an difríocht
idir na calóga...
Tiarna an tSneachta féin níl fhios aige