2019-03-05

Éan Corr: Mionléirmheas le Gabriel Rosenstock



Bhain sé an-cháil amach sa bhliain 1986 leis an leabhar The Solitude of Ravens agus tá íomhánna as an leabhar sin agus saothar eile sa bhailiúchán grianghraf Masahisa Fukase, foilsithe ag Editions Xavier Barral, 416 leathanach, 160 íomhá, 7¾x10¼". 

Sa leabhar nua seo chomh maith tá na féinphortráidí clúiteacha agus é san fholcadán, portráidí de chait agus saothar eile nár foilsíodh cheana.
Ba sa bhliain 1975 a tharraing na fiacha dubha a aird agus é ar aistear traenach. Bhíodar ag eitilt, nó ar chuaillí teileagraif, iad leo féin nó le scata eile, iad ina scáileanna beo. 


Chaithfeadh sé deich mbliana sa tóir ar na scáileanna sin. Sa bhliain 1982, d’admhaigh sé ina dhialann go raibh sé féin iompaithe ina fhiach dubh!
Má ba fiach dubh é Fukase, éan gan sciatháin ab ea é: sa bhliain 1992 thit sé síos staighre i dtábhairne agus bheadh sé scór bliain i gcóma go dtí gur cailleadh é sa bhliain 2012. 


Spreag ceann de na fiacha dubha sin aige haiku dhá line uaimse:

colscaradh –
níl aon dul siar ann