2019-05-16

Arènes de Lutèce / Dán le Beckett


Arènes de Lutèce


Ón áit a bhfuilimid suite os cionn na suíochán fargán
feicim sinn ag teacht isteach ar thaobh Rue des Arènes
idir dhá chomhairle, féachann in airde is timpeall, ansin
siúlann go spadánta inár dtreona thar an ngaineamh dorcha,
ag éirí níos gránna is níos gránna, chomh gránna leis an gcuid eile,
ach balbh. Tagann gadhairín glas isteach
is í ag rith ó thaobh Rue Monge,
stadann sí, leanann é lena súile,
trasna na hairéine leis, téann as radharc
laistiar de sheastán Gabriel de Mortillet an Léinn.
Casann sí ar ais, táimse bailithe liom, siúd i m'aonar mé
ag spágáil suas an staighre ghairbh, teagmhaíonn mo lámh chlé
leis an rampa tuaithe, atá i gcoincréit. Moillíonn sí,
glacann coiscéim i dtreo bhéal an Rue Monge, is leanann ansin mé.
Crith orm, mise atá ag dul i gcomhar liom féin,
is leis na súile eile sin anois a bhreathnaím
ar an ngaineamh, na locháin faoin minfhearthainn,
girseach agus fonsa á tharraingt ina diaidh aici,
lánúin, leannáin cá bhfios, greim láimhe acu ar a chéile,
na suíocháin fargáin folamh, na foirgnimh arda, an spéir
a lonraíonn ródhéanach sinn.
Casaim siar is iontas orm
teacht ansin ar a ghnúis bhrónach.