2019-03-06

Sa Tóir ar Chéimseata

Sa tóir ar chéimseata an cur síos atá againn ón ngrianghrafadóir Sileach Sergio Larrain ar an bpróiseas ealaíne aige. I dtús na seascaidí a foilsíodh an leabhar seo an chéad lá.

“Nuair a bhreathnaím uaim,” a deir sé, “agus an ceamara i mo ghlac agam, is ag breathnú ionam féin atáim dáiríre, ag lorg pictiúr”. Agus tagann an pictiúr nuair a bhíonn an chéimseata i gceart.
Is sainmhíniú spéisiúil é sin ar ghairm an ghrianghrafadóra ealaíne agus bímis buíoch de Éditions Xavier Barral go bhfuil fáil arís ar an leabhar iontach seo, El Rectangulo En La Mano.

Deich mbliana nó mar sin a chaith Larrain i mbun grianghrafadóireachta – saol na sráideanna, scáileanna agus leanaí trí mhór-théama aige – agus ansin bhain sé sráidbhaile sléibhe amach agus chuaigh i mbun machnaimh agus peannaireachta.