2019-02-12

Roinnt dánta leis an bhfile Airgintíneach Alejandra Pizarnik (1936 -1972)

Alejandra Pizarnik (1936 - 1972): Tógadh le Spáinnis agus Giúdais í agus d'fhoilsigh sí trí chnuasach filíochta fad is a bhí sí i mbun staidéir in Ollscoil Buenos Aires. Ina dhiaidh sin chaith sí blianta i bPáras. Ní raibh sí ach sna tríochaidí nuair a chuir sí lámh ina bás féin.

LOS TRABAJOS Y LAS NOCHES  (1965)

POEMA

Dán


Roghnaíonn tusa ball an chréachta
Áit a dtugaimid guth dár mbailbhe.
Dem’ shaolsa déanann tusa
an deasghnáth seo ró-íon.

REVELACIONES

Nochtadh

Led’ thaobhsa istoíche
déantar noda, eochracha de bhriathra.
Dúil sa bhás ina rí.
Go raibh do cholainnse ina spás ionúin go deo
dár nochtadh.

EN TU ANIVERSARIO

Comóradh

Glac le mo ghnúis-se, balbh is impíoch.
Glac leis an ngrá seo atá á éileamh agam.
Glac leis an gcuid seo díomsa is tusa ann.

DESTRUCCIONES

Milleadh

  . . . póga seachas cúiseanna

Quevedo

Ceil an briatharchath seo orm
agus ceansaigh fíoch cholainn seo na ndúl.

AMANTES

Leannáin

bláth
       nach bhfuil rófhada ón oíche
       osclaíonn
   mo cholainn bhalbh
do phráinn mhín an drúchta

QUIEN ALUMBRA

An té a shoilsíonn an ród

Nuair a fhéachann tú orm
is eochracha iad mo shúile,
i bhfolach sa bhalla tá rúin
agus iompraíonn m’eagla briathra, dánta.
Tusa amháin atá in ann mo chuimhnese
a iompú ina taistealaí faoi dhraíocht,
tine gan traochadh.

ENCUENTRO

Teagmháil

Gabhann duine éigin isteach sa chiúnas is tréigtear mé.
Ní leis féin atá an t-uaigneas níos mó.
Ar nós na hoíche a labhrann tú.
Tú féin á fhógairt mar thart.

EL OLVIDO

Díchuimhne

D’fhéadfadh grá a bheith ann
ar imeall eile na hoíche
    tabhair ann mé
tabhair chun na maitheasaí milse mé
a chailltear gach lá id’ chuimhnese

NOMBRARTE

Tú a ainmniú

Ní hé an dán faoi do neamhláithreacht é,
níl ann ach líníocht, scoilt sa bhalla,
rud éigin ar an ngaoth, blas searbh.

LOS TRABAJOS Y LAS NOCHES

Saothar agus Oícheanta

chun go mbeadh an tart ina shuaitheantas agam
chun an t-aon aisling amháin a léiriú
chun nach ligfinn arís don ghrá mé a chothú
deineadh díom an ofráil iomlán
fánaíocht gan cháim
an mhic tíre sna coillte
ar oíche na gcolainneacha
d’fhonn an briathar glan a rá
 

SENTIDO DE SU AUSENCIA

Éagmais agus brí    

má tá de mhisneach agam
bheith i m’fhinné agus labhairt amach
is toisc a scáil siúd
bheith fite chomh fíneáilte sin
i m’ainmse
i bhfad i gcéin
faoin mbáisteach
im’ chuimhnese
toisc a haghaidh
a bheith á dó im’ dhán
cumhracht na gnúise sin
atá in easnamh á hiompar aici
go hálainn

MADRUGADA

Breacadh an lae

Nocht is ag taibhreamh faoi oíche ghréine.
Luíos-sa trí laethanta ainmhíocha.
Mé scriosta ag an ngaoth is ag an mbáisteach
mar a mhúchfaí tine, mar a scriosfaí dán
ar bhalla.

EN UN LUGAR PARSA HUIRSE

In áit chun éalú uait féin

Spás. Feitheamh fada fuar.
Ní thagann éinne. An scáil seo.
Tabhair di a dtugann gach éinne di:
bríonna atá stuama
seachas lán d’iontas.
Spás. Tost loiscneach.
Cad a thugann scáileanna dá chéile?

EL CORAZÓN DE LO QUE EXISTE

Croí an ruda atá ann

ná tabhair ar láimh mé
   a mheán oíche an fhíor-uaignis
do bháine thruaillithe an mheán lae

LAS GRANDES PALABRAS

Na briathra móra

níl an t-am i láthair fós ann
ní bheidh go deo
níl an t-am i láthair fós ann
anois choíche
ná go deo

SILENCIOS

Tostanna

An bás de shíor le m’ais.
Éistim lena bhfuil á rá aige.
Mé féin amháin a chloisim.

PIEDO EL SILENCIO

Lorgaím tost

. . . can, a arraing liom

Cervantes


cé go bhfuil sé déanach, ina oíche,
is níl tú in ann.
Can faoi mar nár tharla faic.
Níor tharla faic.

FIESTA

Cóisir

Tá mo scéal féin mar dhílleachta leagtha amach agam
ar an mbord mar mhapa.
Tá treoracha abhaile sceitseáilte agam
ar an ngaoth.
Tagann cuairteoirí ach ní fheiceann siad mé.

Ní hann dóibh siúd a bhfuilimse ag súil leo.
Agus tá biotáille bhuile ólta agam
d’fhonn a n-aghaidh a athrú
ina n-aingil, ina ngloiní folmha.

DESMEMORIA

Nuair a chailltear an chuimhne

Cé go bhfuil an guth (is na miseanna ar tharla
longbhriseadh dóibh á gcaitheamh ar ais ag an díchuimhne)
i gceannas ar ghairdín reoite
níl aon mhise díobh nach gcuimhníonn
ar na cúiseanna a bhí leis an díchuimhne.

COMUNICACIONES

Teachtaireachtaí

Tá cuid de m’aghaidh is dem’ lámha
creimthe ag an ngaoth.
Thugtaí aingeal na hainnise orm.
D’fhanas ag feitheamh.

SOMBRA A LOS DÍAS A VENIR

Scáil na laethanta atá chugainn

do Ivonne A. Bordelois

Amárach
gléasfar mé i luaithreach le haghaidh na camhaoire,
líonfar mo bhéal le bláthanna.
Foghlaimeod an suan
laistigh den chuimhne atá ag balla,


anáil ainmhí
atá ag taibhreamh.
                  

DEL OTRO LADO

Ón dtaobh eile

Blianta agus nóiméid ag luí lena chéile.
Maisc ghlasa faoin mbáisteach.
Séipéal le gloine dhaite ghraosta.
Méarlorg gorm ar an mballa.
Níl aon chur amach agam air.
Ní aithním é.
Dorchadas. Tost.

CREPÚSCULO

Contráth

Clúdaíonn an scáil na peitil sheachtracha
Scuabann an ghaoth léi gothaí scoir na nduilleog
An mhuir choimhthíoch, atá curtha ina tost anois faoi dhó
laistigh de shamhradh ar díol trua é de dheasca na soilse
Tnúthán anseo
Cuimhne ansiúd

MORADAS

Áiteanna cónaithe

                                do Théodore Fraenkel

I lámh righin an duine mhairbh,
i gcuimhne na geilte,
i gcumha an linbh,
i lámh an té a lorgaíonn gloine,
i ngloine atá as raon láimhe,
sa tart síoraí.

EXTRACCIÓN DE LA PIEDRA

DE LOCURA (1968)

A mi madre



VÉRTIGOS O CONTEMPLACIÓN
DE ALGO QUE TERMINA

Meadhrán nó machnamh ar nithe
a bhfuil críoch i ndán dóibh

Cailleann an líológ seo a cuid duilleog.
Ag titim aisti féin atá sí
agus ag dul i bhfolach ina scáth ársa féin.
Nithe den sórt sin a chuirfidh deireadh liomsa.

LINTERNA SORDA

Laindéar bodhar

    Osna uathu siúd atá as láthair agus tá an oíche dlúth. Dath
na hoíche dath fhabhraí na marbh.
    An oíche á cruthú agam an oíche go léir. An oíche go léir ag scríobh. Focal
ar fhocal, an oíche á scríobh agam.


PRIVILEGIO

1.
Tá an t-ainm a tugadh orm caillte cheana féin.
a haghaidh ina fithis timpeall orm
ina fuaim uisce istoíche,
uiscí ag titim anuas ar uiscí.
A miongháire an ní deireanach a imíonn,
seachas an chuimhne.
 

II.
Gile na gile
oíche na scarúna,
tusa a shantaímse
is nach bhfillfidh orm choíche
i do scáil duit go lá an Luain.

EN LA OTRA MADRUGADA

An chamhaoir eile úd

   Ag teacht aníos chuig leibhéal na súl, fíoracha ina dtost, fíoracha i mbarr a gcéille. Guthanna
troma liatha ag glaoch amach ón mball ina mbíodh mo chroí.